Céard atá uaibh? Scéal an chailín a choinnítear i dtúr ar feadh a saoil nó scéal an chailín atá mar sclábhaí ag sórt leipreacháin?

AG TÓGÁIL CLAINNE: Déanann ár gcolúnaí iontas den méid scéalta do pháistí a bhfuil mac tíre mór dána nó psycho éigin eile istigh ina lár. B’fhearr léi scéalta deasa ach is fearr leis na gásúir cinn ina mbíonn Mamónna á n-alpadh

Bridget_pic

‘Léigh an ceann leis an mac tíre mór dána,’ a ordaíodh dom arís. Bhreathnaigh mé suas ar an tseilf, áit a raibh an leabhar mór Five Minute Fairy Tales leagtha.  B’fhearr mar theideal Cuir an Croí Trasna Iontu i gCúig Nóiméad, Fág Slán ag an gCodladh, Scanróidh Muid an Cac Asat.

Bhí dearmad déanta agam an leabhar a chur i bhfolach mar a mhionnaigh mé go ndéanfainn an oíche roimhe, a luath is a bheidis ina gcodladh. Níl a fhios a’m an bhfuil mé iomlán ar mo chompord ag léamh scéalta do na páistí faoi mharú agus foréigean díreach sula dtéann siad a chodladh.

Ná ag am ar bith eile ach an oiread, leis an bhfírinne a rá.

B’fhearr liom scéalta deasa neamhurchóideacha ar nós Tomhas Méid mo Ghrá DuitThugas an Ghealach ag Siúl Liom Aréir. Ach níl an tsuim chéanna acu sna scéalta sin.

Déanaim iontas den méid scéalta do pháistí a bhfuil mac tíre mór dána nó psycho éigin eile i gcroílár na hinsinte. Is dócha go ndearna mé dearmad orthu. Nó go bhfuil an chuimhne brúite siar chomh fada agus a d’fhéadfainn  i m’intinn agam le go mbeinn in ann aghaidh a thabhairt ar an saol.

Na haidhmeanna is coitianta ag an mboc seo, ar ndóigh, ná carachtair eile an scéil a ithe, a mharú nó a choinneáil mar sclábhaíthe. Íomhánna nach gcabhraíonn le codlamh sámh na hoíche, dar liom.

‘Léifidh muid rud éigin eile,’ a dúirt mé; ‘pioc scéal eile as an leabhar.’ Agus shín mé an leabhar chuici ag súil go bpiocfadh sí rud éigin réasúnta neamhurchóideach amach as. Níor thuig mé ag an am nach raibh a leithéid de scéal sa leabhar.

Luaithrín, scéal an chailín atá ina sclábhaí ach a shaortar sa deireadh í mar go bhfuil cosa beaga aici. Rapunzel, scéal an chailín a choinnítear i dtúr ar feadh a saoil agus ansin a mbearrtar gruaig a cinn di.  Rumpelstilskin scéal eile faoi chailín a choinnítear mar sclábhaí ar feadh a saoil ag sórt leipreacháin. Bhí sé chomh maith agam cloí leis an gcéad rogha a rinneadh.

Thosaigh mé ag léamh Cochaillín Dearg agus é i gceist agam leagan éigin a chumadh nár chuir an oiread béime ar alpadh Mamónna ná ar thuanna. Ní raibh mé imithe i bhfad sa scéal nuair a ordaíodh dom stopadh.

‘Ní shin é, an ceann eile, leis an bpota, a Mhamaí’.

Thóg sé nóiméad orm a thuiscint gur scéal Na Trí Mhuicín a bhí i gceist, nó Scéal an Mhac Tíre Mór Dána agus a Thóin Dóite mar is fearr aithne air sa teach seo.

Fág freagra ar 'Céard atá uaibh? Scéal an chailín a choinnítear i dtúr ar feadh a saoil nó scéal an chailín atá mar sclábhaí ag sórt leipreacháin?'