Ceiltigh Ghlaschú v Linfield agus Maserati v Massey-Ferguson?

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Linfield, Pat Spillane, Clint Eastwood agus an Tour de France atá ag déanamh imní don Saighdiúir an tseachtain seo

Croí mór maith Linfield

Ceiltigh Ghlaschú v Linfield? Anois, bhuel?

Is iomaí scéal léanmhar seicteach a bhaineann leis an spórt sa Tuaisceart. Tá a fhios ag gach aon náisiúntóir sa Tuaisceart go raibh club sacair in iarthar Bhéal Feirste a raibh Ceiltigh Bhéal Feirste air lá den tsaol. Bhí staid acu in aice le teach mo sheantuismitheoirí agus tá cuimhne agam uirthi go fóill.

Ach ní raibh peil ná peil ann faoin am sin. D’éirigh Ceiltigh Bhéal Feirste as cúrsaí peile i 1948 i ndiaidh círéibe ag cluiche le…Linfield. An stair sin agus cúrsaí comhaimseartha polaitíochta atá ag cur imní ar chuid mhór daoine, gan amhras, agus sin an chúis nach mbeidh lucht leanúna na gCeilteach i mBéal Feirste – má éiríonn le Linfield ina gcluiche i San Marino.

Mar sin féin, níor chóir Linfield a dhamnú as éadan mar gheall ar an stair agus an tseicteachas.

Seo alt as an Irish Times, 2005, le m’iarchomhghleacaí, Dan Keenan, píosa a léiríonn croí na féile i Linfield: ‘Linfield, the “true blues” of Ulster soccer, have thrown open their doors to a ‘homeless’ west Belfast camogie team. The girls from St Mary’s Training College had sought in vain for a floodlit training area on grass to sharpen up ahead of Saturday’s Purcell Cup semi-final against college rivals Queen’s…’

Dúirt bainisteoir Linfield ag an am, David Jeffrey:

‘Thank God to get the opportunity to get close to our friends who play camogie.’

Is trua nach mbeidh lucht leanúna na gCeilteach i bPáirc Windsor don chluiche – an iarraidh seo. Ach cá bhfios nach mbeidh amach anseo? Bímis dóchasach – agus buíochas do Dhia as croí mór maith Linfield an t-am ar theastaigh sé!

Maserati v Massey-Ferguson?

Is minic a bhíonn Pat Spillane deisbhéalach – agus ba é a bhí deisbhéalach an lá faoi dheireadh agus é ag cur síos ar an taisme sin de chluiche idir na Dubanna agus an Iarmhí. Ferrari in éadan ‘combine harvester’ a bhí ann, a dúirt sé. Is aige a bhí an ceart. 31 cúilín a bhí na Dubanna chun tosaigh ar an Iarmhí faoi dheireadh na himeartha. Truacánta ar fad mar chluiche agus is do pheileadóirí na hIarmhí a bhíonn trua agat. Níl duine ar bith a phléann le spórt de chineál ar bith ag iarraidh gríosáil den tsórt sin.

An mbainfidh greann garbh Spillane an ghoimh as an lá? Seans. Ceist eile, ar ndóigh, cad é an cur síos a bheas le déanamh aige ar an chluiche peile idir Ciarraí agus na Corgis ar ball? Maserati v Massey-Ferguson, déarfainn!

Clint Eastwood agus an tarraingt

Níl am ar bith a mbíonn an tarraingt ann nach smaointím ar Clint Eastwood in A Fistful of Dollars. Bíonn tú ar bís ag fanacht leis an tarraingt, cluineann tú an ceol sa chúlra, tá an ghrian in airde; tá beirt ghunnadóirí ag tabhairt aghaidh ar a chéile; tá siad ag fanacht, ag fanacht, ag fanacht, déantar an tarraingt go tapa agus titeann contae eile chun talaimh agus an toit ag imeacht as sixshooter an ghunnadóra a bhuaigh.

Bhuel, b’fhéidir nach bhfuil sé chomh drámatúil sin ar fad ach tuigeann tú dom. Ní fada go dtitfidh an contae beag in éadan an chontae mhóir. Is mó spraoi a bhaineann leis an tarraingt féin go minic ná na cluichí a shocraítear de réir na tarraingte.

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Maireann muid beo – in ainneoin an domhandaithe

Nach iontach go deo é an Sunday Game?

Is breá liom an dóigh a n-éiríonn le lucht a léirithe fuinneamh úr a chur ann. Ní fear mór mata mé agus is minic a chuireann na léaráidí ar fad mearbhall orm ach tuigim go mb’fhéidir go mbainfeadh eolaithe na gcluichí Gaelacha tairbhe as a leithéid.

Is deas liom fosta go mbíonn mír anois faoi chúrsaí camógaíochta ann, dóigh an-deas agus an-chiallmhar le hiomáint na mban a chur san áireamh le linn an tsamhraidh.

Mar sin féin, is í an chaint a thógann do chroí – Marty, Joe et al – ag caint leo ag an tinteán. Seanchas atá ann, nach ea, scéaltaí laochrais ón lá atá inniu ann ach ní Fionn agus na Fianna atá againn ach contaetha agus caid agus iomáint.

Maireann muid beo – in ainneoin an domhandaithe.

Ag traenáil ag an Tour

Ní fada uainn an Tour. Tá mé i mbun traenála ar an tolg cheana féin. Caithim seal gach lá i mo luí ar an tolg, ag ullmhú mo cholainne agus mo dhroma don ród sin romham. Síleann mo bhean go bhfuil mé falsa; deirim léi go bhfuil mé ag obair. Beidh orm seal níos faide a chaitheamh ar an tolg má tá mé le teacht slán as an aistear áirithe seo ar an rothar. Tá eagla orm nach ndearna mé go leor traenála ar an tolg le linn an giro, go bhfuil na matáin i ndiaidh éirí lag. Ná bíodh eagla ort. Tiocfaidh mé slán. Déanfaidh mise an traenáil duitse!

Fág freagra ar 'Ceiltigh Ghlaschú v Linfield agus Maserati v Massey-Ferguson?'