Ceiltigh Ghaoth Dobhair an chéad chumann in Éirinn le gradam nua de chuid an FAI

Bronnadh an gradam Club Mark ar Cheiltigh Ghaoth Dobhair aréir as feabhas na bainistíochta agus an riaracháin acu

Ceiltigh Ghaoth Dobhair an chéad chumann in Éirinn le gradam nua de chuid an FAI

Is iad Ceiltigh Ghaoth Dobhair an chéad chumann in Éirinn ar bronnadh gradam nua de chuid an FAI orthu, an gradam Club Mark.

Is ag ócáid i Scoil Mhuire sna Doirí Beaga aréir a bhronn ionadaithe ón FAI an gradam ar an gcumann Gaeltachta.

Bronntar an Club Mark ar chumainn a bhaineann an caighdeán is airde amach ó thaobh bainistíochta agus riaracháin de.

Agus é ag labhairt ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt Cathaoirleach an chumainn, Hughie ‘Rua’ Ó Gallchóir go raibh sé iontach an t-aitheantas a fháil as an obair ar fad atá déanta ag an gcumann le tamall anuas.

“Tá muid iontach sásta leis. Caithfidh mé ardmholadh a thabhairt d’achan duine, do na cóitseálaithe, do na tuismitheoirí agus do na daoine uile a chuir obair isteach ann, go háirithe Fiona McEntee, a rinne an-obair air seo, agus a fear Kenny McEntee, fosta.”

Bíonn an measúnú don ghradam dírithe ar thrí chatagóir: cúrsaí riaracháin, rialachais agus bainistíochta. Chun an gradam a fháil, bíonn 20 critéar i ngach aon chatagóir le sásamh. Dúirt Ó Gallchóir go mbaineann na critéir le rudaí ar nós, plean forbartha an chumainn, polasaí um chosaint leanaí, taifid ar chruinnithe, cúrsaí árachais agus tuilleadh.

D’fhill ionadaí ón FAI ar an gcumann beagán os cionn míosa ó shin chun bualadh leis an gcoiste agus chun tuilleadh eolais a fháil.

“Dúradh linn gur muid an chéad chlub a tháinig ar ais leis an eolas uile a iarradh orainn. Tháinig siad anuas ansin, b’fhéidir cúig nó sé seachtaine ó shin le bualadh linn.”

Níor cheap Ó Gallchóir go gcloisfidís tada eile ar feadh tamaill ach níorbh fhada gur tháinig an dea-scéal chucu.

“Tháinig sé iontach gasta orainn, shíl muid nach bhfaigheadh muid chomh gasta seo é. Ach dúirt siad go raibh achan rud aimsithe againn agus bhí an t-eolas acu agus bhí siad sásta teacht aréir.”

Dar le Ó Gallchóir, níl anseo ach céim amháin eile chun tosaigh don chumann.

“Tá céim eile againn ina dhiaidh seo chun dul chomh fada le Leibhéal 2, ach tá sé sin thart ar dhá mhí dhéag, ocht mí dhéag síos an bealach.”

Fág freagra ar 'Ceiltigh Ghaoth Dobhair an chéad chumann in Éirinn le gradam nua de chuid an FAI'