Cé hiad na hiarbhunscoileanna ‘is fearr’ sa Ghaeltacht?

Tá cuntas ar na hiarbhunscoileanna ‘is fearr’ atá lonnaithe sa Ghaeltacht curtha le chéile ag Tuairisc.ie bunaithe ar thaighde náisiúnta a rinne an nuachtán The Sunday Times

Cé hiad na hiarbhunscoileanna ‘is fearr’ sa Ghaeltacht?

Coláiste Íde, coláiste cónaithe do chailíní sa Daingean i gContae Chiarraí, atá ar bharr liosta na scoileanna Gaeltachta ‘is fearr’ den tríú bliain as a chéile. Chuaigh 82.6%% de dhaltaí Choláiste Íde ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal. Is laghdú é sin ar an 87.2% a chuaigh ar aghaidh in 2016.

Meánscoil oileáin, Coláiste Ghobnait in Inis Oírr i nGaeltacht na Gaillimhe, an dara scoil is airde ar liosta na bliana seo. Ba é Coláiste Ghobnait, freisin, an coláiste is mó a ardaíodh ar an liosta ó bhí 2016 ann. Bhí sé sa 180ú háit anuraidh agus sa 53ú háit i mbliana.

Ba í Gairmscoil na bPiarsach i Ros Muc an scoil dara leibhéal Gaeltachta is mó a thit ar an liosta — ón 243ú háit anuraidh go 384ú háit i mbliana.

16 scoil Ghaeltachta ar fad a bhí ar an liosta de 400 scoil a foilsíodh ar The Sunday Times. Tá seacht gcinn de na scoileanna sin i nGaeltacht na Gaillimhe, péire i nGaeltacht Chiarraí, péire i nGaeltacht Chorcaí, péire i nGaeltacht Thír Chonaill, agus ceann amháin i Maigh Eo, Port Láirge agus an Mhí.

Bhí idir thitim agus ardú i gceist do na scoileanna Gaeltachta atá ar an liosta den 400 scoil a foilsíodh ag an deireadh seachtaine. Ardú a bhí i gceist i gcás seacht scoil ó foilsíodh staitisticí na bliana seo caite agus bhí titim i gceist i gcás ocht scoil. D’fhan Coláiste Íde san áit chéanna agus d’éirigh le Coláiste Pobail Ráth Chairn áit a fháil ar mhórliosta na bliana, murab ionann agus anuraidh.

Bunaíodh na staitisticí ar eolas a bailíodh faoi líon na ndaltaí i scoileanna uile na tíre a chuaigh chun cinn go dtí 32 institiúid tríú leibhéal thuaidh agus theas, ach is iad na daltaí a chuaigh chuig ollscoileanna amháin a cuireadh san áireamh san ord ‘fiúntais’.

Níor cuireadh san áireamh sa liosta seo scoileanna atá lonnaithe i gceantar oifigiúil Gaeltachta ach atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla.

Is éard atá i gceist le ‘céatadán ar an tríú leibhéal’ sa tábla thuas ná meánlíon na ndaltaí ó na scoileanna a chláraigh le hinstitiúid tríú leibhéal le linn na mblianta acadúla 2014-2015, 2015-2016,agus 2016-2017.

Áirítear leis sin daltaí a chláraigh le ceann acu seo: na seacht n-ollscoil i bPoblacht na hÉireann; na coláistí oiliúna sa Phoblacht; an RSCI nó an NCAD; cúrsa lánaimseartha fochéime in institiúidí tríú leibhéal i dTuaisceart Éireann; nó aon choláiste tríú leibhéal eile atá á mhaoiniú ag an Stát. Fágadh cúrsaí príobháideacha ar lár.

Baineann conspóid i gcónaí le foilsiú leithéidí na dtáblaí seo ag The Sunday Times agus saineolaithe oideachais áirithe den tuairim gur róchúng an tslat tomhais iad chun breithiúnas a thabhairt ar chaighdeán an oideachais a chuirtear ar fáil i scoileanna na tíre.

Foilsíodh liosta na nGaelcholáistí ‘is fearr’ sa tír ar Tuairisc.ie cheana.

Fág freagra ar 'Cé hiad na hiarbhunscoileanna ‘is fearr’ sa Ghaeltacht?'

  • Donncha

    ‘Céard iad na hiarbhunscoileanna ‘is fearr’ sa Ghaeltacht?’ An tomhas bunaithe ar daoine a théann ar aghaidh ag an tríú leibhéal, agus sin amháin, gan aon cheo eile tugtha san áireamh? Níl meas mada ar dhaoine a théann le ceardaíocht, le cócaireacht, le drámaíocht, le príntíseacht, le feilméireacht, le iascach, le tiomáint etc etc etc. Is mó meas ar na daoine a théann ar an Ollscoil, nach bhfuil in ann don tríú leibhéal agus a chríocnaíonn ag obair ag stacáil seilfeanna i ollmhargadh nó ag díol burgers i Supermacs!