‘Ceisteanna tromchúiseacha’ le freagairt maidir le toil an Stáit seirbhísí i nGaeilge 
a sholáthar

Deir an Coimisinéir Teanga go bhfuil sé ‘deacair’ cur chuige ranna rialtais i leith na Gaeilge ‘a chreidiúint’

An Coimisinéir Teanga2

Deir an Coimisinéir Teanga gur “deacair a chreidiúint” go mbeadh ranna rialtais “ag tabhairt le fios nach bhfuil aon riachtanas ann go n-aithneofaí poist a mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge ag baint leo”.

Ag trácht dó ar a laghad postanna sa státchóras a aithnítear mar phostanna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo, deir an Coimisinéir go bhfuil “ceisteanna tromchúiseacha” le freagairt “maidir le toil an Stáit seirbhísí ar comhchaighdeán a sholáthar sa dá theanga oifigiúla”.

Deir an Coimisinéir Teanga ina Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2015, a foilsíodh inniu, go bhfuil an cur chuige atá ag ranna Rialtais i dtaobh na teanga “ag dul glan i gcoinne” na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge a éilíonn go n-aithneofaí feasta poist le riachtanas Gaeilge i scéimeanna teanga na gcomhlachtaí poiblí.

“Níl sé le brath go fóill go bhfuil an méid seo ag tarlú ar aon bhealach struchtúrtha ná iomlán, in ainneoin go bhfuil breis agus cúig bliana caite ó foilsíodh an Straitéis,” a deir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill.

Deir sé go mbeifí ag súil le “ceannaireacht” ó ranna rialtais agus ó na hoifigí “is mó tábhacht sa tír” maidir le seirbhís eiseamláireach a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit.

“Is eol dúinn ar fad nach féidir seirbhísí a sholáthar don phobal i nGaeilge ach amháin nuair a bhíonn dóthain daoine ar fáil chun na seirbhísí sin a sholáthar.

“Is beag is fiú a bheith ag bunú painéil earcaíochta do dhaoine leis an gcumas oibriú i nGaeilge agus i mBéarla mura bhfuil róil straitéiseacha aitheanta ar féidir leis na daoine sin oibriú iontu,” a deir Ó Domhnaill.

Deir an Coimisinéir gur cheart go “gníomhófaí anois” chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a neartú.

“Is léir ón ardú 6.5% a tháinig ar líon na ngearán agus ón ardú 79% a tháinig ar líon na gcomhairlí a cuireadh ar fáil do chomhlachtaí poiblí, le bliain anuas, gur gá freastal mar is ceart ar na riachtanais teanga atá ag lucht labhartha na Gaeilge agus iad ag lorg seirbhísí Stáit” a dúirt Rónán Ó Domhnaill.

Deir Ó Domhnaill ina thuarascáil bhliantúil “gur chóir go mbreathnófaí ar úsáid na Gaeilge mar chur chuige nádúrtha i dtír a bhfuil dhá theanga oifigiúla aici, seachas mar ualach ar gá freastal air agus de réir cosúlachta gan an toil ná an acmhainn ann sin a dhéanamh”.

Tháinig méadú ar líon na ngearán a cuireadh faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Teanga ó 709 sa bhliain 2014 go dtí 755 sa bhliain 2015.

Ó Bhaile Átha Cliath is mó a tháinig na gearáin i mbliana – 40%.

Ón nGaeltacht a tháinig 26% de na gearáin agus ó lasmuigh den Ghaeltacht a tháinig an 74% eile, mar a léirítear sna léaráidí thíos.

Screen Shot 2016-06-26 at 22.36.00