‘Ceathrar Crua’ – Ní hé Conor McGregor an chéad fhear ‘crua’ spóirt againn…

Agus Conor McGregor ag troid sa UFC anocht i gcoinne Chad Mendes, caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na laochra spóirt eile is crua as Éirinn

Steve_crusher_Casey_-_geograph.org.uk_-_1022312

Steve ‘Crusher’ Casey

Cé nach mbeadh mórán aithne ag an nglúin óg air, deirtear go bhfuil ‘Crusher’ Casey ar dhuine de na fir spóirt is fearr dar tháinig as an tír seo riamh. Mar rámhaí, mar iomrascálaí agus mar dhornálaí a bhain an Crusher cáil amach.

03Rugadh é sa tSnaidhm i 1908 agus ba dhuine de sheachtar deartháireacha é ar tugadh ‘an chlann is crua in Éirinn’ orthu. Ba é ‘Crusher,’ a bhí 6’4 agus 17 gcloch meáchain, an duine is fearr aithne den seachtar. Deirtear nuair a bhí sé ag obair leis an Roinn Foraoiseachta gur thit capall oibre as a sheasamh le tuirse ach gur thóg ‘Crusher’ an úim é féin agus lean sé air leis an obair.

Tar éis dó na rásaí rámhaíochta uile a bhuachan sa tír seo, bhí Casey agus a dheartháireacha in ainm is a bheith ag rámhaíocht don Bhreatain ag na cluichí Oilimpeacha i mBeirlín i 1936 ach cuireadh cosc air mar gheall go raibh airgead saothraithe aige ó bhabhtaí iomrascála. Chuaigh sé ag iomrascáil go lán-aimseartha ina dhiaidh sin agus bhuaigh sé Craobh Iomrascála Trom-Mheáchain an Domhain i 1938.

Bhain sé triail as an dornálaíocht ag an am céanna agus bhí sé imeartha leis na doirne chomh maith. Dhiúltaigh Joe Louis, curadh trom-mheáchain an domhain, an ‘Sneem Machine’ a throid. Choinnigh Casey air ag iomrascáil agus faoin am gur éirigh sé as i 1947, bhí an chraobh dhomhanda fós aige agus gan fiú babhta amháin caillte aige.


Screen Shot 2015-07-10 at 17.21.42.png

Mick Murphy

An ‘Ironman’ a thug siad ar Chiarraíoch eile, Mick Murphy, agus dá mbeadh duine le scannán a dhéanamh faoi shaol aon fhir spóirt as Éirinn, chaithfeá Murphy a roghnú.

0002586a-500Beo bocht agus é ag fás aníos i gCathair Saidhbhín, thosaigh Murphy ag obair sa sorcas nuair nach raibh sé ach 12 bhliain d’aois. Is ansin a d’fhoghlaim sé cuid de na cleasa a chabhraigh leis sa rothaíocht ina dhiaidh sin, rudaí ar nós tógáil meáchan chomh maith le rudaí a bhí beagáinín níos aite, cosúil le a bheith ag ithe feoil amh.

I 1958, gan ach bliain caite aige ag rásaíocht rothair, ghlac Murphy páirt i Rás Tailteann, ceann de na rásaí is crua san Eoraip ag an am. Chun ullmhú don rás, chaith Murphy mí ag traenáil sna coillte i dtuaisceart Chorcaí. Fuair sé an lámh in uachtar le linn an dara stáitse den rás agus bhí an geansaí buí ar a dhroim aige as sin go deireadh cúrsa.

Chomh maith le feoil amh a ithe, d’óladh Murphy fuil bó i rith an rása. Stopadh sé chun í a thaoscadh ó fhéitheacha ainmhithe ar thaobh an bhóthair. Ghlac sé páirt sa Rás arís i 1959 agus chodail sé amuigh faoin aer ar shráid i mBaile Átha Cliath roimh an rás. Nuair a chlis ar a rothar féin le linn ceann do na stáitsí, ghoid sé ceann ó fheirmeoir ar thaobh an bhóthair chun breith ar na rothaithe a bhí chun tosaigh air. Bhain drochthimpiste dó níos déanaí sa rás ach choinnigh sé air ag rothaíocht ar feadh ceithre lá agus a dhealrachán briste aige.

