Ceithre chlár faoi Ghaeltacht Thír Chonaill á maoiniú ag an ILBF

Beidh cláracha go leor faoi Ghaeltacht Thír Chonaill á léiriú i mbliana a bhuí leis an maoiniú atá fógartha le seachtain ag an gCiste Craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh

Ceithre chlár faoi Ghaeltacht Thír Chonaill á maoiniú ag an ILBF

Tá maoiniú curtha ar leataobh faoin gciste maoinithe do cheithre chlár nua a dhíreoidh ar ghnéithe éagsúla de Ghaeltacht Thír Chonaill.

Tabharfar léargas ar shaol na mbannaí fífeanna agus drumaí i bparóiste éagsúla i dTír Chonaill, agus ar na daoine a choinníonn na bannaí ag imeacht, sa chlár An Bhuíon Cheoil a bheidh á léiriú ag Imagine Media do TG4.

Faoin óstán Gaeltachta ‘An Shandon’ i nDún Fionnachaidh i bhfíorthuaisceart Ghaeltacht Thír Chonaill a bheidh clár eile a chraolfar ar TG4. Leanfaidh lucht an chláir faisnéise baill foirne agus aíonna an óstáin agus iad i mbun a ngnó san óstán.

Inseoidh Macha Media scéal an ealaíontóra Mheiriceánaigh Rockwell Kent (1882-1971) agus an bhaint a bhí aige le Gaeltacht Thír Chonaill ina gclár nua faisnéise  Ar Lorg Annie, clár faoi ealaín Kent, an grá ina shaol agus an Cogadh Fuar, a chraolfar ar an BBC.

Ealaíontóir eile a bheidh faoi chaibidil i gclár faisnéise Gaeilge ar ceadaíodh maoiniú dó inniu ná Patsy Dan Mac Ruairí, Rí Thoraí. Inseofar scéal a shaoil agus oidhreacht a réimis mar rí ar an oileán Gaeltachta sa chlár Rí Thoraí a chraolfar ar TG4 agus ar BBC Ni.

I measc na gclár eile a mhaoineofar ón gCiste, beidh Spiorad Thír Eoghain faoin 20 bliain is rathúla a bhí ag foireann pheile Thír Eoghain (1998-2008), Ulaidh Faoi Thalamh, faoi uaimheanna, tolláin agus pluaiseanna eile i gCúige Uladh, Gaineamh Séidte, clár a fhiosróidh an ceol Gaelach in Éirinn agus in Albain agus na naisc eatarthu, Saol Ár Linne, ina ndéanfar iniúchadh ar thionchar Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta ó thuaidh ar ghlúin na linne seo, agus Liútar 500, clár faoi thionchar an Reifirméisin ar Ghaeil na hAlban agus na hÉireann.

Beidh an clár iomráiteach ceoil Opry an Iúir ag filleadh ar TG4 freisin agus maoiniú faighte ag Big Mountain Productions do shéasúr eile den chlár ceol tíre. Beidh séasúr eile ann freisin den chlár irise I Lár an Aonaigh ar BBC NI, agus é léirithe ag Below The Radar, an comhlacht léirithe atá taobh thiar den suíomh Meon Eile. Tá maoiniú curtha ar leataobh cheana féin do Meon Eile ag an gCiste Craoltóireachta Gaeilge.