Céard atá i ndán anois ó toghadh Emmanuel Macron?

Is mithid a rá gur mhó lion na vótaí bána sa toghchán seo ná i dtoghchán uachtaránachta ar bith sa bhFrainc ó 1969

Céard atá i ndán anois ó toghadh Emmanuel Macron?

Is é Emmanuel Macron a bheas ina Uachtarán ar Phoblacht na Fraince i ndiaidh François Hollande. Toghadh aréir é le 66% de na vótaí. Is é a bhí chun cinn ins gach uile départment sa tír seachas péire sa tuaisceart, Pas-de-Calais agus Aisne. (101 département atá sa tír ar fad.) De réir na bpobalbhreitheanna a foilsíodh le deireanas, bhí an bua á thuar don Uasal Macron. Sa deireadh thiar, bhí sé i bhfad chun cinn ar Marine Le Pen, iarrthóir Le Front National. Beagán le cois ar 20 milliún vóta a fuair Macron. Taobh le 10 milliún a bhí a chéile comhraic.

Is mithid a rá gur mhó líon na vótaí bána sa toghchán seo ná i dtoghchán uachtaránachta ar bith sa bhFrainc ó 1969. Sin de bharr an míshásamh a bhí ar an eite chlé. Dhiúltaigh ceannaire La France Insoumise, Jean-Luc Mélenchon, seasamh in aghaidh Le Front National. Rud eile, bhí an ráta vótála íseal go leor i dtoghchán an lae inné. De réir na staitisticí, níor vótáil ach 75% de na vótóirí cláraithe, le hais 80% in 2012 agus 84% in 2007.

Is é Emmanuel Macron (a rugadh i 1977) an tUachtarán is óige dá raibh ar phoblacht na Fraince riamh. Tamall tar éis dó dochtúireacht a bhaint amach i réimse na fealsúnachta, chuaigh sé ag obair le banc Rothschild, áit ar tugadh post sinsearach bainistíochta dó in 2010. I 2012, ghlac sé le le post comhairleoireachta san eacnamaíocht i rialtas na Fraince ar chuireadh ón Uachtarán Hollande. D’éirigh sé as an bpost sin in 2016, agus is i bhfómhar na bliana anuraidh a bhunaigh sé En Marche!, feachtas polaitíochta dar sprioc athnuachan a dhéanamh ar an gcóras.

Is beag a síleadh gur maith a chruthódh Macron i dtoghchán na huachtaránachta. Ní raibh dintiúirí an pholaiteora aige, agus bhí sé gan páirtí aitheanta. Tharla dhá ní áfach a réitigh an bealach dó. Scoilteadh an Páirtí Sóisialach, agus theip orthu feachtas ar fónamh a riar. Sin agus foilsíodh eolas faoin airgead mór a chuir François Fillon, Iar-Phríomhaire, agus iarrthóir na heite deise sa toghchán, i bpóca a mhná céile Penelope Fillon. Bhí titim na himeartha le Macron ina dhiaidh sin.

Fós féin, ba mhór an dúshlán cos a chur i dtaca in aghaidh Le Front National. Is sa díospóireacht teilifíse idir Macron agus Le Pen ar an 3ú Bealtaine ba shoiléire an difríocht idir an bheirt iarrthóirí. Labhair Macron go stuama, sothuigthe, socair, áit ar chaith Marine Le Pen a cuid ama le maslú, le míchruinneas agus le mórchúis. Bhí easaontas bunúsach ann idir an bheirt faoi thodhchaí na Fraince san Eoraip, faoin euro, agus faoi chúrsaí imirce, cuir i gcás. Flaithiúnas na Fraince a athghabháil, an teorainn a dhúnadh, agus cearta na n-imirceánach a laghdú – sin cuid den phort a bhí ag bean Le Front National. Dlús a chur leis an gcomhoibriú idirnáisiúnta, an euro a neartú, agus fáilte thar teorainn isteach a chur roimh aicmí éagsúla daoine, sin cuid den phort a bhí ag fear En Marche!.

Dá réir sin, is mór an faoiseamh do bhunáite na ndaoine sa nGearmáin Marine Le Pen a bheith curtha ó dhoras. ‘Seachnaíodh an tubaiste,’ arsa Die Süd-Deutsche Zeitung. Dearcadh dá réir atá i dtíortha go leor eile. Céard atá i ndán anois ó toghadh Emmanuel Macron? Braitheann freagra na ceiste sin ar an olltoghchán parlaiminte a reachtálfar sa bhFrainc an mhí seo chugainn. Pé toradh a bheas ar an toghchán sin, is cinnte go mbeidh athruithe móra ann. Agus na ceisteanna atá ar bhéal na ndaoine: cén céatadán den vóta a bheas ag La France Insoumise agus En Marche, nó an mbeidh teachta Parlaiminte de chuid Le Front National ann i Pas-de-Calais, Aisne, nó Le Gard ó dheas?

Idir an dá linn, beidh an tUasal Macron ag stocaireacht agus ag pleanáil. Fuair Le Front National 34% den vóta i dtoghchán na huachtaránachta. An dá lá a mbeidh sé i gcumhacht, beidh scáth na bhFaisisteach ar réim Emmanuel Macron.

Fág freagra ar 'Céard atá i ndán anois ó toghadh Emmanuel Macron?'