Céard a d’fhoghlaim muid ó chluichí na gcúigí?

Cé go raibh aird gach duine ar chluiche na hÉireann, bhí babhta iomlán sa chomórtas Pro12 an deireadh seachtaine seo chomh maith

Jack O’Donoghue ag aimsiú úd sa chéad cluiche a thosaigh sé do na Muimhnigh. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Jack O’Donoghue ag aimsiú úd sa chéad cluiche a thosaigh sé do na Muimhnigh. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tá réalta nua aimsithe ag na Muimhnigh

Gan é ach 21 bliain d’aois agus é ag tosú a chéad cluiche sa chomórtas Pro12, sheas Jack O’Donoghue amach mar cheann de na himreoirí is fearr ar an bpáirc. D’aimsighan fear a bhí ag uimhir 8 úd amháin agus bhí baint aige le ceann eile i mbua na Mumhan i gcoinne Cardiff Blues an deireadh seachtaine seo caite.

Chaith fear Phort Láirge geansaí na hÉireann leis na foirne faoi aois agus tá an-mheas ag bainistíocht na Mumhan ar O’Donoghue. Tar éis an chluiche an Satharn seo caite, luaigh Anthony Foley go raibh súil á coinneáil aige ar O’Donoghue le tamall anuas agus go raibh sé thar a bheith sásta leis an taispeántas a chonaic sé ón imreoir óg.

Na Scarlets ag aimsiú a gceathrú húd i gcoinne Chúige Chonnacht ag an deireadh seachtaine. Pictiúr: INPHO/Ashley Crowden

Tá séasúr Chonnacht idir dhá cheann na meá

Cé go bhfuil foireann Pat Lam fós sa séú háit sa tsraith, an spota deireanach chun cáiliú do Chomórtas na gCuradh an séasúr seo chugainn, tá obair fós le déanamh acu chun teacht slán. Tar éis dóibh cliseadh i gcoinne na Scarlets Dé Domhnaigh, tá Connachta chun cinn ar fhoireann na Breatain Bige de bhuíochas go bhfuil cluiche amháin níos mó buaite acu, cé go bhfuil an méid céanna pointí aimsithe acu.

Taobh thiar de na Scarlets, beidh Dún Éidean ag súil le go gcaillfidh na foirne timpeall orthu tuilleadh cluichí chomh maith, agus gan iad ach pointe amháin eile chun deiridh ar na Scarlets agus Cúige Chonnacht. Tar éis an dul chun cinn a rinne na Connachtaigh go luath sa bhliain seo, ba thrua an scéal é dá dtiteadh siad siar ag an tráth seo. Tá Treviso ag tabhairt cuairt ar an Sportsground sa chéad chluiche eile agus beidh bua maith, le pointe bónais, ag teastáil chun iad a chur ar bhóthar a leasa arís.

Luke Fitzgerald knocks on as he is about to ground the ball 15/2/2015
Ní raibh Matt O’Connor sásta nár tugadh an scór seo do Luke Fitzgerald sa dara leath i gcoinne na Dragons. Pictiúr: INPHO/Colm O’Neill

Bíonn conspóid ann faoin TMO, bíodh sé ann nó as

Agus 50 nóiméad imeartha, bhí an chuma ar an scéal an cluiche athraithe ó bhonn ag na Laighnigh nuair a thrasnaigh Luke Fitzgerald líne an úid chun scór a fháil. Bhí Cúige Laighean chun deiridh an t-am sin ach thabharfadh an scór sin ardú meanman dóibh féin agus don slua san RDS.

Ní raibh an réiteoir, Ben Whitehouse, cinnte go raibh an liathróid curtha chun talaimh ag Fitzgerald, áfach, agus nuair nach raibh TMO ar fáil dó chun súil a chaitheamh ar an eachtra, níor cheadaigh Whitehouse an scór.

Cheap O’Connor go raibh úd eile ag na Laighnigh nár cheadaigh an réiteoir agus ní mó ná sásta a bhí sé tar éis an chluiche, é ag áiteamh nach bhfuil sé ceart ná cóir go mbeifí ag dul i muinín áiseanna TMO le haghaidh cluichí áirithe agus nach mbeifí i gcluichí eile.

Craig Gilroy ag glacadh comhghairdeas tar éis an bhua in aghaidh Treviso an Aoine seo caite. Pictiúr: INPHO/Presseye/Darren Kidd
Craig Gilroy ag glacadh comhghairdeas tar éis an bhua in aghaidh Treviso an Aoine seo caite. Pictiúr: INPHO/Presseye/Darren Kidd

Níl a rás rite ag Craig Gilroy fós

Tá sé dhá bhliain ó d’imir Craig Gilroy d’Éire sa chomórtas Sé Náisiún. Fiú agus a chomhghleacaí Andrew Trimble gortaithe go dtí deireadh an tséasúir, níl Gilroy ag fáil áit ar bhinse na hÉireann fiú.

Is fada ó shin a tharraing Gilroy aird air féin i dtosach ach tá dea-chomharthaí ann go bhfuil sé ag teacht chuige féin arís i mbliana. D’aimsigh sé dhá úd i mbua Chúige Uladh i gcoinne Treviso ag an deireadh seachtaine agus tá sé sa dara háit sa tsraith ó thaobh úid scóráilte.

Nuair nár phioc Joe Schmidt an oiread agus cliathánaí amháin ar an mbinse don dá chluiche a bhí ag Éirinn go dtí seo sa chomórtas Sé Náisiún, shílfeá go mb’fhéidir nach mbeidh mórán deiseanna ag Gilroy an t-earrach seo ach má choinníonn sé air ag imirt mar seo, tá gach seans go mbeidh páirt aige i gCorn an Domhain níos deireanaí sa bhliain.