Ceannródaí nua ar Leader – ach an mbrostófar an córas?

An bhunaidhm atá le Leader á cur i gcrích – sin deontais a chur ar fáil ar mhaithe le cur chun cinn an phobail agus na heacnamaíochta

Ceannródaí nua ar Leader – ach an mbrostófar an córas?

Ní fear é Michael Ring, an tAire nua Gnóthaí Tuaithe agus Pobail a ghéill mórán riamh do nósmhaireachtaí oifigiúla na linne ná do shnaidhmeanna maorlathais.  An fear ceart tagtha ar an bpáirc mar sin an uair is géire ar theastaigh sé, an ea?  Beidh trí cinn fhichid de dhreamanna ar fud na tíre atá ag plé le clár Leader ag súil gurb ea.

Beidh an t-athbhreithniú lártéarma ar chlár Leader 2014-2020 ag tosú faoi cheann cúpla mí agus leath bealaigh sroichte i dtréimhse an chláir tacaíochta seo.  Tugann Leader – agus cuid mhór den airgead ag teacht as cistí na hEorpa – cúnamh do ghrúpaí pobail agus do lucht gnó áitiúil.  D’fhéadfadh grúpa pobail 80% de chostas tionscnaimh a fháil agus d’fhéadfadh gnó nó seirbhís phríobháideach 50% den chostas a fháil.  Ach cé go bhfuil leath bealaigh, geall leis, sroichte ag an tréimhse Leader seo, is beag pingin ar bith atá tugtha amach ar fud na tíre.  Áirítear nach bhfuil ach €1.8 milliún ceadaithe agus tugtha amach fós as ciste €220m.  Cé go bhfuil dhá leath déanta den chiste seachas mar a bhí sé sa tréimhse cúig bhliana roimhe sin, ba mhaith ann an chuid sin féin ag riar mór coistí, grúpaí agus lucht gnó a bheadh ag obair ar scála teoranta ar fud na tuaithe.

Ba faoi scáth na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta a bhí Leader i dtréimhse an Rialtais seo, go dtí anois.  Chuaigh ionadaithe as 23 grúpa atá ag láimhsiú Leader chomh fada leis an Aire sa Roinn sin, Heather Humphreys ar an 17 Bealtaine.  Bhíodar sáraithe.  Bhí, agus tá, na dreamanna seo i ngreim ag míle beag riail atá ag stopadh na hoibre ó dhul ar aghaidh.  De réir scéil, thuig Heather Humphreys na deacrachtaí atá ag plúchadh na scéime.

Tá 16 céim uilig le láimhsiú i gcás ceadú deontais Leader.  Mar shampla, bíonn ar an dream atá ag láimhsiú na scéime i réigiún éigin ar fud na tíre na hiarratais a chur chuig an Roinn sa gcaoi agus go ndéantar scrúdú ar chuile bhoiscín ar an bhfoirm arís.  Bíonn an scrúdú seo déanta go háitiúil cheana féin.  Caithfear a chur san áireamh nach bhfuil ansin ach tús na hoibre – foirmeacha iarratais. 

Leanann an córas seiceála seo i mBaile Átha Cliath ar aghaidh fiú agus an bhunobair déanta.  Measann dreamanna atá ag plé leis an gcóras go bhfuil a thrí oiread rialacha agus céimeanna ag baint leis an gclár seo Leader (2014-2020) agus a bhain leis an gclár Leader roimhe sin.

Shocraigh an tAire Comhshaoil a bhí ann san am, Phil Hogan, in 2013/14 go mbeadh lámh ag Comhairlí Contae, Comhairlí Cathrach agus údaráis áitiúla eile sa gclár Leader is deireanaí seo.  Lena chois sin, tugadh Pobal (faoi scáth na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta) isteach sa gcóras.  Bhíodar ann a shíl go raibh polaitíocht ag brúchtaíl aníos sa gcóras nuair a tugadh na Comhairlí Contae ar bord agus go raibh lámh na ndaoine áitiúla lagaithe.  Mar shampla, i gConamara, throid an eagraíocht Fóram Chonamara i Leitir Fraic go fíochmhar in aghaidh an athraithe agus chuadar chun cúirte.  Mar a tharla, d’éirigh leo agus tá siad i gceannas ar Leader in iarthar na Gaillimhe go fóill.

Ach sin eisceacht.

Pé ar bith údar a bhí leis na hathruithe ar an  gcóras in 2014, is léir nach bhfuil an bhunaidhm atá le Leader á tabhairt chun críche – sin deontais a chur ar fáil ar mhaithe le cur chun cinn an phobail agus na heacnamaíochta.   

Creideann urlabhraí  Fhianna Fáil ar chúrsaí Talmhaíochta, Éamon Ó Cuív, go bhfuil an córas ‘léirithe spéise’ ag déanamh praiseach uilig den scéal. 

Arsa Ó Cuív:  “Nuair a iarrann tú ar dhaoine ‘léiriú spéise’ a chur isteach, chuile sheans go mbeidh spéis ag go leor daoine i gcóras deontais.  Ansin tá meastóireacht le déanamh ar an ualach seo páipéarachais i dtosach; sin obair mhall sa gcóras casta seo atá ag Leader anois.  Sin constaic ar an bpointe boise.” Deir an Teachta Ó Cuív gurbh fhearr i bhfad coinneáil leis an gcineál córais a bhíodh i Roinn na Gaeltachta – sin go dtiocfadh daoine agus grúpaí a mbeadh tionscnaimh acu chun cinn agus iad réitithe go maith le dul i mbun oibre.  “Bhí tú ag plé ansin le rud a d’fhéadfaí a chur chun cinn agus a d’fhéadfaí a thosú – ag glacadh leis go raibh na coinníollacha uilig i gceart,” a deir Éamon Ó Cuív.

Feictear do chuid de na coistí ar fud na tíre – Fóram Chonamara ina measc – go bhfuil roinnt torthaí ar an gcruinniú a bhí acu leis an Aire Heather Humphries ar an 17 Bealtaine.  Tá litir faighte ón Aire Humphries le laethanta beaga anuas agus é ráite go mbeidh aicearra i gcuid den chóras.  Chomh maith leis sin, ní bheidh ar choistí/comhlachtaí/grúpaí a dhul trí chóras costasach, fadálach ag fáil praghsanna ó chonraitheoirí – agus ag roghnú conraitheora – sula ndéanfar cinneadh faoi iarratas uathu ar dheontas ó Leader. Tá grúpaí pobail ann a d’íoc go daor as an bpróiseas sin cheana, agus nach bhfuair deontas  ar bith sa deireadh.  Beifear sásta glacadh roimh ré anois le meastachán innealtóra ar an gcostas a bhainfeadh le tionscnamh 

Ní túisce an litir sin curtha amach ag an Aire Heather Humphreys ná cúram Leader a bheith curtha anoir chuig Michael Ring i Maigh Eo.  Más féidir leis tuilleadh driopáis a chur le córas Leader, beidh údar maíte amháin, ar a laghad, aige ina phost nua mar Aire Gnóthaí Tuaithe agus Pobail.     

Fág freagra ar 'Ceannródaí nua ar Leader – ach an mbrostófar an córas?'