‘Céim ollmhór ar gcúl’ agus deireadh le coiste an Rialtais don Ghaeilge

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Tuairisc.ie tráthnóna gur ‘céim ollmhór ar gcúl’ atá ann deireadh a chur leis an gcoiste a mbíodh an Taoiseach ina chathaoirleach air

‘Céim ollmhór ar gcúl’ agus deireadh le coiste an Rialtais don Ghaeilge

Tá deireadh curtha leis an gcoiste Rialtais don Ghaeilge, an coiste is sinsearaí sa státchóras a bhíodh ag plé le cás na teanga.

Rinne an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht maoirseacht, i gcomhar le hAire na Gaeltachta, ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Bhíodh an Taoiseach ina chathaoirleach ar an gcoiste agus bhíodh idir airí agus státseirbhísigh shinsearacha ó na ranna rialtais ag freastal ar na cruinnithe a bhíodh aige.

Tugadh le fios i ndiaidh chruinniú rialtais an lae inniu go bhfuil líon na bhfochoistí le laghdú ó dheich gcinn go cúig cinn agus tá coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i measc na gcoistí a bhfuil a bport seinnte.

Bunaítear na fochoistí rialtais seo de réir thosaíochtaí an Rialtais agus an Taoisigh agus is cinnte go bhféachfar ar fhógra an lae inniu mar bhuille don teanga agus mar ísliú stádais don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Thug urlabhraí rialtais le fios tráthnóna gur cúig choiste rialtais a bheidh ann feasta agus na coistí sin ag plé le cúrsaí sóisialta, eacnamaíochta, sláinte, tithíochta agus Breatimeachta.

Tugadh le fios tráthnóna gur tógadh an cinneadh líon na gcoistí a laghdú le go mbeidís níos éifeachtaí agus go bhféadfaidís déileáil “níos tapa” leis na cúraimí atá orthu.

Tugadh le fios chomh maith go mbeidh na cúraimí a bhíodh ar na coistí a bhfuil deireadh curtha leo á n-aistriú go dtí na coistí atá fágtha.

Ní fios cén ceann de na coistí sin a mheastar a bheadh oiriúnach do chúram na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach tá tuairimíocht ann go bhféadfadh gur faoin gcoiste atá ag plé le polasaí sóisialta a fhágfar an cúram sin.

Ní mó ná sásta atá Conradh na Gaeilge le fógra an lae inniu.

“Is céim ollmhór ar gcúl atá ann go ndéanfaí a leithéid. Is tríd an gcoiste rialtais a tógadh an cinneadh an polasaí oideachais don Ghaeltacht a chur chun cinn, na ceannteidil do Bhille na dTeangacha Oifgiúla a fhoilsiú agus araile.

“Is fóram a bhí ann leis na rudaí ar gá a dhéanamh don Ghaeilge a phlé. Ba chóir go mbeadh coiste rialtais mar seo ann leis sin a dhéanamh,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Dúirt sé freisin go raibh súil aige nach bhfágfaí an Ghaeilge ar an trá fholamh ar fad agus go mbeadh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta luaite go sonrach le ceann amháin de na cúig choiste atá fágtha.

Bhí an cruinniú deireanach de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Rialtais ann i mí Bealtaine na bliana seo, tráth a léirigh figiúirí nua a fuair Tuairisc.ie go raibh an coiste Gaeilge ag bun an ranga maidir le lion na gcruinnithe acu.

De réir na bhfigiúirí sin,  ó bunaíodh an Rialtas i mBealtaine 2016 ní raibh ach dhá chruinniú ag Coiste Rialtais na nEalaíon, na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

I mí Iúil na bliana seo caite, cuireadh cúram na n-ealaíon le cúraimí an Choiste a bunaíodh chun féachaint i ndiaidh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív ag an am nach mbeadh sa choiste feasta ó thaobh na Gaeilge de ach “leithscéal de choiste” agus nach mbeadh an Ghaeilge ach ina “driobaillín” ann.

Dúirt Ó Cuív le déanaí gur léiriú é a laghad cruinnithe a bhí ag Coiste Gaeilge an Rialtais ar an “neamhaird” atá á tabhairt acu ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go raibh sé i gceist gur “Straitéis Rialtais” faoi stiúir an Taoisigh a bheadh sa Straitéis 20 Bliain ionas nach mbeadh ar “Aire bocht na Gaeltachta dul ó roinn go roinn” ag lorg tacaíochta.

Mhaígh Ó Cuív gur mar sin a tharla, áfach, go raibh cúram na teanga ar fad leagtha ar an Aire Stáit agus an Straitéis fágtha “i gcoirnéal beag in intinn an Rialtais”.

I bhfianaise fhógra an lae inniu, is cosúil nach mbeidh “an coirnéal beag” sin féin ag an teanga feasta.

Fág freagra ar '‘Céim ollmhór ar gcúl’ agus deireadh le coiste an Rialtais don Ghaeilge'

  • Mánus

    An bhfuil FF ag rá nach bhfuil siad in ann raic a thógaint faoi seo? Is cuid de rialtais FFFG an teachta Ó Cuív. Thóg FF raic go minic faoi go leor ceisteanna eile agus iad mar cuid den socrú rialtais seo.

  • Diarmaid Ó Cadhla

    Sin mar a bheidh stádas na Gaeilge go dtí go neagróimid athbheochainn nua & an réabhlóid!

    Caithfimid deireadh a chur le riail na ngrúpaí suimithe, na Pártaithe Polaitiúil atá todchaí na tíre díolta acu.