‘Ceist le freagairt’ ag an Roinn Talmhaíochta faoi phost ‘English essential, Irish desirable’ sa Ghaeltacht

Tá aird tarraingthe ag an gCoimisinéir Teanga ar ghealltanas a thugtar i scéim teanga na Roinne Talmhaíochta go mbeidh na hoifigí Gaeltachta acu ag feidhmiú trí Ghaeilge ar fad faoin mbliain 2020

‘Ceist le freagairt’ ag an Roinn Talmhaíochta faoi phost ‘English essential, Irish desirable’ sa Ghaeltacht

Tá ‘ceist le freagairt’ ag an Roinn Talmhaíochta maidir le post Gaeltachta a fógraíodh agus riachtanas Béarla amháin leis. 

Thug an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill le fios do Tuairisc.ie inniu go bhfuil cás an phoist ag Calafort Ros an Mhíl i gcroílár Ghaeltacht Chonamara á scrúdú aige “i gcomhthéacs” scéim teanga na Roinne Talmhaíochta.

De réir an fhógra don phost mar Oibrí Ginearálta ag an gcalafort, tá  ‘inmholta’ go mbeadh Gaeilge ag iarrthóirí, ach is den riachtanas go mbeadh Béarla líofa, idir scríobh agus labhairt, acu.

Tá scríofa ag an gCoimisinéir chuig an Roinn Talmhaíochta faoin scéal agus aird tarraingthe aige ar ghealltanas a thugtar i scéim teanga na Roinne go mbeidh na hoifigí Gaeltachta acu ag feidhmiú trí Ghaeilge ar fad faoin mbliain 2020. Thug an Coimisinéir le fios nach bhfuil an post atá i gceist sainaitheanta mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis ach go bhfuil “ceist le freagairt” mar sin féin ag an Roinn i bhfianaise an ghealltanais ina scéim teanga.

Is ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a chéadtuairiscíodh gurb é riachtanas an Bhéarla an t-aon riachtanas teanga atá leagtha ar iarrthóirí ar an bpost.

De réir na gcáipéisí eolais a bhaineann leis an bpost céanna, tá sé riachtanach go mbeadh iarrthóirí in ann cumarsáid a dhéanamh ‘go héifeachtach’ i mBéarla, ach níl an riachtanas céanna ann ó thaobh na Gaeilge de.

Faoi mhír eile seachas ‘Essential Requirements’ a thagraítear don Ghaeilge agus tugtar le fios sa bhileog eolais go bhfuil ‘an ability to communicate effectively in Irish’ i measc na ‘desirable requirements’ don phost ag Calafort Ros an Mhíl.

Dúirt an t-iar-aire Talmhaíochta agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, le Tuairisc.ie inné gur cheart go mbeadh sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag duine ar bith a cheapfaí in aon phost a fhógraíonn an stát sa Ghaeltacht.

“Is as Conamara agus as Árainn iad formhór na n-iascairí a bhíonn isteach is amach as Ros an Mhíl agus ba cheart go mbeadh Gaeilge ag duine ar bith a bhíonn ag obair sa chalafort.

“Ba cheart go mbeadh cumas sa Ghaeilge riachtanach d’aon phost Gaeltachta a fhógraíonn an stát. Ba cheart don Roinn Talmhaíochta an post seo atá fógartha a tharraingt siar, leasú a dhéanamh ar na riachtanais, agus é a fhógairt arís,” a dúirt Éamon Ó Cuív.

Fág freagra ar '‘Ceist le freagairt’ ag an Roinn Talmhaíochta faoi phost ‘English essential, Irish desirable’ sa Ghaeltacht'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    “Ba cheart go mbeadh cumas sa Ghaeilge riachtanach d’aon phost Gaeltachta a fhógraíonn an stát.”

    Caidé fá Údarás na Gaeltachta agus a ‘gcliantchomhlachtaí’?? Nach mbíonn saidsan ag earcú fostaithe ó thaobh amuigh den Ghaeltacht agus gan iomrá ar bith ar ‘cumas labhartha agus scríofa sa Ghaeilg’ riachtanach?

    Ní leor scéimeanna teanga don Ghaeltacht.

    Tá coinníoll Gaeilge a dhith ANOIS! Coinníoll Gaeilge d’achan gnó agus d’achan forbairt a tharlaíonn sa Ghaeltacht – tithe cónaithe san áireamh. Má bhíonn tú ag teacht le gnó a thoiseacht, post a ghlacadh nó le cónaí a dhéanamh sa Ghaeltacht BÍODH TÚS ÁITE AG AN GHAEILG AGUS BÍ GNÍOMHACH I gCUIR CHUN CINN NA GAEILGE leis an Ghaeilg a bhuanú agus a chaomhnú sna réigiúin ar leith sin!