Céard a bhí le foghlaim ó chluichí na deireadh seachtaine?

Tosaithe na Gaillimhe ciúnaithe; cumhacht Richie agus TJ; an cúram céanna ar Chorcaigh arís; fadhbanna ag aos óg an Chabháin

Imreoirí na Gaillimhe in ísle brí ag lán ama. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy
Imreoirí na Gaillimhe in ísle brí ag deireadh an chluiche. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Neamhní déanta de thosaithe na Gaillimhe

Tar éis dóibh 8-47 a scóráil i gcoinne Bhaile Átha Cliath agus Laoise, bhí lucht leanúna na Gaillimhe ag súil le taispeántais láidre óna chuid tosaithe arís i gcluiche ceannais Laighean. Faraor, ní mar sin a tharla sé agus bhí ar na Gaillimhigh oibriú i bhfad níos crua chun scóranna a aimsiú.

Tugadh deis do Davy Glennon a chás a chur chun cinn nuair a ainmníodh ar an bhfoireann é ach tógadh amach tar éis 26 nóiméad é. Tháinig Jason Flynn isteach ina áit agus cé gur aimsigh sé cúl, ba drochphas uaidh ba chúis leis an gcéad chúl den chluiche do Chill Chainnigh. Imreoir eile a raibh daoine ag súil le taispeántas maith uaidh ná Cathal Mannion ach, seachas an pointe a fuair sé sa chéad leath, ní raibh tionchar ar bith aige ar an gcluiche.

Bhí Joe Canning é féin sách ciúin. Cé gur scóráil sé cúl dochreidte, níor aimsigh sé ach pointe amháin ón imirt agus é á fhaire ag Joey Holden, fear nach bhfuil an oiread sin taithí aige ar an gcraobh shinsir. Cé nár cheart do na Gaillimhigh a bheith ródhíomách, beidh orthu a bheith i bhfad níos cruinne ag tabhairt faoi scóranna má siad dáiríre faoi chraobh na hÉireann a bhuachan.

TJ Reid ag aimsiú cúl i gcluiche ceannais Laighean. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy
TJ Reid ag aimsiú cúl i gcluiche ceannais Chúige Laighean. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

A ndóthain ag TJ agus Richie chun foirne a bhualadh astu féin

gur tháinig Ger Aylward, Walter Walsh agus Eoin Larkin go háirithe, chun cinn ag pointí áirithe sa chluiche, ba iad TJ Reid agus Richie Hogan an bheirt is mó a rinne damáiste sa chluiche ceannais seo. Chríochnaigh Reid le 1-10 agus gradam laoch na himeartha aige. Fuair Hogan 0-4 agus bhí sé i lár an aicsin ó thús deireadh an chluiche.

Ní chuirfeadh tosaithe Chill Chainnigh an oiread scanraidh ar fhoirne is a chuireadh na tosaithe a bhí acu cúpla bliain ó shin. Níl an mianach atá iontu léirithe i gceart fós ag Ger Aylward ná John Power agus bíonn Colin Fennelly thuas seal thíos seal. Is féidir talamh slán a dhéanamh de i gcónaí go mbeidh Hogan agus Reid lárnach san imirt ach, mar a chonaic Gaillimh inné, rud eile ar fad é stop a chur leo.

Colm O'Neill ag éalú ó Marc Ó Sé chun scór a aimsiú Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Colm O’Neill ag éalú ó Mharc Ó Sé chun scór a aimsiú Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An obair uile le déanamh arís ag Corcaigh

Bhí Corcaigh agus Brian Cuthbert i bhfoisceacht deich soicind den bhua agus lucht an amhrais a chur ina dtost.

Tar éis a raibh de cheisteanna faoi Chorcaigh agus a bhfoireann bainistíochta, thug siad ardtaispeántas uathu i Staid Mhic Gearailt Dé Domhnaigh. Ach beidh orthu an beart a dhéanamh arís toisc gur imir Ciarraí go maith ar feadh tréimhsí áirithe sa chluiche agus toisc gur bronnadh cic piónóis a raibh amhras faoi ar fhir na Ríochta.

Chríochnaigh Corcaigh an chéad leath ceithre phointe taobh thiar de Chiarraí go raibh cóir na gaoithe acu agus bhí gach cuma ar an scéal go raibh foireann Éamonn Fitzmaurice ar bhóthar a leasa. Bhí Corcaigh ar fheabhas sa deich nóiméad i ndiaidh leath ama, áfach, agus bhí siad cúl chun cinn – 2-10 in aghaidh 1-10 – gan ach 20 nóiméad fágtha. Sa tréimhse úd, bhí an t-ádh ar Kieran Donaghy nach bhfuair sé cárta dubh agus ansin bronnadh cic éirice thar a bheith bog ar James O’Donoghue chun Ciarraí a thabhairt ar ais sa chluiche.

gur tugadh moladh do Brian Cuthbert tar éis an chluiche, is é an cúram is mó a bheidh anois air ná na himreoirí a spreagadh arís don athimirt.

Beidh daoine ag súil le sárthaispeántas eile uathu agus mura mbíonn leo, beidh an bainisteoir agus na himreoirí faoi bhrú arís agus gan ach seachtain acu le fáil faoi réir do chluiche cáilithe.

John Evans (ar chlé) agus Terry Hyland (ar dheis) ag lán ama. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy
John Evans (ar chlé) agus Terry Hyland (ar dheis) ag deireadh an chluiche. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Níl feidhm leis an moladh ag obair i gcás óige An Chabháin

Bhuaigh An Cabhán ceithre chraobh Faoi-21 Uladh idir 2011 agus 2014 agus luaitear i gcónaí iad mar cheann de na foirne ar cheart súil a choinneáil orthu amach anseo. Faraor do lucht leanúna an chontae, tá muid fós ag fanacht orthu chun rud éigin suntasach a dhéanamh sa chraobh shinsir.

Don dara bliain as a chéile, is iad Ros Comáin, foireann atá ag tógáil ar an dul chun cinn atá déanta ag a bhfoirne faoi aois, a chuir deireadh le samhradh pheileadóirí An Chabháin. Bhí seacht bpointe eatarthu ar chlár na scór Dé Sathairn ach dá mbeadh Ros Comáin tada níos cruinne, bheadh scrios níos measa fós déanta acu ar fhoireann Terry Hyland.

Ba é 2013 an t-aon bhliain a rinne siad aon dul chun cinn sa tsraith, bliain ar bhain siad an cluiche ceathrú ceannais amach. Seachas sin, níor bhuaigh siad ach cluiche craoibhe amháin i mbliana, ceann amháin anuraidh agus ceann eile arís i 2012. Mura dtagann athrú ar an scéal go luath, beidh sé ródhéanach ag na himreoirí óga seo an cumas atá iontu a thaispeáint.