Cead tugtha do lánúin ainm Briotáinise a raibh ‘cosc’ air a thabhairt ar a mac

Dhiúltaigh an rialtas áitiúil i Quimper na Briotáine cead a thabhairt do Jean-Christophe agus Lydia Bernard an t-ainm Briotánach ‘Fañch’ a thabhairt ar a mac mar nach raibh an ‘ñ’ i measc na litreacha a bhí ‘ceadaithe’ i ndlí na Fraince

Cead tugtha do lánúin ainm Briotáinise a raibh ‘cosc’ air a thabhairt ar a mac

D’éirigh le lánúin sa Bhriotáin cead a fháil ó údarás áitiúil a réigiúin ainm Briotáinise a thabhairt ar a mac, Fañch, a rugadh an tseachtain seo caite.

Dhiúltaigh seirbhís chlárúcháin an rialtais áitiúil i Quimper don ainm mar gheall ar an tilde (˜) atá os cionn na litreach “n”. Níl an ‘ñ’ i measc na litreacha a cheadaítear d’ainmneacha dílse, de réir ciorclán a scaip státseirbhís na Fraince trí bliana ó shin.

Tá an tilde in úsáid go forleathan sa Bhriotáinis, áfach, agus is ainm réasúnta coitianta é ‘Fañch’ sa teanga sin. Tá an t-aiceann in úsáid i mionteangacha eile na Fraince chomh maith, an Bhascais agus an Chorsaicis mar shampla, agus tá sé coitianta go maith in ainmneacha Bascaise.

Tráth dá raibh, bhí cosc iomlán sa Fhrainc ar ainmneacha a thagann ó mhionteangacha na tíre. D’éirigh le teaghlach as an mBriotáin deireadh a chur leis an gcosc sin nuair a thug siad cás cúirte in aghaidh an Stáit.

Rugadh Fañch Bernard, mac Jean-Christophe agus Lydia, Déardaoin seo caite. Fuair siad glaoch ón rialtas áitiúil Dé hAoine, áfach, le cur in iúl dóibh nach bhféadfaí an t-ainm a chlárú. Tosaíodh achainí ar líne ag an deireadh seachtaine le hiallach a chur ar lucht riaracháin glacadh leis an ainm dúchais, agus tháinig an scéala an tseachtain seo go nglacfaí le ‘Fañch’.

“Seo an bealach a litrítear an t-ainm. Athraíonn an litir seo foghraíocht an ghuta a thagann roimhe. Dúradh linn go mbeadh orainn an t-ainm a athrú. Tá a fhios ag gach mac máthar sa Bhriotáin gur mar sin a litrítear an t-ainm!” a dúirt an t-athair.

I ráiteas a d’eisigh Halla na Cathrach i Quimper inné, dúradh nach raibh aon chúis “dlí ná daonna” nach bhféadfaí an tilde a thabhairt do Fañch, aiceann “nach bhfuil fánach ná gan tábhacht”.

Dúradh nach leor an ciorclán mar bhunús dlí leis an ainm a dhiúltú agus tagraíodh do reachtaíocht eile, a bhfuil seasamh níos tábhachtaí aige i dlí na Fraince — an bunreacht.

De réir Alt 75 den bhunreacht, “is cuid d’oidhreacht na Fraince iad na teangacha réigiúnacha”, agus tagraítear don “rogha shaor” atá ag tuismitheoirí maidir le hainmneacha a leanaí a thugtar in Alt 57 de Chód Sibhialta na tíre. Luadh freisin rialú a rinne an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine in 1996 go bhfuil an t-ainm a roghnaíonn tuismitheoir dá pháiste an-phríobháideach agus an-speisialta.

Tá fáilte curtha ag cláraitheoir Quimper, Isabelle Le Bal, roimh an gcinneadh an t-ainm ‘Fañch’ a cheadú agus dúirt sí go bhfuil súil aici go leasófar an ciorclán ina gcuirtear cosc ar an ‘ñ’ go luath.

Fág freagra ar 'Cead tugtha do lánúin ainm Briotáinise a raibh ‘cosc’ air a thabhairt ar a mac'