Déanfaidh an tAire Cumarsáide Denis Naughten breithniú “an tseachtain seo nó an tseachtain seo chugainn” ar an ainmniúchán do chomharba Phóil Uí Ghallchóir mar Ardstiúrthóir TG4.
Nuair a bheidh sin déanta aige, cuirfidh an tAire Naughten an t-ainmniúchán faoi bhráid an Rialtais “a luaithe agus is féidir”, a dúirt urlabhraí ón Roinn Cumarsáide le Tuairisc.ie.
Ó d’fhógair Pól Ó Gallchóir an mhí seo caite go raibh sé ag éirí as, is é Alan Esslemont, atá ag obair le BBC Alba faoi láthair, an duine is mó atá sa treis sa chaint faoi cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar an nGallchórach mar Ardstiúrthóir TG4.
Ag seoladh sceideal fómhair TG4 i mBaile Átha Cliath inné, dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach TG4 Pádhraic Ó Ciardha gur “díol suime” a bheadh sa cheapachán a rabhthas ag “fanacht go foighneach” air. Mhol Ó Ciardha an “tseirbhís fhada, dhil agus dhúthrachtach” a thug Pól Ó Gallchóir don stáisiún.
Ba i ndiaidh dhá bhabhta agallamh a roghnaigh an cúigear a bhí ar an mbord agallaimh an té a d’ainmneofaí don phost is sinsearaí i saol na teilifíse Gaeilge.
Ag cruinniú speisialta sa Ghaillimh an tseachtain seo caite, rinne Bord TG4 moladh an bhoird agallaimh a fhaomhadh agus cuireadh an t-ainmniúchán faoi bhráid na Roinne Cumarsáide.
Fág freagra ar 'Ceannasaí nua TG4 le faomhadh ag an Rialtas ‘a luaithe agus is féidir’'