Ceisteanna do Arlene Foster faoi airgead poiblí a ligeadh in aer

Beart ar mhaithe leis an timpeallacht a bhí in ainm is a bheith i scéim a bhunaigh Arlene Foster, ach tá ceisteanna móra le freagairt

Ceisteanna do Arlene Foster faoi airgead poiblí a ligeadh in aer

Beart ar mhaithe leis an timpeallacht a bhí in ainm is a bheith i scéim a bhunaigh Arlene Foster nuair a bhí sí ina hAire Fiontair i Stormont.

‘An cur amú airgid is measa riamh i Stormont’ atáthar ag glaoch anois air, nó scannal caiteachais ‘chomh holc le De Lorean’. Caitheadh £400 milliún air go dtí seo agus áirítear go mbeidh an costas sa deireadh ag druidim le £1.2 billiún.

Scéim dreasachta chun fuinneamh inathnuaite a úsáid ab ea í. Fuair gnólachtaí deontas chun córas téite éiceabhách a chur isteach. Tá go maith, bhí ciall leis sin. Anuas air sin, áfach, fuair siad íocaíocht ar gach cileavata teasa a dódh agus bheadh an íocaíocht ar an ráta céanna le fáil go ceann 20 bliain, gan uasteorainn ar bith.

Faoina macasamhail de scéim sa Bhreatain cinntíodh go raibh teorainn leis an iomlán a d’íocfaí. Ba é an cuspóir a bhain léi daoine a spreagadh le fuinneamh a spáráil. Nuair a tairgeadh scéim Stormont d’óstáin, ionaid chúraim, feirmeoirí agus daoine eile ba ar éigean a chreid siad an scéal – pota óir an leipreacháin a bhí ann.

Ní bheadh aon teorainn leis na híocaíochtaí a gheobhaidís, ach a mhalairt. Dá mhéad ábhar a d’úsáidfeadh siad is ea is mó an luach saothair a bheadh le fáil acu. Gan athrú, ar feadh scór bliain.

I mí Dheireadh Fómhair 2013 rinne bean ghnó teagmháil leis an aire, Arlene Foster, chun a chur ar a súile gur thug an scéim deis do dhaoine brabach a dhéanamh aisti agus go raibh fadhb bhunúsach leis na rialacha imeachta. Bhí sé tugtha faoi deara aici go raibh teas ar siúl in oifigí agus foirgnimh ina raibh fuinneoga agus doirse ar oscailt chun an t-aer a fhuarú. Chuaigh sí ar shuíomh idirlín na Roinne agus “tar éis scrúdú deich nóiméad ba léir gurbh fhéidir mí-úsáid a bhaint as an scéim”, a dúirt sí ar chlár raidió.

Chuir Arlene Foster an bhean i dteagmháil leis na saineolaithe ina roinn a bhí ag reáchtáil na scéime. Maidir lena foláireamh faoi ró-úsáid fuinnimh, dúirt feidhmeannaigh leis an mbean ‘ní dhéanfadh daoine é sin!’.

Níor deineadh aon athrú i ndiaidh a gcomhrá. Labhair an bhean le feidhmeannaigh arís in 2014 ach níor tharla tada.

Sa deireadh, in 2015, labhair sí leis an roinn arís. Bhí Jonathan Bell ina Aire sa Roinn Fiontair faoin am sin. D’ardaigh an Oifig Iniúchóireachta ceisteanna freisin agus cuireadh stop le hiarratais nua ar an scéim.

Bhí daoine a bhí páirteach inti go dtí sin i dteideal íocaíochtaí ón sparán poiblí go dtí thart ar 2030. Anois tá Simon Hamilton, an t-aire reatha, ag iarraidh a theacht ar bhealach chun an costas poiblí a laghdú. Chualathas ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí gur chinn cigirí go raibh rud éigin as bealach in a leath den 300 fearas a scrúdaigh siad. Glacadh le breis is 900 iarratas ar fad.

Tá an chonspóid faoin scéim RHI (‘Renewable Heat Initiative’) ag bailiú nirt le cúpla mí. Shéan Arlene Foster go ndearna sise botún. Dúirt sí gur iompair sí í féin mar ba chóir nuair a rinne an gearánaí teagmháil léi. Dúirt sí freisin gur ghníomhaigh sí de réir na comhairle a fuair sí óna cuid saineolaithe.

Tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil an DUP ag iarraidh an milleán ar fad a chur ar státseirbhísigh. Ach nach í/é an tAire atá freagrach as a roinn?

Ó tá sos comhraic (príobháideach) idir an DUP agus Sinn Féin mar chomhpháirtithe sa bhFeidhmeannas níl Sinn Féin ag béicíl faoi Foster ach dúirt an Teachta Conor Murphy gur mhaith an ní é dá dtabharfadh Foster freagraí ar an gCoiste Tionóil chun muinín phoiblí a chothú. Tá éileamh níos treise déanta ag páirtithe eile agus ag an bpobal atá ag iarraidh ar a laghad freagraí ó Foster.

Conas a tharla sé nár thug an tAire Foster ná a foireann faoi deara ag an tús go raibh an scéim chomh lochtach is a bhí? Conas nár tugadh an difríocht idir na scéimeanna abhus agus sa Bhreatain faoi deara nó nár fiosraíodh céard ba bhrí leis an difríocht?

An bhfuil fírinne ar bith sna líomhaintí gur cheap an Roinn gur Whitehall a d’íocfadh as an scéim agus nár ghá mar sin a bheith cúramach le hairgead poiblí?

Nuair a chuaigh bean séidte na feadóige chuig Arlene Foster in 2013 ar fhiafraigh Foster dá foireann riamh an raibh bunús le rabhadh na mná?

Ar fhiafraigh sí cén toradh a bhí ar an gcomhrá leis an ngearánaí?

Ar chuir sí ceist ar bith faoi fheidhmiú na scéime?

Ar fhiafraigh sí arbh fhiú é –don timpeallacht nó don sparán poiblí?

An bhfreagróidh sí ceist ar bith seachas a bheith ag rá gur cheart don bhfreasúra guaim a choinneáil orthu féin agus go ndearna sise a dualgas?

Ní leor an freagra sin.

Fág freagra ar 'Ceisteanna do Arlene Foster faoi airgead poiblí a ligeadh in aer'