Céard é an sean-nós? Bhuel, tá sé old-school…

Bíonn a fhios agat céard é an sean-nós nuair a chloiseann tú é agus tá a dhraíocht fhéin ag baint leis

Céard é an sean-nós? Bhuel, tá sé old-school…

Uair ar bith a gcloisim caint ar shainmhíniú ar an amhránaíocht ar an sean-nós, cuimhním ar an téarma ‘old-school’ nó ‘old-skool’ a bhíonn ag na hamhránaithe hip-hop agus iad ag déanamh cur síos ar na céad chleachtóirí sa stíl sin ar éirigh leo briseadh isteach ar na cairteanna náisiúnta i Meiriceá.

Mar a rinne an rapálaí aitheanta Tupac Shakur cur síos air ina amhrán ‘Old School’ (fainic, tá go leor eascainí san amhrán), ‘what more can I say, I wouldn’t be around today if the old school didn’t pave the way’.

Feictear dom go bhfuil an rud céanna fíor faoin amhránaíocht ar an sean-nós. Scríobhann Kevin Hickey ina alt ‘Leic Mar Thaobh Aille, Béal Mar Shruthán Ceolmhar’ in iris Comhar na míosa seo, gur dhúirt na hamhránaithe Sorcha Ní Ghuairim (a bhfuil ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ainmnithe in ómós di i Roisín na Mainiach, Carna) agus Seosamh Ó hÉanaí ‘nár cheart an téarma ‘sean-nós’ a úsáid, beag ná mór, le cur síos a dhéanamh ar amhránaíocht dhúchais na hÉireann.

Agus an t-ábhar á phlé ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Máirt, bhí painéal amhránaithe, Máire Pheter Uí Dhroighneáin, Síle Denvir agus Lillis Ó Laoire ag caint le Máire Áine Ní Chuaig agus iad ag tabhairt a léargas féin ar an amhránaíocht ar an sean-nós agus cén chaoi a ndéanfá cur síos uirthi nó ar cheart an an téarma ‘sean-nós’ a úsáid ar chor ar bith.  

‘D’fhéadfadh muid a rá, mar a chuala muid iad, sa tseanaimsir ó bhí muid ina ngasúir bheaga ó bhí an dream a chuaigh romhainn ina ngasúir bheaga agus an dream rompu sin arís,’ a dúirt Máire Pheter Uí Dhroighneáin mar chuid den phlé.  

Ní fhéadfá a rá ach an oiread gur amhránaíocht gan tionlacan é an sean-nós agus luaigh Síle Denvir go mbíodh tionlacan na gcláirsí in úsáid go traidisiúnta in Éirinn agus go mbíodh Raiftearaí é fhéin ag seinm ar an bhfidil scaití agus é ag gabháil fhoinn.

‘Is rud é an sean-nós atá sé deacair cur síos a dhéanamh air,’ a dúirt Lillis Ó Laoire, ‘Caithfidh duine an t-amhrán a thabhairt leis ar a bhealach féin ach san am céanna é a fhágáil sa gcaoi sin go n-aithneoidh tú gur aniar atá sé ag teacht.’

Thar aon cheol eile, feictear dom gurb é do chroí seachas do chloigeann a inseoidh duit céard é amhrán atá á chasadh ar an sean-nós. Níl mórán staidéir déanta agam ar an gceol ach, mar a dúirt bean liom, ‘you don’t have to be a hen to know a good egg’.

Cuimhním fós ar an gcéad uair ar chuala mé daoine amhail Micheál Ó Cuaig, Sara Ghriallais, a mac Michael ag gabháil fhionn. Cuimhním Briocán Bairéad as Ros Muc a chloisteáil den chéad uair is é ina leaid óg ag gabháil fhoinn. Cuimhním ar an gcéad uair ar chuala mé Lillis Ó Laoire ag casadh amhráin ag an Oireachtas i Leitir Ceanainn is gur thit ciúnas ar an seomra agus chuile dhuine súite isteach san amhrán.

Cibé téarma is fearr don amhránaíocht ar an sean-nós nó cibé sainmhíniú a thabharfá air, nuair a chloisfidh tú amhrán á chasadh go maith ar an sean-nós sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis.

Bíonn a fhios agat céard é an sean-nós nuair a chloiseann tú é agus tá a dhraíocht fhéin ag baint leis. Tá sé old-school, mar a déarfá.