Céard iad na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ‘is fearr’ sa Stát?

Tá scoil lán-Ghaeilge i Luimneach ar an iarbhunscoil ‘is fearr’ sa stát don cheathrú bliain as a chéile, de réir táblaí The Sunday Times

Céard iad na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ‘is fearr’ sa Stát?

Tá an scoil lán-Ghaeilge Coláiste Chnoc na Labhras i Luimneach ar an iarbhunscoil ‘is fearr’ sa stát don cheathrú bliain as a chéile, de réir táblaí sraithe The Sunday Times a foilsíodh inné.

I measc na scoileanna lán-Ghaeilge eile atá áirithe i measc an fiche scoil is fearr sa Stát, tá Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath, atá sa chúigiú háit, Coláiste na Coiribe, Gaillimh, atá sa 14ú háit, agus Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath, atá san 18ú háit.

Bhí idir thitim agus ardú i gceist do choláistí lán-Ghaeilge atá ar an liosta de 400 scoil a foilsíodh ag an deireadh seachtaine. Ardú a bhí i gceist le deich scoil lán-Ghaeilge ó foilsíodh staitisticí na bliana seo caite agus bhí titim i gceist le naoi scoil. D’fhan dhá scoil, Coláiste Chnoc na Labhras agus Coláiste Eoin i Stigh Lorgan, san áit chéanna.

Ba é Coláiste an Achréidh i gContae na Gaillimhe is mó a rinne dul chun cinn sa liosta. Léim an scoil sin ón 358ú háit anuraidh go dtí an 140ú háit i mbliana.

Ba é Coláiste Ailigh, i nDún na nGall, an scoil ba mhó a thit i mbliana — chuaigh sí síos ón 33ú háit ar liosta na bliana seo caite go dtí an 127ú háit ar liosta na bliana seo. Bhí Coláiste Ailigh ar bharr liosta na scoileanna ‘is fearr’ i gCúige Uladh anuraidh, ach tá sé anois sa chúigiú háit sa chúige sin, de réir The Sunday Times. Is é Coláiste Oiriall i Muineachán atá ar bharr an liosta i gCúige Uladh i mbliana.

Tá scagadh déanta ag Tuairisc.ie ar an tábla agus liosta de na 20 iarbhunscoil lán-Ghaeilge is fearr sa stát curtha i dtoll a chéile againn bunaithe ar an eolas a foilsíodh in The Sunday Times.

Tá scaipeadh leathan ar na Gaelcholáistí ‘is fearr’ sa Stát, ó Dhún na nGall go Loch Garman agus ó Mhuineachán go Ciarraí.

Bunaíodh na staitisticí ar eolas a bailíodh faoi líon na ndaltaí in iarbhunscoileanna uile na tíre a chuaigh ar aghaidh go dtí 32 institiúid tríú leibhéal thuaidh agus theas.

Is éard atá i gceist le ‘céatadán ar an tríú leibhéal’ sa tábla thuas ná meánlíon na ndaltaí ó na scoileanna a chláraigh le hinstitiúid tríú leibhéal le linn na mblianta acadúla 2014-2015, 2015-2016,agus 2016-2017.

Áirítear leis sin daltaí a chláraigh le ceann acu seo: na seacht n-ollscoil i bPoblacht na hÉireann; na coláistí oiliúna sa Phoblacht; an RSCI nó an NCAD; cúrsa lánaimseartha fochéime in institiúidí tríú leibhéal i dTuaisceart Éireann; nó aon choláiste tríú leibhéal eile atá á mhaoiniú ag an Stát. Fágadh cúrsaí príobháideacha ar lár.

Baineann conspóid i gcónaí le foilsiú leithéidí na dtáblaí seo ag The Sunday Times agus saineolaithe oideachais áirithe den tuairim gur róchúng an tslat tomhais iad chun breithiúnas a thabhairt ar chaighdeán an oideachais a chuirtear ar fáil i scoileanna na tíre.

Foilseofar liosta na scoileanna Gaeltachta ‘is fearr’ sa tír ar Tuairisc.ie go luath.

Fág freagra ar 'Céard iad na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ‘is fearr’ sa Stát?'

  • Siobhán

    Cad mar gheall ar Choláiste Íde atá san 11ú áit?

  • Denise

    Ag smaoineamh an rud céanna…

  • Lelia Ní Chinnéide

    Agus mise!???