Ceiltear an fhírinne iomlán orainn i ‘Truth’

Saothar sollúnta, taitneamhach in áiteanna ach é ag iarraidh a bhó féin a chur thar abhainn an t-am ar fad

Truthe

Truth
Stiúrthóir: James Vanderbilt
Cliar: Cate Blanchett, Robert Redford, Topher Grace, Denis Quaid, Elisabeth Moss, Bruce Greenwood.

Aithnítear go forleathan go raibh tréimhse oifige George W. Bush mar uachtarán ar Mheiriceá ar cheann de na tréimhsí ba chonspóidí i stair na huachtaránachta sa tír sin, agus mhaífeadh mórán go raibh sé ar an tréimhse ba thubaistí chomh maith. Ní nach ionadh tá an tréimhse, agus an fear féin, tar éis go leor amhábhar a thabhairt do scríbhneoirí agus déantóirí scannán, a bhformhór acu cáinteach agus cuid acu ag déanamh seó bóthair ceart don iar-Uachtarán.  Ó thaobh an scáileáin de ba é Michael Moore, fear gur mór aige an cur chuige poileimiciúil, is túisce a thug fogha faoi Bush le Fahrenheit 9/11 (2004), saothar a chroch leis an Palme d’Or. Ceithre bliana ina dhiaidh sin deineadh ceap magaidh iomlán de Bush, agus de dhaoine eile, sa scannán beathaisnéiseach W. (2008) le Josh Brolin sa phríomhról. An bhliain chéanna tháinig Recount (2008) amach, saothar a dhein iarracht shollúnta cíoradh stuama a dhéanamh ar an útamáil a bhain leis an gcomhaireamh i Florida tar éis thoghchán na huachtaránachta. Anois, tuairim is ocht mbliana tar éis do Dubya éirí as oifig, seo chugainn saothar eile.

Cé go mbíonn binb agus nimh i ngach aon toghchán (féach a bhfuil ag tarlú le ‘The Donald’ fé láthair), bhí naimhdeas ar leith le sonrú in 2000 agus 2004 agus tugann Truth éachtaint dúinn ar an méid sin.

Roimh an olltoghchán in 2004 bhí cad é bús faoi na tréimhsí a chaith John Kerry agus George W. Bush ar dualgas sna fórsaí cosanta. Dream amháin ag maíomh go raibh scéal mhadra na n-ocht gcos déanta de ghaiscí Kerry i rith chogadh Vítneam agus dream eile ag ceistiú cad go díreach a bhí á dhéanamh ag Bush i rith na tréimhse céanna.

Bhí an clár 60 Minutes agus Dan Rather ina cheann feadhna (Redford) ar cheann de na mórchláir cúrsaí reatha ag an am. B’fhear é Rather a bhí sa Táin; dalta coimirce agus oidhre Walter Cronkite araon agus duine de phiardaí móra na meán.

Bhí caidreamh iontach aige lena léiritheoir, Mary Mapes (Blanchett)  agus nuair a thagann sí sin ar eolas agus cáipéisí a léirigh go raibh cad é cúbláil agus bréaga ann faoi thréimhse an Uachtaráin Bush san arm, tacaíonn sé léi ar an bpointe.

Sa chéad chuid den scannán cítear an mheitheal chumasach ag paidhceáil leo agus iad ag iarraidh an fhianaise ar fad a chniotáil le chéile. Tar éis a chraolta tosaítear, ní nach ionadh, ag cáineadh an ábhair.

Ach nuair a thosaítear ag scagadh na gcáipéisí titeann an tóin as rudaí ar fad. Ba chonspóid í a bhain creathadh as iomaire na nuachta agus a chuir piardaí móra de dhroim seoil.

Cé go ndéantar iarracht a bheith neamhchlaonta tá an t-ábhar bunaithe ar leabhar le Mapes agus tá sé deacair éalú ón tuiscint go bhfuil beagán den laochadhradh ar siúl anseo.

Bhí sin le feiscint ag an deireadh mar a raibh óráid ghaisciúil ag an laoch  a bhaineann barrthuisle as na bithiúnaigh. Fágann sin coiscéim bhacaí san insint. Seanmóireacht agus tochras ar cheirtlín Mapes atá i gceist. Pé acu gur áin leat Bush nó nach áin deineadh cluas mhuice den taighde don chlár úd agus ní dóigh liom gur díríodh ar an gcuid sin den scéal mar is ceart.

Déanann Blanchett a cúram go slachtmhar cé go dtaibhsítear dom ar uairibh go mbíonn a cuid taispeántas ábhairín róshaothraithe agus go mbíonn cuid den ‘féach orm táim ag aisteoireacht’ ag baint leo.

Saothar sollúnta, taitneamhach in áiteanna ach é ag iarraidh a bhó féin a chur thar abhainn an t-am ar fad.