Ceithre cheanneagraíocht pleanála teanga roghnaithe ag ÚnaG

Eagraíochtaí roghnaithe i gcontaetha Dhún na nGall, na Gaillimhe/Mhaigh Eo agus Chorcaí chun pleananna teanga a réiteach

udaras_051-1024x681

Tá ceithre cheanneagraíocht eile roghnaithe ag Údarás na Gaeltachta chun tabhairt faoi obair na pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Is iad na heagraíochta a bhfuil an cúram leagtha orthu pleananna teanga a réiteach dá gceantair Ghaeltachta ná Comharchumann Oileán Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall, Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo, Co. na Gaillimhe agus Co. Mhaigh Eo; Forbairt Chonamara Láir, Co. na Gaillimhe agus Comharchumann Forbartha Mhúscraí, Co. Chorcaí.

Lorgaíodh iarratais ag tús na bliana ó ghrúpaí a bheadh sásta dul i mbun na hoibre seo sa Ghaeltacht agus roghnaíodh na ceithre eagraíocht tar éis measúnú a bheith déanta ar na hiarratais a fuarthas.

Dhá bhliain atá ag na ceanneagraíochtaí le plean teanga a réiteach dá Limistéir Pleanála Teanga. Ceadaíodh soláthar maoinithe de €25,000 do Chomharchumann Oileán Árainn Mhór Teo. agus €35,000 do na trí cheanneagraíocht eile le tacú leo tabhairt faoi chostais ullmhúcháin na bpleananna.

Tá 13 cheanneagraíocht anois i mbun pleananna teanga a réiteach sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Ceithre cheanneagraíocht pleanála teanga roghnaithe ag ÚnaG'