D’éirigh sé as an rothaíocht i 1960 nuair a bhí air dul ar imirce go Sasana ach ní dhéanfar dearmad go deo ar ghaiscí an ‘Ironman’.


Willie John McBride. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Willie John McBride. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Willie John McBride

Cé go bhféadfaí cás a dhéanamh do Paul O’Connell agus Brian O’Driscoll anseo, ní fhéadfadh mórán gearáin a bheith ann maidir leis an bhfear rugbaí atá roghnaithe ina n-áit.

pg-56-Mcbride-GettyChaith Willie John McBride 13 bliana ag imirt le foireann rugbaí na hÉireann agus níor chaith aon imreoir eile geansaí na Lions chomh minic le McBride, a d’imir leo 17 n-uaire. Chuaigh sé ar turas leis an bhfoireann faoi chúig ach is é an turas chuig an Afraic Theas i 1974 an ceann is mó a bhfuil cuimhne ag daoine air.

Bhí McBride ina chaptaen ar an bhfoireann an bhliain sin agus cheap sé plean chun déileáil le himreoirí na hAfraice Theas a bhí ag iarraidh scanradh a chuir ar na Lions. Dúirt McBride lena chuid imreoirí, aon uair a ghlaofadh sé ’99’ amach le linn an chluiche, gur fógra a bhí ann dóibh dul i mbun troda lena gcéilí comhraic. Ba é tuairim mheáite McBride ná dá mbeadh gach ball den fhoireann ag troid nach bhféadfadh an réiteoir iad uile a chuir den pháirc.

Bhí na cluichí uile ar an turas sin i 1968 lán de nimhneas agus teannas ach ba é an tríú cluiche an ceann ba mheasa ar fad acu. Bhéic McBride ‘99’ agus bhí sé ina chogadh. Faoin am a chuir an réiteoir smacht ar chúrsaí bhí na himreoirí uile thíos ag cuardach rud éigin sa phuiteach. Bualadh chomh láidir sin duine d’fhoireann na hAfraice Theas, Johan De Bruyn, gur thit a shúil ghloine amach.


Mick Lyons. Pictiúr: INPHO/James Meehan
Mick Lyons. Pictiúr: INPHO/James Meehan

Mick Lyons

Aon uair a thosaíonn díospóireacht faoi na fir is crua agus is cróga sa CLG, luaitear fear na Mí, Mick Lyons. I gcontae a bhfuil cáil na bpeileadóirí crua air, bhí Lyons níos crua ná éinne acu agus é ag imirt san áit is deacra ar an bpáirc – lánchúlaí.

mick-lyons-of-meath-and-christy-ryan-of-cork-1987-630x479Bhuaigh Lyons Craobh na hÉireann faoi dhó agus dhá ghradam All-Star le contae na Mí. Is mar gheall ar chathanna i gcoinne Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí faoi dheireadh na n-ochtóidí agus tús na nóchaidí is mó a chuaigh Lyons i bhfeidhm ar dhaoine. Deirtear gur imir ochtar lántosaithe difriúla in aghaidh Lyons i rith na gceithre chluiche idir Baile Átha Cliath agus An Mhí i 1991, agus nár scóráil siad eatarthu ach aon phointe amháin lena linn. Sa cheathrú cluiche díobh sin, bronnadh cic éirice ar Bhaile Átha Cliath agus nuair a bhí Keith Barr á thógáil, choinnigh Lyons air ag rith taobh leis, ag cur as dó. Chuir Barra an cic amú. Má bhí Lyons crua, bhí sé glic freisin.

Nuair a bhuail Colm O’Neill ó Chorcaigh dorn ar Lyons i gcluiche ceannais na bliana 1990, ní dhearna Lyons tada ach coinneáil air ag imirt. Bhí neart ann, cinnte.

Fág freagra ar '‘Ceathrar Crua’ – Ní hé Conor McGregor an chéad fhear ‘crua’ spóirt againn…'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Céard faoi Sheán Ó Mainnín— an fear nár leagadh ariamh?