Ceangal déanta ag Empey idir Acht Gaeilge agus ‘IRA Godfathers’

I ráiteas a chuir sé amach inniu, rinne Cathaoirleach an UUP Reg Empey ceangal idir IRA Godfathers agus an t-éileamh ar chearta teanga ó thuaidh, ‘IRA Godfathers’ agus daoine ‘ag fáil bháis ar liostaí feithimh’

Ceangal déanta ag Empey idir Acht Gaeilge agus ‘IRA Godfathers’

Tá ceangal déanta ag Cathaoirleach an UUP Reg Empey idir ‘IRA Godfathers’, ‘daoine ar liostaí feithimh atá ag fáil bháis’ agus an t-éileamh ar Acht Gaeilge ó thuaidh.

I ráiteas a chuir sé amach inniu, dúirt Empey go gcaithfeadh Rialtas na Breataine an fód a sheasamh ar son “na n-easlán agus daoine atá leochaileach” agus in aghaidh “dígeantacht Shinn Féin”.

Dúirt Empey go gcaithfeadh Rialtas na Breataine agus an DUP a thuiscint nach mbeadh aon rialtas seasmhach ann amach anseo “dá ngéillfí d’éilimh Shinn Féin a bhfuil craiceann na gceart curtha orthu”.

Dúirt Cathaoirleach an DUP nár cheart Acht Gaeilge nó Acht Teanga a bhronnadh ar Shinn Féin mar go mbainfeadh siad leas as a leithéid chun “athrú ó bhonn a dhéanamh ar Thuaisceart Éireann”.

Mhaígh Empey go raibh an córas sláinte in aimhréidh fad is a bhí an DUP agus Sinn Féin ag cur ‘bac’ ar athbhunú an fheidhmeannais.

Ag tagairt dó d’Ard-Fheis Shinn Féin an deireadh seachtaine seo agus d’éilimh an pháirtí ar Acht Gaeilge agus cearta eile, dúirt Empey:

“And while Sinn Fein may spend time this weekend at their party conference eulogising former IRA Godfathers, maybe they`ll spend some time thinking about the ultimate right – the right to life – whether that be people murdered by the IRA during the Troubles or people who will die on health waiting lists because of Sinn Fein intransigence.”

Fág freagra ar 'Ceangal déanta ag Empey idir Acht Gaeilge agus ‘IRA Godfathers’'