Ceanncheathrú nua á lorg ag Foras na Gaeilge agus deireadh ag teacht le léas Chearnóg Mhuirfean

Thug Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, le fios inniu go bhfuil an eagraíocht teanga ag bogadh an bhliain seo chugainn

Ceanncheathrú nua á lorg ag Foras na Gaeilge agus deireadh ag teacht le léas Chearnóg Mhuirfean

Tá Foras na Gaeilge ag féachaint ar láithreacha nua dá gceanncheathrú agus an léas atá acu ar a n-oifigí ag uimhir a 7 Cearnóg Mhuirfean le dul in éag in Aibreán na bliana seo chugainn.

Thug Bord an Fhorais cead i mí Mheán Fómhair go rachfaí i mbun coinníollacha an léasa a phlé le tiarna talún an fhoirgnimh ar Chearnóg Mhuirfean, ach tugadh le fios inniu go bhfuil an eagraíocht ag bogadh an bhliain seo chugainn.

Thug an Bord cead chomh maith léas An Ghúim, a bheidh ag dul in éag i mBealtaine 2017, a phlé. In aice le Cearnóg Pharnell atá oifigí An Ghúim faoi láthair.

D’aontaigh an Foras níos túisce i mbliana chomh maith conradh cúig bliana, ar fiú €500,000, leis an gcomhlacht Johnston Logistics chun stoc leabhar an Ghúim a stóráil.

Agus maoiniú breise á fhógairt ar maidin aige don eagraíocht teanga, dúirt an tAire Stáit Seán Kyne go gcabhródh an maoiniú sin “maidir leis na costais a thitfidh ar Fhoras na Gaeilge i ndáil le bogadh go dtí ceanncheathrú nua le linn 2017”.

Tuigtear go bhfuil foirgneamh ar Shráid Amiens i dtuaisceart na cathrach i measc na roghanna atá á scrúdú ag Foras na Gaeilge.

I ráiteas a thug Foras na Gaeilge do Tuairisc.ie tráthnóna, dúradh go raibh an eagraíocht “ag breathnú ar fhéidearthachtaí difriúla faoi láthair maidir le hathlonnú an cheannárais”.

“Beidh an léas ar dhá oifig Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath (Cearnóg Mhuirfean agus Sráid Fhreidric) istigh in 2017 agus tá na féidearthachtaí maidir le hathlonnú agus an dá oifig a nascadh le chéile á bhfiosrú le dhá bhliain anois.

“San am i láthair, tá soláthar oifigí i mBaile Átha Cliath an-ghann agus tá cíos ag dul in airde ar bhonn leanúnach. Mar sin, is dúshlán é teacht ar ionaid a d’fhéadfadh freastal ar riachtanais uile na n-oifigí reatha i gcomhthéacs staid reatha cíosa na príomhchathrach,” a dúradh i ráiteas an Fhorais.

Tá ceanncheathrú an Fhorais sa bhfoirgneamh Seoirseach ar Chearnóg Mhuirfean ó bunaíodh an eagraíocht i 1999 agus is ann a bhíodh Bord na Gaeilge roimhe sin. Tá An Gúm lonnaithe faoi láthair in oifig an Fhorais ar Shráid Fhreidric Thuaidh.

D’fhógair Seán Kyne inniu go bhfuil €1 milliún de mhaoiniú breise á chur ar fáil don eagraíocht teanga trasteorann. Thug sé le fios go bhfuil €260,000 curtha ar fáil do thionscadail a bhaineann le 2016 agus go mbaineann an €750,000 le Meastacháin Athbhreithnithe do 2017.

Rachaidh cuid den mhaoiniú seo chuig Tha Boord o Ulstèr-Scotch.

Tá súil ag Conradh na Gaeilge go bhfágann fógra Kyne go bhfuil deireadh curtha leis an “slad seasta” ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge.

“Tá tábhacht leis an gcinneadh seo mar léiríonn sé go bhfuil deireadh tagtha anois leis an slad seasta a bhí á dhéanamh ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge agus go bhfuil tús á chur le próiseas chun na ciorruithe móra atá déanta le tamall de bhlianta a aisiompú agus an maoiniú riachtanach a chur ar fáil do phobal na Gaeilge chun an teanga a neartú sa phobal,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill.

Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, go raibh sé “riachtanach” go gcaithfí an maoiniú breise ar ghnéithe de phlean infheistíochta Chonradh na Gaeilge, plean a d’aontaigh suas le 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Ceanncheathrú nua á lorg ag Foras na Gaeilge agus deireadh ag teacht le léas Chearnóg Mhuirfean'