Ceithre ainmniúchán ag Tuairisc.ie ar Ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais

D’fhógair Oireachtas na Gaeilge an gearrliosta i Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais agus tá foireann Tuairisc.ie ina measc siúd a bhfuil dea-scéal faighte acu

Loretta Ni Ghabhain ag Gradaim 2014
Loretta Ní Ghabháin ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2014

D’fhógair Oireachtas na Gaeilge an gearrliosta i Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais agus tá foireann Tuairisc.ie ina measc siúd a bhfuil dea-scéal faighte acu.

Ainmníodh Tuairisc.ie sa rannóg Láithreán Gréasáin na Bliana, in éineacht le Meon Eile, Nós agus Cúla 4.

Seán Tadhg Ó Gairbhí, eagarthóir an tsuímh, Póilín Ní Chiaráin agus Maitiú Ó Coimín ainmnithe dá saothar le Tuairisc.ie sa rannóg Iriseoir/Colúnaí na Bliana. Is é, Pádraig Mac Fhearghasa, eagarthóir Feasta, an duine eile atá ainmnithe sa rannóg seo.

I measc na n-ainmniúchán tá Dara Ó Cinnéide. Dá chuid oibre ar an gclár Seó Spóirt a ainmníodh an Cinnéideach, scríbhneoir rialta ar Tuairisc.ie.

Beidh mór-dhrámaí Ghaeilge na bliana seo caite ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa rannóg Sraith Teilifíse na Bliana. Tá Corp + Anam (Magamedia) agus An Bronntanas (ROSG) araon san iomaíocht don ghradam sin agus iad á fhéachaint le Ceolchuairt (Magmamedia) agus Seó Spóirt (Sónta).

“Déanaim comhghairdeachas ó chroí le gach aon duine ata ainmnithe ar an ngearrliosta. Tugann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais aitheantas don éacht oibre a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain agus is ábhar ríméid dom sárchumas agus ardchaighdeán na n-aisteoirí, na n-iriseoirí, na láithreoirí agus an lucht déanta clár atá ar Ghearrliosta na bliana seo,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.

Is í Loretta Ní Ghabháin a bheidh ar an gcairpéad dearg ag an ócáid bhronnta in Óstán Radisson i gCathair na Gaillimhe Dé hAoine 22 Bealtaine. Beidh ticéid chuig an ócáid ar díol tar éis na Cásca agus bronnfar duaiseanna ar na haíonna is galánta faisean ar an oíche. Beidh an pobal in ann an Searmanas a leanúint ar shuíomhanna an Oireachtais agus TG4.

Féach thíos liosta iomlán na n-ainmniúchán.


Beidh trí ghradam speisialta á mbronnadh ag an Ócáid Bhronnta: Réalta Óg na Bliana, a bheidh á roghnú ag an bpobal, Gradam Speisialta agus an Buaic-Ghradam Cumarsáide.

Fág freagra ar 'Ceithre ainmniúchán ag Tuairisc.ie ar Ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais'

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    Go n-éirí libh!

  • Aedraen Ó Dubhghaill

    Ádh-mór leat a Mhaitiú !! ‘sé i do bhaile dúchais ar aon chaoi .
    #muise