‘Ceist thábhachtach’ é an tAcht Teanga do SF, ach diúltaithe ag O’Neill a rá gur bunphrionsabal margála é

Dhiúltaigh ceannaire Shinn Féin ó thuaidh, Michelle O’Neill, a rá inniu an gcuirfí roinnt na cumhachta leis an DUP as an áireamh d’uireasa geallúint a bheith tugtha faoi Acht Gaeilge

 ‘Ceist thábhachtach’ é an tAcht Teanga do SF, ach diúltaithe ag O’Neill a rá gur bunphrionsabal margála é

Michelle O'Neill le Martin McGuinness. Pictiúr: RollingNews.ie/Paul McErlane

Dúirt ceannaire Shinn Féin ó thuaidh inniu go mbeidh geallúint faoin Acht Gaeilge ina “ceist thábhachtach” in aon chainteanna a bheadh ar bun i ndiaidh thoghchán Stormont na míosa seo chugainn, ach ní raibh sí sásta a rá go gcuirfí margadh leis an DUP ó mhaith d’ uireasa a leithéid de gheallúint.

Sheol Michelle O’Neill, a tháinig i gcomharbacht ar Martin McGuinness an mhí seo caite, forógra toghchánaíochta Shinn Féin inniu i gContae Ard Mhacha.

Thagair O’Neill inniu do ráiteas cheannaire an DUP Arlene Foster go mb’fhearr an t-airgead a chaithfí ar Acht Teanga a chaitheamh ar chúrsaí oideachais agus sláinte.

“Is ceist thábhachtach é an tAcht Gaeilge do Shinn Féin. Breathnaigh ar Albain agus ar an mBreatain Bheag, tá córas sláinte agus córas oideachais acu chomh maith le hacht teanga. Ní chuirfear dár mbuille sinn.

“Tá a fhios againn céard atá ar bun ag an DUP, tá siad ag iarraidh a thabhairt le fios nach ar a sotal féin agus a ndímheas ar an bpobal atá breith á tabhairt sa toghchán seo,” a dúirt sí.

Ní raibh O’Neill sásta a rá, áfach, nach ngabhfadh Sinn Féin i mbun roinnt na cumhachta leis an bpáirtí Aontachtach sa chás nach ngéillfí don éileamh ar Acht Gaeilge.

Tá ceist an Achta Gaeilge ina cnámh spairne agus an feachtas toghcháin faoi lán seoil ó thuaidh. Tá ráite go soiléir ag Arlene Foster, ceannaire an DUP, nach nglacfaidh a páirtí choíche le hAcht Gaeilge. Chuir sí Sinn Féin i gcomparáid le crogaill nach bhféadfaí a shásamh agus í ag tagairt d’éileamh an pháirtí phoblachtánaigh ar an Acht.

Rinne Tuairisc.ie iarracht ceithre huaire an tseachtain seo caite deimhniú a fháil ón bpáirtí faoin gceist seo, ach níor éirigh leis na hiarrachtaí sin. Luaigh Sinn Féin ‘Straitéis na Gaeilge’ agus ócáidí poiblí dá gcuid á bhfógairt acu i mBéal Feirste an tseachtain seo caite. D’fhiafraigh Tuairisc.ie den pháirtí, freisin, arbh ionann ‘Acht Gaeilge’ agus ‘Straitéis na Gaeilge’. Níor tugadh aon fhreagra ar an gceist sin ach an oiread.

Agus lá na vótála ag druidim linn, tá an t-éileamh ar Acht Gaeilge á chur chun cinn ag iarrthóirí toghcháin Shinn Féin ar na meáin shóisialta agus ag ócáidí feachtais. D’eagraigh an t-iarAire Airgeadais, Máirtín Ó Muilleoir, cruinniú poiblí i mBéal Feirste tráthnóna Dé Luain le cúrsaí Gaeilge a phlé.

Tá ráite ag Ó Muilleoir, atá ag seasamh do thoghchán Stormont i mBéal Feirste go gcaithfidh Rialtas na Breataine a chuid dualgas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh. Ag labhairt dó ag cruinniú a bhí ag Airí Airgeadais na Breataine agus na hÉireann, dúirt Ó Muilleoir go raibh ról ag Státchiste na Breataine i gcur i bhfeidhm na ngealltanas sin freisin.