Éachtaint ghléin ar dhochma an tsaoil in Glassland

LÉIRMHEAS: Scéal truamhéalach, brónach atá idir chamáin anseo ina bhfuil beirt aisteoirí iontacha os cionn a mbuille

Glassland

Glassland

Stiúrthóir: Gerard Barrett

Cliar: Jack Traynor, Toni Collette, Will Poulter, Michael Smiley

Tá an saol ar sheol na braice ag Jack Traynor i láthair na huaire. I 2012 ba é an ceann feadhain in What Richard Did (2012), táirge Lenny Abrahamson a rabhthas ag súil go mór leis mar gheall ar na comparáidí a bhí le rianú idir an téama ansin agus marú Brian Murphy i 2000. Thuill an taispeántas sin moladh agus gradaim do Traynor.

Anuraidh, bhí sé taobh le Mark Wahlberg sa ghála is déanaí den tsraith mhóreachtraíochta, mhóréilimh, Transformers, agus anois tá a thaispeántas in Glassland, taispeántas a ghnóthaigh duais dó ag Féile Scannánaíochta Sundance, ag mealladh moladh. Is léir go bhfuil fear Chill Mhantáin, nach bhfuil ach trí bliana is fiche, tar éis a shlí a ghuailleáil isteach i lár an aonaigh.

Dúisíonn Jack (Traynor) ina sheomra leapan. Gléasann é féin agus déanann a bhricfeasta. Níl ach braon bainne fágtha agus bíonn air é a mheascadh le huisce. Tá na háraistí fágtha gan ní sa doirteal. Tugaimid na buidéil agus gloiní fíona faoi deara sa chúlra. Tugaimid faoi deara chomh maith go bhfuil an teach in a chíor thuathail.

Téann sé go doras seomra leapan eile, cuireann sé guaim ar féin, cnagann sé ar an ndoras agus téann sé isteach. Níl aon roimhe. Ligeann sé osna faoisimh. Filltear ar an ngnáthamh seo arís agus arís eile i rith an scannáin agus tugann sé a léargas féin ar an ngaol mífheidhmiúil, achrannach, corraithe atá idir John agus a mháthair (Collette), gur alcólach í. Babhta eile go seiceálann sé an seomra, tá an mháthair ina cnap lán le múisc agus caitheann sé í a thabhairt ag an ospidéal.

Is saol gruama, dearóil atá á chaitheamh ag an mbeirt ar imeall an bhochtanais, na sochaí agus, ina chás siúd, na coiriúlachta.
Is scannán machnamhach é seo a bhogann ar aghaidh ar a bhogstró agus is stiúrthóir é Gerard Barrett atá teanntásach agus ceannasach ann féin. Ní leasc leis nóimintí ciúnais agus seatanna folmha a sholáthar.

Éiríonn leis go paiteanta éachtaint ghléin a thabhairt ar dhuairceas agus ar dhochma an tsaoil atá á chaitheamh ag na príomcharachtair. Tá John ag tuilleamh a chrústa mar thiománaí tacsaí fad is atá a mháthair ag diúgadh. Nuair a thagann cúrsaí go cnámh na huillinne, bíonn ar John dul sáite i saol na coiriúlachta le costas an ionad athshlánaithe a shaothrú.

Is iad Traynor agus Collette ceann feadhain an scannáin gan ach carachtair fhánach eile isteach agus amach; go deimhin, is cuma ann nó as cuid acu.

Tugann an bheirt acu taispeántais thar na bearta uathu. Tá a gcuid aisteoireachta caolchúiseach ar uairibh agus fíochmhar i bhfaiteadh súl.

Éiríonn le Collette teacht i dtír ar chanúint Bhaile Átha Cliath agus sroicheann a taispeántas siúd a bhuaicphointe sa mhonalóg ina a ndéanann sé cur síos ar a thriúr mac (duine acu le riachtanais speisialta) mar “two children and a thing.”

Tá nádúrthacht agus cumhacht Traynor ar fheabhas sa radharc nuair a thágann drochmhianach air sa chairt. Is scéal truamhéalach, brónach atá idir chamáin anseo, agus ní gach duine a bhfuil goile acu dá leithéid, ach is fiú féachaint ar bheirt aisteoirí iontacha os cionn a mbuille.

Fág freagra ar 'Éachtaint ghléin ar dhochma an tsaoil in Glassland'