Ceithre ainmniúchán do Tuairisc.ie agus an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais fógartha

Triúr de mheitheal iriseoirí an tsuímh seo ainmnithe sa rannóg ‘Iriseoir/Colúnaí na Bliana’ agus Tuairisc.ie ainmnithe sa rannóg do ‘Láithreán Gréasáin na Bliana’

GradChum15-0108

Tá ceithre ainmniúchán faighte ag Tuairisc.ie do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais a bhronnfar ag ócáid sa Ghaillimh an mhí seo chugainn.

Tá triúr de mheitheal iriseoirí an tsuímh seo ainmnithe sa rannóg ‘Iriseoir/Colúnaí na Bliana’ agus tá Tuairisc.ie féin ainmnithe sa rannóg do ‘Láithreán Gréasáin na Bliana’.

Is iad an triúr atá ainmnithe don ghradam ‘Iriseoir/Colúnaí na Bliana’ ná Maitiú Ó Coimín, Alex Hijmans agus Cathal Mac Coille.

Is iad Alan Titley, a scríobhann an colún Crobhingne ar an Irish Times agus Méabh Ní Thuathaláin ó Nós.ie an bheirt eile atá ainmnithe sa rannóg seo.

Tá colúnaí eile de chuid Tuairisc.ie, an craoltóir Dara Ó Cinnéide ainmnithe dá shaothar le GAA USA agus Seó Spóirt ar TG4.

Sa rannóg ‘Láithreán Gréasáin na Bliana’, beidh Tuairisc.ie á fhéachaint le www.tg4.ie, www.meon eile.ie agus www.raidiofailte.com.

Seo thíos an gearrliosta iomlán do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2016.

Fág freagra ar 'Ceithre ainmniúchán do Tuairisc.ie agus an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais fógartha'

  • padraig

    Breandán M Mac Gearailt, Tadhg Ó Gairbhí, Dara Ó Cinnéide mo rogha féin. Timpist ghlan é gur Ciarraígh iad uile!