‘Céard?’, a dúirt sí, amhail is nach leáfadh an t-im féin ina béal, gan trácht ar mhéar a dearthár

AG TÓGÁIL CLAINNE: Ní foláir dár gcolúnaí an liosta de rudaí verboten a mheabhrú do na gasúir ó am go chéíle

Lamh

‘Abhaí, abhaí!’ a bhéic an Babaí agus thosaigh sé ag déanamh a bhealaigh anonn chugam. ‘Abhaí, abhaí,’ a dúirt sé agus greim ar a lámh aige agus an chuma air go ndearnadh éagóir mhór air. Shín sé a lámh chugam agus chonaic mé marc beag ar an gcorrmhéar. Lorg fiacaile. ‘Céard a tharla duit?’ a d’fhiafraigh mé de. Níor dhúirt sé tada, ach bhreathnaigh sé anonn ar a dheirfiúr agus thuig mé go raibh an dubhfhealltóireacht ar bun abhus.

‘Ar bhain tú greim as a mhéar?’ a d’fhiafraigh mé di agus mé ag féachaint go milleánach uirthi. Níor lig sí uirthi go raibh aon bhaint aici leis an scéal. ‘Tá’s a’d go maith nach bhfuil aon chead plaic a bhaint as éinne,’ a dúirt mé ansin, ag meabhrú an liosta de rudaí verboten di.

‘Céard?’, a dúirt sí sa deireadh, amhail is nach leáfadh an t-im féin ina béal, gan trácht ar mhéar a dearthár.

‘Ná bac le céard:’, a dúirt mé léi agus an GLÓR CROSTA curtha ag obair agam, ‘ná déan arís é.’

Ba léir gur ghlac sí mar mhasla é go bhféadfadh éinne a leithéid de dhroch-chlú a tharraingt uirthi. Dhírigh sí amach na guaillí: ‘Bhuel, ní raibh aon neart agam air!’ a dúirt sí ansin agus a cás achomhairc á réiteach aici.

Bhí an Babaí fós ag deargchaoineadh agus greim truamhéalach aige ar a mhéar. Leis an bhfírinne a rá, ceapaim go raibh sé ag dul beagáinín thar fóir leis an scéal; bhí an marc beagnach imithe faoin am seo.

Labhair an Cailín Mór Beag go tomhaiste: ‘má chuireann sé a mhéar i mo bhéal arís, bainfidh mé plaic as.’ An foláireamh tugtha, d’fhill sí ar obair phráinneach an My Little Pony – is cosúil go raibh ar an gcapaillín dul go Aldi agus roinnt siopadóireachta a dhéanamh.

Rug mé barróg ar an mBabaí agus é ag iarraidh breith ar a anáil tar éis an rachta mhóir caointe. Chaolaigh sé na súile, bhreathnaigh sé anonn ar an gCailín Mór Beag agus d’airigh mé goimh san aer. Tá mé ionann is cinnte gur chuir sé an drochshúil uirthi.

An lá arna mhárach a imríodh an ealaín dhubh. Bhí sí ag scipeáil léi síos an bóthar nuair a d’imigh na cosa uaithi agus thit sí. Cheapfá gur titim bheag fhánach a bhí ann. Cheapfá. D’fhág sé na glúine scríobtha uirthi, dusta ar a lámha agus mant beag ina draid san áit a raibh fiacail bheag ghéar ann an lá roimhe.