Ceist an N59 le plé i dTithe an Oireachtais inniu

Beidh ionadaithe na Roinne Gaeltachta i láthair ag Coiste Oireachtais inniu le ceist an bhóthair as Gaillimh go dtí An Clochán a phlé

Ceist an N59 le plé i dTithe an Oireachtais inniu

Pléifear ceist an N59 i gConamara ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha agus Gaeltachta inniu

Beidh ionadaithe na Roinne os comhair an Choiste ag a 9 ar maidin chun ionchur na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra maidir le forbairt agus cothabháil líonra na mbóithre náisiúnta a phlé. Leagfar béim le linn an chruinnithe ar cheist an N59, an bóthar mór ó chathair na Gaillimhe go dtí An Clochán in iarthar an chontae.

Thug an Bord Pleanála cead forbartha chun codanna den bhóthar seo, a théann trí Ghaeltacht na Gaillimhe, a uasghrádú, ach cuireadh coinníoll leis an gcead sin gur ghá go gcomhaontódh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra leis an bplean oibre sula gcuirfí tús leis an tionscadal.

Dhiúltaigh an Bord Pleanála i mBealtaine 2016 plean forbartha don bhóthar idir an Teach Dóite agus an Clochán a cheadú.

Cé gur aithin an Bord Pleanála an gá le forbairt a dhéanamh ar an mbóthar agus go raibh siad ar son cead pleanála a thabhairt don fhorbairt sin ‘go ginearálta’, dhiúltaigh siad don iarratas ar bhonn timpeallachta. Bhíothas buartha go háirithe faoin tionchar a bheadh ag an bhforbairt ar an mbratphortach agus ar an bhfraoch sa cheantar.

Fág freagra ar 'Ceist an N59 le plé i dTithe an Oireachtais inniu'