Ceithre rud le faire amach dóibh i gcluiche na hÉireann i gcoinne na Rómáine

Tuirse ar na Rómánaigh, filleadh Cian Healy, Toner faoi bhrú agus stair na Rómáine. Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar chluiche na hÉireann tráthnóna inniu

Joe Schmidt 20/5//2014An mbeidh an Rómáin tagtha chucu féin i ndiaidh chluiche na Fraince

an t-ádh le hÉirinn sa chomórtas seo go bhfuil, ar a laghad, sé acu idir gach gach cluiche chun teacht chucu féin. Agus an rugbaí chomh crua ar an gcorp is atá, is mór an buntáiste é sin.

Ar an lámh eile, ní raibh ach trí dáiríre de bhriseadh ag imreoirí na Rómáine ó chaill siad i gcoinne na Fraince Dé Céadaoin. Is dúshlán mór é sin, go háirithe agus na Francaigh agus foireann Joe Schmidt ar na foirne is fisiciúla sa chomórtas.

Chuir an Rómáin scrúdú dian ar na Francaigh don chéad leathuair de chluiche na Céadaoine seo caite, iad fós ar comhscór 3-3, ach ghéill siad dhá úd ag deireadh an chéad leath.

Fuair na Francaigh deacair é na Rómánaigh a bhriseadh síos arís sa dara leath ach thuirsigh siad sa cheathrú uaire deireanach agus scóráladh trí úd eile. An bhféadfadh na Románaigh a bheith 100% trí i ndiaidh dóibh an méid sin oibre a chur isteach?

Imreoir na hÉireann, Cian Healy. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan
Imreoir na hÉireann, Cian Healy. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Cian Healy ag iarraidh a thréimhse díomhaointis a chur laistiar de

Is é an cluiche deireanach de Chraobh na Sé Náisiúin an t-aon chluiche atá tosaithe ag Cian Healy d’Éirinn i mbliana. Bliain ó shin, bhain drochghortú de theanntán na hioscaide aige agus cé gur fhill sé ar an bpáirc imeartha san earrach, bhí air dul faoi scian mar gheall ar ghortú muiníl ag tús an tsamhraidh.

Chonaic muid Healy ar ais i ngeansaí na hÉireann agus é tagtha isteach mar ionadaí i gcoinne Cheanada an deireadh seachtaine seo caite agus cé nár scóráil sé, beidh sé sásta go maith leis iarracht a chuir sé isteach agus go raibh a mhuineál in ann ag cuid de na buillí móra a thug sé d’imreoirí Cheanada.

Is céim eile chun cinn dó a bheidh i gcluiche an lae inniu, go háirithe agus na tosaithe móra atá ag an Rómáin. Ní bheidh sé chomh héasca céanna sa chlibirt is a bhí sa chéad chluiche ach sin é go díreach an cineál scrúdaithe atá ag teastáil ó Healy. Má na hÉireannaigh chun gaisce a dhéanamh i gCorn an Domhain, beidh Cian Healy ag teastáil agus é i mbarr a mhaitheasa.

Beidh ar Devin Toner cluiche maith a bheith aige. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan
Beidh ar Devin Toner cluiche maith a bheith aige. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Devin Toner ag troid ar son a áite san fhoireann

Ón lá a tháinig Joe Schmidt isteach mar bhainisteoir ar fhoireann na hÉireann, bhí Devin Toner i measc na n-imreoirí ab ansa leis. Ní an t-imreoir is nádurtha é an fear mór ach bíonn na bunscileanna i gceart i gcónaí aige agus is léir gurb é sin an rud is tábhachtaí do Schmidt.

Anois, áfach, seans go bhfuil áit Toner i mbaol don chéad uair. Tugadh an deis do Iain Henderson sa chéad chluiche i gcoinne Cheanada agus níl aon dabht ach gur thapaigh sé a dheis. Ainmníodh Johnny Sexton mar laoch na himeartha ach d’fhéadfaí cás a dhéanamh go raibh an gradam sin tuillte ag an Ultach, go háirithe mar gheall ar an oiread uaireanta a sciob sé seilbh na liathróide sa ghreamú. Ní hamháin sin ach fuair sé úd ag deireadh an chluiche.

Áit amháin, b’fhéidir, go bhfuil an buntáiste ag Toner seachas ag Henderson ná go bhfuil sé beagáinín níos láidre sa síneadh amach. Ar a shon sin, beidh ar Toner taispeántas láidir ildánach a thabhairt uaidh má ag iarraidh seilbh a choinneáil ar gheansaí uimhir a 5.

Gordon D'Arcy ag imirt in aghaidh na Rómáine i 1999. Pictiúr: INPHO/Patrick Bolger
Gordon D’Arcy ag imirt in aghaidh na Rómáine i 1999. Pictiúr: INPHO/Patrick Bolger

An bhfuil tada sa stair chun eagla a chur orainn?

Tá aghaidh tugtha ag Éire ar an Rómáin ocht n-uaire le 30 bliain anuas agus bua éasca ag na hÉireannaigh i ngach ceann acu. Ag Corn an Domhain Bhí a imríódh péire de na cluichí sin. Faoi cheannas Warren Gatland a bhí na hÉireannaigh nuair a bhuaigh siad 44-14 i mBóthar Lansdún i 1999 agus bhí bua 45-17 acu agus iad faoi Eddie O’Sullivan i gcomórtas na bliana 2003.

18 bpointe an farasbarr is lú a bhí ag na hÉireannaigh go dtí seo (53-35 an scór a bhí ann i gcluiche cáilithe do Chorn an Domhain). D’aimsigh na Rómánaigh cúig cinn d’úid an lá sin ach is beag seans go dtarlóidh a leithéid arís inniu.

Ar a shon sin, caithfidh imreoirí Joe Schmidt a bheith cúramach ag an am céanna. Chonaic muid ag Corn an Domhain i 2007 go mbíonn deacrachtaí anois agus arís ag Éirinn leis na foirne ‘beaga’ a chur de dhroim seoil. Bua ceithre phointe, 14-10, a bhí againn in aghaidh an tSeoirsia sa chomórtas sin.

Fág freagra ar 'Ceithre rud le faire amach dóibh i gcluiche na hÉireann i gcoinne na Rómáine'