Tá an réamhchleachtadh thart…
Go dtí seo an samhradh seo, thuill roinnt foirne aird agus moladh an phobail sa chraobh iomána. Chuaigh Luimneach agus Cian Lynch i bhfeidhm orainn tar éis dóibh an Clár a shárú. Ansin b’iad Port Láirge a tháinig chun cinn agus daoine ag déanamh iontais faoi a aibí is atá imreoirí óga ar nós Derek McGrath. Chuaigh Gaillimh fiú i gcion go mór ar dhaoine tar éis dóibh Baile Átha Cliath agus Laois a bhualadh i gCúige Laighean.
Dealraíonn sé anois, áfach gur chuma faoi go leor a bhí feicthe againn sa chraobh go dtí seo. Mar ba a le linn an deireadh seachtaine a chonaiceamar den chéad uair Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann. Thug na Caith agus na Tiobradaigh taispeántais uathu a thu éachtaint dúinn ar a bhfuil d’fheabhas i ndán dúinn ón dá fhoireann. Bhí 24 pointe sa bhreis ag foireann Brian Cody ar Loch Garman i gcraobh Laighean agus 16 pointe d’fharasbarr ag Tiobraid Árann ar Luimneach. In ainneoin na dtaispeántas atá feicthe againn ó na iomaitheoirí eile, is cosúil gurb iad na Cait agus na Tiobradaigh arís a bheidh ag troid eatarthu féin do Chorn Mhic Cárthaigh.
Deireadh tagtha le mallacht na Mumhan…
Bhí lucht leanúna Thiobraid Árann ag fanacht trí bliana air seo agus dhíbir siad cuimhní na gcailliúintí in aghaidh an fhreasúra chéanna anuraidh agus arú anuraidh. Cé gur thosaigh Luimneach go maith, fuair siad a bhfreagra ó Thiobraid Árann a d’aimsigh cúl.
Fiú nuair a laghdaíodh an bhearna go dtí aon phointe amháin sa dara leath, d’aimsigh foireann Eamonn O’Shea ceithre phointe taobh istigh de chúpla nóiméad, péire acu ó Seamus Callanan a bhí ar fheabhas. D’aimsigh sé fhéin agus John ‘Bubbles’ O’Dwyer 2-12 eatarthu agus scóráil na Tiobradaigh 4-19 ón imirt san iomlán chun a chéad bhua sa chúige a thabhairt do O’Shea. Caithfear a rá go ndearna Luimneach go leor botún i rith an chluiche ach tháinig Tiobraid Árann i dtír orthu chun cáiliú dá gcéad chluiche ceannais i gCúige Mumhan ó 2012.
Chreid Ros Comáin an iomarca den chaint
Sular cuireadh tús leis an gcluiche seo ar an Satharn, bhí formhór an phobail ag smaoineamh cheana féin ar cén cineál dúshlán a thabharfadh Ros Comáin do Mhaigh Eo i gcluiche ceannais Chonnacht. Tar éis dóibh Roinn 2 den tsraith a bhuachan le scata imreoirí óga cumasacha, bhí neart daoine (b’fhéidir imreoirí Ros Comáin féin ina measc) ag ceapadh go dtiocfadh an bua saoráideach go maith chuig Ros Comáin.
Faraor do mhuintir Ros Comáin, ní mar sin a tharla sé agus tháinig ocras agus díograis Shligigh aniar aduaidh orthu i bPáirc Markievicz. Ba iad Sligeach an fhoireann dheireanach a chuir tús lena bhfeachtas craoibhe i mbliana agus bhreathnaigh sé gur bhain siad leas as an mbriseadh 11 seachtaine sin agus gach aon choimhlint 50/50 buaite an oíche eile acu.
Ar an raidió inné, rinne seanchúl báire Ros Camáin, Shane Curran cáineadh aisteach ar an mbainisteoir, John Evans, agus cé go ndeachaigh Curran thar fóir agus é ag iarraidh fáil réidh leis an mbainisteoir a thug Ros Comáin aníos ó Roinn 3 go dtí Roinn 1, is cinnte go gcaithfidh feabhas mór teacht ar fhoireann Evans sna babhtaí cáilithe chun lucht a cháinte a choinneáil ó dhoras.
Cuirfidh cliseadh Laois deireadh le réim Uí Fhlatharta i lár tíre
Nuair a tarraingíodh Aontroim agus Laois le chéile sa chéad bhabhta de na cluichí cáilithe, bhí an chuma ar an scéal go raibh deis iontach ag na Laighnigh an chailliúint i gcoinne Chill Dara a chur díobh. Neartaíodh an meon sin ag an deireadh seachtaine nuair a gearradh pionós ar thriúr imreoirí Aontroma, réalta na tosaithe CJ McGourty ina measc, as cluiche iomána a imirt ar an Aoine, lá sular thug siad aghaidh ar Laois.
Bhí an fhoireann baile naoi bpointe chun cinn tar éis 23 nóiméad agus bhí bearna d’ocht bpointe acu go luath sa dara leath, ach in olcas a chuaigh siad agus d’aimsigh Dermot McAleese cúl na cinniúna gan ach 90 soicind fágtha. Dar ndóigh, ní raibh sé tada níos fearr ag lucht tacaíochta Laoise a roghnaigh freastal ar a gcluiche iomána ar an lá céanna, iad ag cailleadh le 20 pointe in aghaidh na nGaillimheach.
Más fíor d’fhág an bainisteoir Laoise, Tomás Ó Flatharta, Páirc de Mórdha go luath tar éis na feadóige deireanaí gan labhairt leis na meáin agus, tar éis dhá bhliain sa phost, tá an chuma ar an scéal nach bhfeicfidh muid an Ciarraíoch ar ais ar thaobh líne na foirne lár tíre arís.
An tarraingt déanta do bhabhtaí cáilithe na gcraobhacha peile agus iomána
Rinneadh na tarraingtí do na babhtaí cáilithe sa chraobhacha peile agus iomána níos luaithe inniu agus tá cúpla coimhlint spéisiúil ann. Sa chraobh iomána, beidh athimirt ann do chluiche ceannais na hÉireann scór blianta ó shin agus an Clár ag tabhairt aghaidh ar Uíbh Fhailí.
I mbabhta 2A den chraobh eile, tabharfaidh Aontroim aghaidh ar Fhear Manach gan ach thart ar mí caite ó chas siad lena chéile i gcraobh Uladh. Tá an-rath ar an gCabhán agus Ros Comáin faoi aois le cúpla bliain anuas. Casfaidh siad sin le chéile sa bhabhta cáilithe chomh maith.
Craobh Iomána – Babhta 1: Laois v Baile Átha Cliath; An Iarmhí v Luimneach; An Clár v Uíbh Fhailí; Loch Garman v Corcaigh
Craobh Peile – Babhta 2A: Aontroim v Fear Manach; Uíbh Fhailí v Baile Átha Cliath/Cill Dara; An Clár v An Longfort; An Cabhán v Ros Comáin.
PólRéamainn
An bhfuil aon cluiche iomaíoch feicthe againn go dtí seo sa chraobh?