Ceathrar a bheidh ag iarraidh deis a fháil le hÉirinn i gCraobh na Sé Náisiún

Roghnóidh Joe Schmidt a scuad don chomórtas amárach sula dtabharfar deis do na himreoirí óga ar fad atá tagtha chun cinn le bliain anuas

Ceathrar a bheidh ag iarraidh deis a fháil le hÉirinn i gCraobh na Sé Náisiún

Roghnóidh Joe Schmidt a scuad do Chraobh na Sé Náisiún amárach (Dé Luain) agus é ag iarraidh cúiteamh a dhéanamh as an taispeántas leamh a thug a fhoireann uathu sa chomórtas céanna anuraidh.

Beidh an Nua-Shéalannach buíoch, mar sin, go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil iliomad roghanna aige ó thaobh cé a ghlacfaidh páirt sa chomórtas ina n-imreoidh Éire a gcéad chluiche in aghaidh na hAlban ar an 4 Feabhra.

Anuraidh, bhí an fhoireann scriosta ag gortuithe agus leithéidí Peter O’Mahony, Iain Henderson agus Tommy Bowe in easnamh. I mbliana, tá cúrsaí imithe i bhfeabhas agus is é Sean Cronin an t-aon fhear a bhfuiltear cinnte faoi go gcaillfidh sé an comórtas de bharr teannán na hioscaide gortaithe aige ag imirt do Chúige Laighean. Is é an rúitín atá ag cur as d’fhear Chúige Chonnacht, Ultan Dillane, faoi láthair, ach fiú má chailleann sé cluiche na hAlban meastar go mbeidh sé ar ais don chuid eile de Chraobh na Sé Náisiún.

Beidh teacht ag Schmidt freisin ar na seanfhondúirí, Jonathan Sexton, Rory Best agus Sean O’Brien, ach is iad na himreoirí óga atá tagtha ar an bhfód le cúpla mí an t-údar dóchais is mó ag Schmidt.

Fiú má bhuailtear Éire le gortuithe, tá ionadaithe cumasacha againn do bheagnach gach ionad…

©INPHO/Billy Stickland

Niall Scannell

Agus scata imreoirí gortaithe i scuad Chúige Mumhan an séasúr seo, d’éirigh le Scannell áit bhuan ar an bhfoireann a bhaint amach agus tá deis aige an rud céanna a dhéanamh leis an bhfoireann idirnáisiúnta anois. Agus Sean Cronin ar iarraidh don chomórtas uile, beidh deis ag Scannell an mianach atá ann a léiriú do Schmidt.

Beidh Scannell in iomaíocht le himreoir óg eile, an Laighneach James Tracy, chun an áit sin i measc na n-ionadaithe a fháil. Murab ionann is Scannell, tá cluiche amháin imeartha ag Tracy d’Éirinn cheana, sa bhua in aghaidh Cheanada anuraidh. Beidh géarchoimhlint idir an bheirt acu.

 ©INPHO/Dan Sheridan

Luke McGrath

Seans gurb é Conor Murray an leathchúlaí clibirte is fearr ar domhan faoi láthair agus cé nach bhfuil aon bhaol ann go gcaillfidh sé a áit, tá roghanna ag Joe Schmidt más faoi sos a thabhairt d’fhear Luimnigh.

Is é Kieran Marmion is mó atá roghnaithe ag Schmidt go dtí seo, ach tá Luke McGrath go mór sa treis faoi láthair agus taispeántais den scoth tugtha uaidh i mbliana aige. Tá Eoin Reddan agus Isaac Boss éirithe as an imirt agus lántairbhe bainte ag McGrath as an scéal. Tá ceithre úd scóráilte aige dá chúige le ceithre chluiche anuas. Is buntáiste eile dó go n-imríonn sé le Jonathan Sexton seachtain i ndiaidh seachtaine.

©INPHO/James Crombie

Tiernan O’Halloran

Seans gurb é O’Halloran an t-imreoir is fearr a léiríonn an dul chun cinn atá déanta ag Cúige Chonnacht le cúpla bliain anuas. I ndiaidh an chúigiú babhta do Chorn na gCuradh, príomhchomórtas chlubanna na hEorpa, an tseachtain seo caite, ba ag fear an Chlocháin a bhí ‘an líon is mó méadar’. Is é an scéal céanna é sa PRO12 go dtí seo chomh maith.

Léirigh sé na buanna uile atá aige sa chluiche in aghaidh Cheanada i mí na Samhna seo caite agus cé go bhfuil cliathánaithe agus lánchúlaithe den scoth ag Éirinn faoi láthair, ní cúis iontais a bheadh ann dá n-éireodh le O’Halloran áit a bhaint amach dó féin.

 ©INPHO/Billy Stickland

Stuart McCloskey

Fear é seo a raibh a lán cainte faoi anuraidh ach atá ligthe i ndearmad beagáinín ó shin, go háirithe agus imreoir lár na páirce eile, Garry Ringrose, ag bláthú le bliain anuas. Is imreoir an-éagsúil le Ringrose é McCloskey. Tá sé 6’4” ar airde agus is i ngeansaí 12 a bheadh sé seachas ag 13.

D’imir sé i gcoinne Shasana i gCraobh na Sé Náisiún anuraidh ach bhí mí-ádh air ó shin. Chaill sé amach ar an gcamchuairt go dtí an Afraic Theas an samhradh seo caite agus bhí sé gortuithe do chluichí an fhómhair. Tá sé tagtha chuige féin ó shin, áfach, agus beidh sé ag súil go bhfuil dóthain déanta aige chun deis eile a fháil ó Schmidt as seo go deireadh

Fág freagra ar 'Ceathrar a bheidh ag iarraidh deis a fháil le hÉirinn i gCraobh na Sé Náisiún'