Dé Máirt, sna Stáit Aontaithe, d’fhoilsigh Seanad na tíre sin tuarascáil maidir leis an gcéasadh a bhí ar bun ag an CIA i ndiaidh eachtra 9/11.
Déardaoin, sa Bhrasaíl, d’fhoilsigh ‘Coimisiún na Fírinne’ tuarascáil maidir leis coireanna i gcoinne chearta an duine a tharla sa tír sin in aimsir na deachtóireachta, idir 1964 agus 1985.
Dhá thuarascáil a dteastaíonn goile láidir ó dhuine lena léamh.
Ní hé nach raibh súil leis na huafáis ar fad a bhfuil cur síos orthu i dtuarascáil Sheanad na Stát Aontaithe maidir le céasadh an CIA i ndiaidh eachtra 9/11, ach chuir an mioneolas faoi na teicnící ar baineadh úsáid astu alltacht ar go leor.
Ar an gcaoi céanna, bhí an chuid is mó de na cásanna a gcuirtear síos orthu i dtuarascáil Choimisiún na Fírinne (bínse fiosraithe a bunaíodh sa Bhrasaíl dhá bhliain ó shin chun coireanna an stáit i gcoinne chearta an duine in aimsir na deachtóireachta a fhiosrú) ar eolas ag muintir na Brasaíle cheana féin.
Ach léiríonn an tuarascáil líon iomlán na ndaoine a maraíodh nó a d’imigh ar iarraidh den chéad uair – 434 duine – agus ainmnítear gach duine den 377 oifigeach stáit a fuarthas freagrach as coireanna i gcoinne chearta an duine inti, cúigear iar-uachtarán san áireamh.
Thosaigh uachtarán reatha na Brasaíle, Dilma Rousseff ó Pháirtí na nOibrithe (PT), ag gol nuair a cuireadh an tuarascáil oifigiúil ar lámh di. Bhí Rousseff í féin ina measc siúd a céasadh le linn na deachtóireachta.
Anois agus a fhios againn céard a tharla i gcillíní an CIA agus i gcillíní fhórsaí armtha na Brasaíle le linn na deachtóireachta, céard a dhéanfar leis an eolas seo?
Tá an dá thír le moladh as an bhféinscrúdú, ach ní leor é.
Ní bheifear in ann an phian a d’fhulaing na príosúnaigh a céasadh a chúiteamh dóibh go brách, ach má chúisítear agus má chiontaítear na daoine a bhí freagrach – céasadóirí, a gceannairí agus polaiteoirí – is céim sa treo ceart é.
Beidh le feiceáil, áfach, an mbeidh an toil pholaitiúl ann sa dá thír an chéad chéim eile sin a chur.
Fág freagra ar 'Céasadh: céard é an chéad chéim eile?'