Ceann do na héin is fíochmhaire in Éirinn ag pórú i nDún na nGall

Ní bhíonn eagla ar an meirleach mara roimh dhaoine de ghnáth agus in amanna déanann siad ionsaí ar dhaoine a théann róchóngarach dóibh

Ceann do na héin is fíochmhaire in Éirinn ag pórú i nDún na nGall

Creidtear go bhfuil ceann de na héin is fíochmhaire in Éirinn ag pórú i nDún na nGall.

Chonaic grúpa siúlóirí ó choláiste Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, an meirleach mara (stercorarius skua) le déanaí ag Ros Eoghan, in aice leis an oileán beag Carraig an Ros.

Éan mór donn é an meirleach mara, atá idir an t-iolar agus an faoileán ina chuma. Is annamh go bhfeicfeá a leithéid d’éan sa chuid is mó den tír, cé go bhfacthas ceann acu san áit chéanna i mí Lúnasa 2014.

Ní bhíonn eagla ar an meirleach mara roimh dhaoine de ghnáth agus in amanna déanann siad ionsaí ar dhaoine a théann róchóngarach dóibh.

Chuir na siúlóirí tuairisc faoin éan chuig Birdwatch Ireland agus de réir  Stephen Newton ón eagraíocht sin, tá siad ag fáil tuairiscí faoin meirleach mara a bheith ar Chorrán Binne sa chontae fosta.

Síleann Birdwatch Ireland dá réir go bhfuil an t-éan ag pórú in áit éigin sa chontae. “Tá seans ann go bhfuil dúiche aige ar Charraig an Ros nó b’fhéidir ar an oileán, Reachlainn Uí Bhirn  atá cóngarach don chósta ansin.

“Tá a fhios againn go bhfuil siad ag neadú ar oileáin i Maigh Eo, i gConamara agus ar Reachlainn Chontae Aontroma,” a dúirt Stephen Newton ó Birdwatch Ireland.

Tugtar meirleach mara nó meirleach mór ar an éan seo a dhéanann ionsaí ar éin eile, ina measc an gainéad. Goideann an meirleach mara éisc ó éin eile agus fosta, le haghaidh bia maraíonn siad éin eile atá níos lú ná iad féin.

Fág freagra ar 'Ceann do na héin is fíochmhaire in Éirinn ag pórú i nDún na nGall'