Cearta an Diaspóra ‘curtha ar an méar fhada’ – Ó Clochartaigh

‘Ní leor a bheith ag iarraidh ar an diaspóra tacú le tionscnaimh ar nós 'The Gathering' agus comórthaí 2016’ – a deir Seanadóir Shinn Féin

Trevor_Ó_Clochartaigh_2013
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn FéinTá an Rilatas tar éis loic ar an Diaspóra trí chinneadh faoi chearta vótála d’Éireannaigh thar lear a chur ‘ar an méar fhada’, dar le hurlabhraí Shinn Féin ar ghnóthaí an Diaspóra, an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.Tá an Rilatas tar éis loic ar an Diaspóra trí chinneadh faoi chearta vótála d’Éireannaigh thar lear a chur ‘ar an méar fhada’, dar le hurlabhraí Shinn Féin ar ghnóthaí an Diaspóra, an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Tá an Rilatas tar éis loic ar an Diaspóra trí chinneadh faoi chearta vótála d’Éireannaigh thar lear a chur ‘ar an méar fhada’, dar le hurlabhraí Shinn Féin ar ghnóthaí an Diaspóra, an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Cháin an Seanadóir Ó Clochartaigh an Rialtas inniu as neamhaird a dhéanamh ar an gCoinbhinisiún Bunreachtúil agus a mholadh go ndéanfaí reifreann a ghairm maidir le cearta vótála a thabhairt do shaoránaithe Éireannacha thar lear i dtoghcháin Uachtaránachta abhus.

In agallamh le hAire an Diaspóra, Jimmy Deenihan, a d’fhoilsigh Tuairisc.ie inné, thug an tAire le fios go raibh sé ar son vóta a thabhairt d’Éireannaigh thar lear i dtoghcháin uachtaránachta.

Thug an tAire le fios chomh maith go ndéanfaí cinneadh Rialtais an tseachtain seo maidir le reifreann a ghairm faoin ábhar, ach is cosúil anois go bhfuil an cinneadh sin curtha ar an méar fhada.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh go bhfuil sé “soiléir” nach bhfuil ag eirí leis an Aire “an tábhacht a bhaineann leis seo a chur ina luí ar a chomhghleacaithe ag bord an Rialtais” in ainneoin é a bheith “ag taisteal go forleathan, ag tabhairt le fios go ndéanfar cinneadh faoi seo go luath”.

Thug an Seanadóir le fios go bhfuil iarrtha aige ar an Rialtas díospóireacht faoi cheist chearta an Diaspóra a ghairm sa Seanad go luath san athbhliain.

“Ní leor a bheith ag iarraidh ar an diaspóra tacú le tionscnaimh ar nós ‘The Gathering’ agus comórthaí 2016 nuair nach bhfuiltear ar an lámh eile sásta na bunchearta seo a bhronnadh ar ár gcuid saoránaithe ar fud na cruinne.

“Tá an t-ábhar seo leochaileach go maith an tráth seo bliana chomh maith nuair a bheidh cuid mhaith imircigh ag tabhairt cuairt ar an mbaile don Nollaig, ach ag filleadh ar a gcuid bailte nua san athbhliain – agus go bhfuil cuid mhór eile atá ar imirce, ní dá ndeoin féin, nach bhfuil ar a gcumas a bheith anseo lena gcairde agus gaolta ag an tráth seo bliana a bheag ná a mhór,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Fág freagra ar 'Cearta an Diaspóra ‘curtha ar an méar fhada’ – Ó Clochartaigh'

  • Aonghus

    An bhfuil gá le reifreann? Nach saoránaigh atá i gceist, mar sin níl gá ach an dlí toghchán a leasú.