‘Céard é hurricane ar aon chaoi, a Mhamaí?’

Théis 24 uair an chloig sáinnithe sa teach, níorbh léir dár gcolúnaí ní ba mhó cé acu ba chontúirtí, Ophelia nó an Cailín Mór Beag

‘Céard é hurricane ar aon chaoi, a Mhamaí?’

'Lá na Gaoithe Móire': LÉARÁID: Tuairisc.ie/CÓS

“Céard é hurricane ar aon chaoi?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom agus an lá á chaitheamh againn sa teach i bhfolach ón stoirm mhór. Bhí sí ag breathnú amach an fhuinneog agus amhras uirthi.

Bhí an chuid ba mheasa de Ophelia imithe tharainn. Murach ‘preabdhamhsa’ na wheelie bins agus iad i mbun léiriú sráide de Thriller Michael Jackson, ní bheadh a fhios agat go raibh stoirm ar bith ann.

‘An bhfuil tú siúráilte cinnte nach féidir linn a ghabháil amach?’ a dúirt sí agus a cloigeann á shíneadh suas aici i dtreo na spéire.

Bhí brath orm iad a scaoileadh amach ar mhaithe le cúrsaí slándála agus sábháilteachta. Théis 24 uair an chloig sáinnithe istigh sa teach, níor léir dom ní ba mhó cé acu ba chontúirtí, Ophelia nó an Cailín Mór Beag a bhí suite sa gcoirnéal agus an drochshúil á tabhairt aici orm mar nach raibh a fhios agam cá raibh an crián buí.

Le bheith féaráilte, is dócha go raibh muid uilig éirithe beagáinín corraithe théis a bheith ar an bhfoscadh sa teach ag fanacht ar an ngála. Ní fhéadfainn a rá go raibh mo bhosca éigeandála faoi réir do stoirm mhór. Dá dteipfeadh ar an leictreachas, an t-uisce, nó an Wi-Fi níl a fhios a’m cén deireadh a bheadh orainn.

Ní hé nach raibh tada beo sa teach againn, sheas mé in Aldi oíche Dé Domhnaigh. Bhí chuile dhuine ag caint ar an stoirm a bhí ag déanamh orainn is bhí tír is talamh ag déanamh ar na hollmhargaí.

Níl a fhios a’m an bhfuil aon tagairt ar leith déanta d’Aldi Chnoc na Cathrach in Apacailipsis Eoin, ach b’fhéidir gur cheart go mbeadh. Ba gheall le tráthnóna roimh Lá na Cinniúna é istigh in Aldi.

Chuir sé sórt creatháin ionam nuair a chonaic mé é. ‘Ó a mhaighdean bheannaithe, b’fhéidir nach bhfuil mé sách dáiríre faoin stoirm seo! An bhfuil an deireadh linn? An gceannóidh mé na brioscaí daora agus bíodh an diabhail aige?’

Tá daoine ann a deir go raibh an ghrian ag scaladh gach lá beo agus iad ina bpáistí. Feictear dom féin go raibh chuile gheimhreadh ina bháisteach agus mé i mo ghasúr agus an lá nach mbíodh sé ina bháisteach bhíodh sé ina ghála.

‘An bhfuil sé tagtha?” a d’fhiafraigh mo mháthair díom lá stoirme amháin agus muid ina ngasúir.

Rith mé anonn ag an bhfuinneog bheag ag binn an tí agus bhreathnaigh mé síos i dtreo na scoile. Bhí carr an phríomhoide taobh amuigh, b’in an comhartha againn go raibh sé in am a ghabháil ag an scoil.

‘Tá sé ann,’ a dúirt mé. Bhí sé ina ghleadhradh báistí agus gála ag séideadh go láidir. I bhfocal eile, gnáthlá scoile a bhí ann.

‘Ok, gabhaigí i leith,’ a d’ordaigh sí dom féin agus mo dheirfiúracha agus sheas muid i ndiaidh a chéile i líne sa gcistineach. ‘Cuir do chloigeann isteach anseo anois,’ a dúirt sí.

Bhí mála mór dubh bruscair an duine aici dúinn agus poill gearrtha amach aici astu. Poll amháin i dtóin an mhála le do chloigeann a chur amach tríd agus poll ar chaon taobh de chun do lámha a chur amach as.

Sórt painseó ceolchoirme a bhí ann, sula raibh a fhios againn céard é painseó… ná ceolchoirm.

Shocraigh mé seasamh a thógáil, ní ar mo shon féin amháin, ach ar son mo dheirfiúracha chomh maith. ‘Ní fhéadfaidh tú iad sin a chur orainn ag dul ag an scoil!’ a dúirt mé, mo gháir chogaidh tugtha.

‘Cén ealaín atá ort, nach mbeidh sibh báite go craiceann agus maraithe ag slaghdán! Tharraing sí na málaí anuas orainn sula raibh a fhios againn ceart céard a bhí tarlaithe agus b’in deireadh na hagóide.

Fág freagra ar '‘Céard é hurricane ar aon chaoi, a Mhamaí?’'