Ceann scríbe bainte amach i gcomórtas an PRO 12

Níl le socrú dáiríre amárach sa PRO 12 ach cé acu foireann a bheas mar fhreasúra ag Cúige Laighean

Ceann scríbe bainte amach i gcomórtas an PRO 12

INPHO/James Crombie

De bhrí go bhfuil Babhta 22 agus na cluichí deiridh de shraith an Pro 12 bainte amach againn, imreofar na cluichí ar fad ag an am céanna, 17.15 amárach, Dé Sathairn.

Maidir leis an gcomórtas féin, níl le socrú anois ach cé acu foireann a bheas mar fhreasúra ag Cúige Laighean, atá ar bharr an tábla faoi láthair. Is í foireann Chúige Mumhan atá sa dara háit, agus tá siadsan cinnte anois gur acu a bheas buntáiste an bhaile sna cluichí leathcheannais.

Maidir lena gcéilí comhraic,  bhuel, tá trí chapall sa rás sin, ar phár ar aon chaoi, na Scarlets atá sa tríú háit le 72 pointe, na hOspreys, atá sa gceathrú háit le 69 pointe agus na hUltaigh atá sa gcúigiú háit le 64 pointe. Mar a sheasann cúrsaí, má bhíonn bua le pointe bónais ag na hUltaigh ar Chúige Laighean agus iad ag imirt i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo agus má theipeann ar na hOspreys agus iadsan i gcoinne na Scarlets ag an am céanna, beidh an líon céanna pointí ag na foirne. Ach le bheith réalaíoch faoi, ní dóigh gur fiú a bheith ag caint ar phointí bónais i gcoinne Chúige Laighean, cé nach féidir a chur as an áireamh go mbeadh bua ag na hUltaigh.  

Fágann sin gur idir an dá fhoireann as an mBreatain Bheag, atá sa gcoimhlint don dara agus don tríú háit, atá sé. Is ag na Scarlets (tríú háit) atá buntáiste an bhaile don chluiche i gcoinne na nOspreys (atá sa cheathrú háit). Trí phointe atá idir an dá fhoireann seo. Sílim go mbeidh chaon fhoireann ar thóir bua le cluiche i gcoinne Chúige Laighean a sheachaint sna cluichí leathcheannais.

Beidh Cúige Laighean, an fhoireann atá ar bharr an tábla, i gcoinne na foirne atá sa gceathrú háit agus beidh na Muimhnigh, atá sa dara háit, i gcoinne na foirne a bheas sa tríú háit.

Ceapann go leor, mé féin ina measc, gurbh fhearr Cúige Laighean a sheachaint go dtí an cluiche ceannais. Ar fhianaise chaighdeán ard na himeartha a chonaic muid uathu agus iad i gcoinne Chúige Chonnacht an Satharn seo caite, tá mise ag tuar gurb iad na Scarlets a bheas sa tríú háit, agus gur i gcoinne na Muimhneach a bheidh siad dá bharr sin.

I gcoinne na Muimhneach a bheas na Connachtaigh (atá san ochtú háit) an Satharn seo agus gan tada san áireamh anois seachas fir an iarthair a bheith fós ag réiteach do chluichí i gcoinne foirne ón bhFrainc nó as Sasana agus iad ar thóir áit i gCorn na gCuradh an chéad séasúr eile.

Fág freagra ar 'Ceann scríbe bainte amach i gcomórtas an PRO 12'