Cearta eisiacha do chluichí CLG faighte ag Sky Sports arís agus cearta do 85 cluiche ag TG4

Tá cearta faighte arís ag Sky Sports cluichí CLG a chraoladh go heisiach agus craolfaidh TG4 85 cluiche beo agus iarbheo in aghaidh na bliana

Cearta eisiacha do chluichí CLG faighte ag Sky Sports arís agus cearta do 85 cluiche ag TG4

INPHO/Cathal Noonan

Coinneoidh Sky Sports leo ag craoladh cluichí ó chraobhacha iomána agus peile na hÉireann as seo go ceann cúig bliana agus cearta craolta teilifíse agus raidió fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael tráthnóna.

Cé gur tharraing cinneadh na cearta a dhíol le Sky go leor conspóide in 2014 agus go bhfuil na figiúirí féachana do na cluichí ar Sky sách íseal, tá margadh déanta leis an gcomhlacht arís a cheadóidh dóibh 20 cluiche a thaispeáint in aghaidh na bliana. Beidh 14 de na cluichí sin á gcraoladh beo ar Sky Sports amháin.

Is ionann an socrú seo agus socrú na bliana 2014 agus na cearta ag Sky agus RTÉ araon chun cluichí leathcheannais agus cluichí ceannais na hÉireann a thaispeáint.

Ach an oiread le margadh Sky, níl aon athrú tagtha ar an socrú atá ag CLG le RTÉ agus cead faighte ag an stáisiún 31 cluiche a chraoladh ó chraobhacha iomána agus peile na hÉireann.

Craolfaidh TG4 85 cluiche beo agus iarbheo in aghaidh na bliana agus cearta faighte acu chun cluichí sraithe an Domhnaigh a thaispeáint. Tá na cearta faighte chomh maith ag an stáisiún Gaeilge do chraobhacha idirchontae na mionúr, do na craobhacha Faoi 20 agus Faoi 21, agus do chraobhacha na gclubanna.

Coinneoidh RTÉ Raidió na Gaeltachta na cearta céanna a bhí acu roimhe seo agus beidh na cluichí móra á gcraoladh acu i gcaitheamh na bliana.

Tiocfaidh na socruithe nua seo i bhfeidhm an bhliain seo chugainn go dtí go rachaidh na cearta craolta in éag arís in 2022.

Fág freagra ar 'Cearta eisiacha do chluichí CLG faighte ag Sky Sports arís agus cearta do 85 cluiche ag TG4'