Céard a bhí le foghlaim ó na cluichí ag an deireadh seachtaine?

Scrios á dhéanamh ag Aidan O’Shea, dul chun cinn déanta ag Malachy O’Rourke i Muineachán agus scéalta suntasacha eile ó chluichí na deireadh seachtaine

Niall Holly agus Gary O'Donnell i bPáirc an Phiarsaigh ar an Satharn. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Niall Holly agus Gary O’Donnell i bPáirc an Phiarsaigh ar an Satharn. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Gaillimh ag cruthú íomhá nua dóibh féin

Nuair a tháinig na babhtaí cáilithe isteach i gcraobh na hÉireann i 2001, ba iad na Gaillimhigh is túisce a bhain leas iomlán astu chun craobh na hÉireann a bhuachan. Go dtí coicís ó shin, ba é 2001 chomh maith an uair is déanaí a bhuaigh Gaillimh cluiche as baile agus cluiche i gcoinne foireann Ultach sa chraobh.

Chuir siad an scéal sin ina cheart nuair a bhuaigh siad thuas in Ard Mhacha ar an 12 Iúil agus an Satharn seo caite rinne siad an beart arís in aghaidh Dhoire. Faoi dheireadh, tá sé cruthaithe acu go bhfuil siad in ann don stíl peile chosantach atá á himirt ag formhór na bhfoirne sa chraobh. Cé nár aimsigh foireann Kevin Walsh ach dhá scór ón imirt, thaispeáin siad neart agus foighde agus iad ag iarraidh Doire a bhriseadh síos, tréithe a bhí in easnamh orthu roimhe seo.

Is léir go bhfuil an-chuid oibre déanta ag an mbainisteoir lena chuid imreoirí. Tá Dún na nGall, freasúra na Gaillimhe sa chéad bhabhta eile, céim nó dhó chun cinn arís ar Dhoire ach tabharfaidh na taispeántais seo misneach d’fhir an iarthair agus iad ag iarraidh na hUltaigh a shárú don tríú cluiche as a chéile.

Ross Donovan agus Daniel Maye ag iarraidh stop a chuir le Aidan O'Shea ar an Domhnach. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan
Ross Donovan agus Daniel Maye ag iarraidh stop a chuir le Aidan O’Shea ar an Domhnach. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Aidan O’Shea agus Maigh Eo ag baint leas as an modh díreach

ráite faoi Mhaigh Eo dá mbeadh an caighdeán céanna imreoirí sna tosaithe acu is a bhí i lár na páirce go mbeadh Corn Mhic Uidhir buaite acu faoin tráth seo. Le deartháireacha Uí Shé, Barry Moran agus Tom Parsons, bhí scoth na bhfear lár páirce i gcónaí acu ach an fhadhb a bhí ann ná áit a fháil dóibh uile san fhoireann.

I mbliana, tá Aidan O’Shea curtha isteach ar imeall na cearnóige acu, rud a thugann deis d’fhear eile a áit a thógáil le Seamus O’Shea i lár na páirce. Bhí Tom Parsons ar fheabhas san áit sin inné ach ba é taispeántas Aidan O’Shea is mó a tharraing aird an phobail. Rinne sé scrios ar líne lánchlúl Shligigh san aer agus ar an talamh agus chríochnaigh sé an cluiche agus 3-4 ón imirt aige. Dála a mbua in aghaidh na Gaillimhe, rinne Maigh Eo chuile iarracht liathróid sciobtha a chur isteach i dtreo O’Shea agus tá thar a bheith deacair fear Bhréachmhaigh a stopadh nuair a bhíonn sé i mbarr a mhaitheasa.

Aidan O'Mahony ag ceiliúradh ag lán ama i gcluiche ceannais na Mumhan. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Aidan O’Mahony ag ceiliúradh ag lán ama i gcluiche ceannais na Mumhan. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

‘Duais’ níos tábhachtaí ná an corn féin buaite ag Ciarraí

Is cinnte gur chúis ceiliúrtha ag imreoirí Chiarraí Craobh na Mumhan a bheith buaite acu don 77 huair agus na sean-namhaid a bheith curtha de dhroim seoil arís acu, ach ba é an rud is luachmhaire faoin mbua sin ná go bhfuil bóthar i bhfad níos réidhe rompu anois sa chraobh.

Caithfidh Corcaigh Cill Dara a imirt anois sa chéad bhabhta eile. Cé go raibh drochfheachtas sraithe acu, tá foireann Jason Ryan ag treabhadh leo sna cluichí cáilithe ach fiú thagann Corcaigh slán ón gcoimhlint sin, is i gcoinne Bhaile Átha Cliath a bheidh siad sa chluiche ceathrú ceannais. Is in aghaidh Fhear Manach nó na hIarmhí a bheidh Ciarraí, agus bheifeá ag súil go mbeadh bua sách éasca acu ar cheachtar de na foirne sin.

Bainisteoir Mhuineacháin Malachy O'Rourke. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Bainisteoir Mhuineacháin Malachy O’Rourke. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

O’Rourke ag dul ó neart go neart le Muineachán

Nuair a chuaigh Malachy O’Rourke i gceannas ar Mhuineachán ag deireadh 2012, bhí siad i Roinn 3 den tsraith. Tháinig deireadh lena bhfeachtas craoibhe i mbabhta 2 de na cluichí cáilithe agus ní raibh Craobh Uladh buaite acu le 25 bliain. Sna trí bliana ó shin, tá Roinn 2 agus 3 den tsraith buaite ag Muineachán agus Craobh Uladh buaite faoi dhó acu, in 2013 agus arís ar an Domhnach.

Ba é Jim McGuinness réalta na bainistíochta le tamall anuas ach tá gaisce atá beagnach chomh mór céanna déanta ag O’Rourke i Muineachán, go háirithe nuair a smaoinítear nach bhfuil na hacmhainní céanna aige ó thaobh imreoirí de. Beidh ar Mhuineachán gaisce nó dhó eile a dhéanamh i bPáirc an Chrócaigh sula mbeidh siad inchurtha le Dún na nGall, ach dealraíonn sé go bhfuil siad ar an mbóthar ceart.

Fág freagra ar 'Céard a bhí le foghlaim ó na cluichí ag an deireadh seachtaine?'