Ceist na Gaeilge ba mhó a chothaigh teannas idir de hÍde agus an Rialtas – leabhar nua

Cé gur thug Dubhghlas de hÍde cuid mhaith dá shaol ag saothrú ar son na Gaeilge, deir údar leabhair nua go raibh an chéad Uachtarán ar Éirinn ‘patuar’ faoi pholasaí an Rialtais i dtaobh na Gaeilge éigeantaí

Ceist na Gaeilge ba mhó a chothaigh teannas idir de hÍde agus an Rialtas – leabhar nua

Bhí ceist a bhain leis an nGaeilge ar an údar aighnis ba mhó idir chéad Uachtarán na hÉireann, Dubhghlas de hÍde, agus an Rialtas.

De réir leabhar faoi Dhubhglas de hÍde agus bunú na hUachtaránachta a fhoilseofar an tseachtain seo chugainn, ‘the Irish language was the issue that created the greatest tensions between Hyde and the cabinet’.

Tá cíoradh déanta sa leabhar nua, Forgotten Patriot le Brian Murphy, ar chinneadh de hÍde Bille Tinrimh Scoile 1942 a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí toisc go raibh sé den tuairim go raibh sé in aghaidh an Bhunreachta.

Cé gur thug de hÍde cuid mhaith dá shaol ag saothrú ar son na Gaeilge, deir údar an leabhair nua Brian Murphy go raibh chéad Uachtarán na hÉireann ‘patuar’ faoi pholasaí an Rialtais i dtaobh na Gaeilge éigeantaí sa chóras oideachais.

Deir Murphy nár thacaigh Hyde riamh ina chuid óráidí mar Uachtarán leis an bpolasaí go mbeadh an Ghaeilge éigeantach.

Lean díospóireacht theasaí foilsiú an Bhille Tinrimh Scoile i 1942, agus ba í ceist na Gaeilge éigeantaí agus cás na mionlach ba mhó a tharraing caint i dTithe an Oireachtais.

De réir an Bhille chaithfeadh tuismitheoirí oideachas ‘oiriúnach’ a fháil dá leanaí i scoil a bhí ‘oiriúnach’. Ba é an tAire Oideachais a shocródh cén rud é oideachas agus scoil ‘oiriúnach’.

Mheas roinnt ball den Oireachtais go raibh an chuid áirithe sin den Bhille in aghaidh Alt 42 den Bhunreacht a deir nach bhfuil cead ag an Stát ‘a chur d’fhiacha ar thuistí, in aghaidh a gcoinsiasa nó a rogha dleathaí, a gclann a chur ar scoileanna a bhunaítear ag an Stát nó ar aon chineál áirithe scoile a ainmnítear ag an Stát’.

Mheas Seanadóirí agus Teachtaí Dála áirithe go bhfágfadh an reachtaíocht nua go mbeadh tuismitheoirí Protastúnacha go háirithe in eochair an dlí dá ndéanfaí an Bille a achtú.

Bhí nós ann i measc tuismitheoirí Protastúnacha a leanaí a chur ar scoil sa Tuaisceart nó sa Bhreatain agus bhí imní ar dhaoine go bhfágfadh an reachtaíocht nua go mbeadh an dlí á bhriseadh acu dá ndéanfaidís amhlaidh. D’fhéadfaidís, mar shampla, scoil a roghnú nach raibh an Ghaeilge á múineadh ann.

Dúirt polaiteoir amháin ag an am gurb ionann an Bille nua agus filleadh na bPéindlíthe, a chuir cosc ar dhaoine dul thar lear chun oideachas a fháil.

An 15 Feabhra 1943, sheol seisear seanadóirí agus beirt teachtaí Dála litir go dtí an tUachtarán ag cur a n-imní in iúl dó faoin mBille nua. Ar an 25 Feabhra dhein De hÍde cruinniú de Chomhairle an Stáit a ghairm in Áras an Uachtaráin.

Chinn sé i ndiaidh an chruinnithe sin an Bille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí. Ar an 13 Aibreán 1943 cinneadh sa Chúirt go raibh an Bille in aghaidh an Bhunreachta agus dhiúltaigh De hÍde é a shíniú dá réir.

Ba í seo an chéad uair a chinn an Chúirt Uachtarach go raibh beartas rialtais in aghaidh an Bhunreachta agus ba ‘údar náire’ don Rialtas é, dar le Brian Murphy, údar Forgotten Patriot – Douglas Hyde and the Foundation of the Irish Presidency atá á fhoilsiú an tseachtain seo chugainn.

Deir Murphy, staraí a bhí ina scríbhneoir óráidí ag beirt Taoiseach, go raibh an Ghaeilge go mór sa treis ag de hÍde le linn dó a bheith ina Uachtarán, ach gur thuig sé leis tábhacht neamhspleáchas na hoifige nua.

‘He remained unceasing in his efforts to encourage people to speak Irish, but this did not extend to voicing support for the Government policy of compulsion,’ a deir Murphy.