Cúigear cainteoirí líofa Gaeilge tofa chun Stormont. Cé hiad féin?

Is baill de Shinn Féin ceathrar den chúigear cainteoirí Gaeilge a toghadh i dtoghchán an Tionóil an tseachtain seo caite agus ón SDLP an duine eile

Cúigear cainteoirí líofa Gaeilge tofa chun Stormont. Cé hiad féin?

Tá Gaeilge líofa ag cúigear den 90 Comhalta den Tionól Reachtúil (MLA) i Stormont a toghadh Dé hAoine, agus triúr acu ina dteachtaí de chuid Shinn Féin.

Is iad Máirtín Ó Muilleoir, Declan Kearney, Barry McElduff, agus Seán Lynch na cainteoirí Gaeilge ó Shinn Féin a toghadh chun Stormont agus is é Patsy McGlone ón SDLP an t-aon duine eile a bhfuil Gaeilge ar a thoil aige ar éirigh leis sa toghchán an tseachtain seo caite.

Bhí Máirtín Ó Muilleoir ina Aire Airgeadais sa Tionól deiridh, agus tá iarracht á déanamh aige i láthair na huaire dlí, a achtaíodh 280 bliain ó shin le cosc a chur ar an nGaeilge sna cúirteanna, a aisghairm.

Is é Ó Muilleoir an duine is mó a mbeadh aithne ag lucht labhartha na Gaeilge air mar gheall ar na blianta fada atá caite aige ag plé le cúrsaí polaitíochta an Tuaiscirt ar leithéidí Raidió na Gaeltachta, TG4 agus Raidió Fáilte, agus toisc gur leis tráth na nuachtáin agus Lá Nua

Tá Declan Kearney ina bhall de Shinn Féin ó 1980 agus tá sé ina chathaoirleach ar an bpáirtí faoi láthair. Mhúineadh Kearney Gaeilge in áiteanna éagsúla i ndeisceart Chontae Aontroma agus thóg sé a chlann féin go dátheangach. Cloistear Kearney ar na meáin Ghaeilge ó am go chéile freisin.

Toghadh Barry McElduff arís i dTír Eoghain Thiar Dé hAoine. Bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste Cultúir, Ealaíon, agus Fóillíochta an tionóil agus sa bhliain 2010, d’éiligh an coiste sin, faoina chathaoirleacht, go dtabharfaí níos mó airde ar logainmneacha na mbailte fearainn, a bhfuil a bhformhór acu fréamhaithe sa Ghaeilge.

Bhí conspóid ann i 1998, go luath i ndiaidh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta, nuair a labhair McElduff Gaeilge ag ócáid de chuid an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil. Thug Ard-Rúnaí Choimisiún na hEorpa na linne, Carlo Trojan, óráid uaidh ag dinnéar speisialta agus bhí deis ag Comhaltaí an Tionóil ceisteanna a chur i ndiaidh a chuid cainte. Ba i nGaeilge agus i mBéarla a chuir McElduff a cheist siúd.

“I didn’t understand a word you said,”  a dúirt Trojan, agus scairt mhór gháire á spreagadh aige ó na polaiteoirí Aontachtacha a bhí i láthair. D’éiligh na polaiteoirí Náisiúnacha go labhródh Trojan le McElduff go pearsanta ach ní raibh aon toradh ar an gcomhrá sin.

Is é Patsy McGlone an t-aon chainteoir líofa Gaeilge a toghadh nach polaiteoir de Shinn Féin é. Ón mbliain 2003, tá sé ina MLA de chuid an SDLP, páirtí a mbíodh sé tráth ina leascheannaire air. Bhíodh sé ina bhall de Bhord Fhoras na Gaeilge freisin. Nuair a toghadh ina leascheannaire ar an SDLP é in 2010, dúirt sé go raibh an Ghaeilge an-tábhachtach dó agus gur chuid lárnach den fhéiniúlacht Ghaelach í.

Tá Acht Gaeilge éilithe don Tuaisceart ag McGlone freisin agus é luaite go minic aige mar thosaíocht ag a pháirtí nuair a bhí sé ina leascheannaire.

De réir suirbhé a rinne The Irish News roimh thoghchán na seachtaine caite, bhí seachtar cainteoirí líofa Gaeilge i measc na n-iarrthóirí uile a sheas do shuíochán i Stormont i mbliana, sin 3% de na hiarrthóirí. Ó tharla gur éirigh le cúigear cainteoirí líofa Gaeilge ceann de na 90 suíochán a fháil, is cainteoirí Gaeilge iad 6% de na comhaltaí tofa.

Níor éirigh le Cathal Ó hOisín ó Shinn Féin, ná Dónal Ó Cofaigh ón Cross-Community Labour Alternative, an bheirt eile a thug le fios don Irish News go raibh Gaeilge líofa acu, suíochán a fháil.

Ní raibh aon bhall de na páirtithe Aontachacha i measc na n-iarrthóirí a thug le fios go raibh Gaeilge líofa acu, cé gur léirigh roinnt de na hiarrthóirí ón bPáirtí Coimeádach spéis inti. Ní raibh aon bhean ina measc ach an oiread.

Fág freagra ar 'Cúigear cainteoirí líofa Gaeilge tofa chun Stormont. Cé hiad féin?'

  • Seán Mag Leannáin

    Díol spéise é seo a chur i gcomparáid leis an 29 Teachtaí sa Dáil ó dheas a deir go bhfuil Gaeilge acu – is é sin 29 as 158 ball. Is ionann sin agus 18.35% den iomlán. Tá seisear Gaeilgeoirí i measc na mban agus 23 Gaeilgeoirí i measc na bhfear sa Dáil. Is fir iad an cúigear Gaeilgeoirí ar fad sa Tuaisceart. (Féach alt i dTuairisc, 1 Márta 2016 – https://tuairisc.ie/grafaic-eolais-ce-hiad-na-gaeilgeoiri-a…/.)
    Bheinn beagáinín amhrasach faoi chruinneas na bhfigiúirí ó dheas ach b’fhéidir nach bhfuil siad i bhfad ón marc. De réir dealraimh tá trí oiread níos mó céadtadán de Ghaeilgeoirí sa Dáil ná sa Chomhthionól. Ag cur san áireamh stádas oifigiúil na teanga ó dheas, agus an tacaíocht a thugann an Stát di – a lochtaí is atá an tacaíocht sin – agus ag cur san áireamh freisin neamhshuim fhormhór mór an phobail Phrotastúnaigh ó thuaidh sa teanga, b’fhéidir go mbeifeá ag súil le bearna den méid seo ó thaobh líofacht sa Ghaeilge de idir an dá chuid den tír.

  • Pól Réamonn

    Cá bhfuil na mná le Gaeilge sa Tionól?

  • Máirtín Ó Muilleoir

    Tá scoth na Gaeilge ag Pat Sheehan mar Tá a fhios ag gach Gaeilgeoir a d’fhreastail ar an chruinniú Mór sa Chultúrlann roimh an toghchán. Labhair Pat go húdarásach ar chúrsaí Gaeilge an Oíche sin. Trevor Lunn ón Alliance ar ais. Tosaíonn sé a chuid cainte go minic le frasa Gaeilge. Daoine eile ag foghlaim Gaeilge Gerry Carroll as PBP agus Megan Fearon Ina measc. Tréan Gaeilge ag Gerry Kelly fosta. Is i gConamara a rugadh Claire Hannah ón SDLP (mgl, Tá mé ag lúbadh ba gcritéir!)