An ginmhilleadh – ceist nach ligfear do pholaiteoirí a sheachaint

Is ceist í an ginmhilleadh ba mhaith le polaiteoirí Thuaisceart Éireann a sheachaint go háirithe aimsir thoghcháin, ach drochsheans anois go ligfear dóibh neamhshuim a dhéanamh di...

Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Is ceist í an ginmhilleadh ba mhaith le polaiteoirí Thuaisceart Éireann a sheachaint go háirithe aimsir thoghcháin. An uair dheiridh a raibh plé faoin ábhar i Stormont chuir an DUP ar an méar fhada é. D’fhógair siad go mbunófaí coiste a scrúdódh an cheist go ceann sé mhí – sé sin, go dtí go mbeadh an toghchán thart.

Ach ‘events, dear boy, events’ agus drochsheans anois go ligfear d’iarrthóirí an toghcháin neamhshuim a dhéanamh den cheist nó bhuail tintreach an chonspóid arís. Tá cur agus cúiteamh faoin ábhar chuile áit a mbailíonn daoine ó chuir cás cúirte anróiteach é i ngach ceannlíne le seachtain anuas, ní áirím an scréachach ar mheáin shóisialta.

Ba thruamhéalach go deo an scéal é. Bean óg ciontaithe sa chúirt agus príosún ráithe, ar fionraí, gearrtha uirthi as piollaí a thógáil chun ginmhilleadh a bheith aici. Bhí sí naoi mbliana déag d’aois agus dúirt sí nach raibh sí in acmhainn a dhul go dtí an Bhreatain mar a mbeadh ginmhilleadh dleathach aici.

Dá bhrí sin rinne sí fiosruithe ar an idirlíon, moladh piollaí di. D’ordaigh sí iad agus thóg sí iad. Chaill sí an páiste, idir 10 agus 12 seachtain gan cúram dochtúra. Is cosúil gurb iad sin na piollaí céanna a thugtar amach sa Bhreatain, go dlíthiúil agus gur sa bhaile a thógtar iad- ach go mbeadh an bhean in ann cóir leighis a fháil dá mbeadh gá aici léi.

Bhí beirt bhan eile in aontíos leis an mbean óg a raibh an ginmhilleadh aici. Seachtain ina dhiaidh sin, rinne siadsan teagmháil leis na póilíní, iad buartha mar go raibh an féatas agus an slánú i dtuáille i mála san araid bhruscair. As sin a d’eascair an cúiseamh agus an cás cúirte. Tá sé in aghaidh an dlí ó na 1860í nimh nó tocsain a thógáil chun ginmhilleadh a spreagadh. Glacadh leis sa chúirt nach mbeadh an bhean ciontach dá mbeadh sí in áit ar bith eile sa Ríocht Aontaithe ach go raibh a hiompar coiriúil abhus.

Ní gá a rá gur réab conspóid san aer. Theastaigh ón eagraíocht Precious Life go ndéanfaí achomharc chun pianbhreith níos troime a ghearradh uirthi agus í a chur i bpríosún. Cháin eagraíochtaí ar son rogha na húdaráis as an gcúiseamh agus dúirt gur mhór an feall é go mbeadh taifead coiriúil ag an mbean feasta. Ar mheáin shóisialta, tugadh fogha fíochmhar faoin mbean a raibh an ginmhilleadh aici ar thaobh amháin agus ar an láimh eile, thug go leor aghaidh a gcraois ar an mbeirt bhan a chuir fios ar na póilíní in áit glaoch ar dhochtúir nó otharcharr.

Déantar talamh slán de go mbeadh an cás tarraingthe anuas ag Teachta Tionóil éigin dá mbeadh Stormont sa siúl. Níl, ar ndóigh mar gheall ar an toghchán ar an 5 Bealtaine. Ba mhinic ceisteanna faoi ghinmhilleadh, go háirithe i gcásanna ina mbeadh an féatas neamh-inmharthanach faoi chaibidil sa Tionól ach an DUP agus an chuid is mó den SDLP go docht in éadan leasuithe ar bith ar an dlí.

Le tamall, tá lucht feachtais in aghaidh an ghinmhillte ag moladh dá lucht tacaíochta vótáil in éadan na bpolaiteoirí a mholann ginmhilleadh i gcás ar bith. Go bunúsach, sin moladh vótáil don DUP mar cé go bhfuil SDLP in aghaidh an ghinmhillte, tá siad báúil le pósadh comhghnéis agus cuireann sin as an áireamh iad ag an dream céanna.

Anois tá daoine ar son rogha ag rá go gceisteoidh siadsan éinne a thagann chucu ag iarraidh vóta; cuirfidh siad in iúl d’iarrthóir a dhéanann iarracht suí ar an gclaí nó atá ina gcoinne nach bhfaighidh sé/sí tacaíocht.

Athrú suntasach ón vótáil oráisteach agus ghlas. Is cinnte go mbeidh tionchar aige ar an vótáil ach ní léir cé mhéad. Tá na polaiteoirí chomh héiginnte faoin éifeacht is atá an chuid eile againn agus tréimhse chorrach i ndán do chuid acu.

Fág freagra ar 'An ginmhilleadh – ceist nach ligfear do pholaiteoirí a sheachaint'

  • Fearn

    Is ceart nach déanfaí an ginmhilleadh a dhíchoiriú gan cur is cúiteamh ó bhun go barr