Cead tugtha do Chonradh na Gaeilge athbhreithniú breithiúnach a thionscnamh i gcoinne Fheidhmeannas Stormont

Tá an dlí á chur ag an eagraíocht teanga ar an bhFeidhmeannas as gan an Straitéis Gaeilge 2015-2035 a chur i bhfeidhm

_81295702_highcourt

Tugadh cead do Chonradh na Gaeilge san Ard-Chúirt i mBéal Feirste inniu tús a chur le hathbhreithniú breithiúnach i gcoinne Fheidhmeannas Stormont.

Tá an dlí á chur ag an eagraíocht teanga ar an bhFeidhmeannas as gan an Straitéis Gaeilge 2015-2035 a chur i bhfeidhm. Ba ar an 30 Eanáir 2015 a sheol an t-iar aire cultúir Carál Ní Chuilín an straitéis teanga ach níor tugadh feidhm di in ainneoin í a bheith luaite go sonrach i gclár rialtais an Fheidhmeannais.

Gheall Rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rímhinn go gcuirfí an straitéis teanga i bhfeidhm agus luadh cur i bhfeidhm an phlean mar thosaíocht i gClár Rialtais an Fheidhmeannais 2011-2015.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh chinneadh na h-Ard-Chúirte cead a thabhairt dóibh dul ar aghaidh leis an athbhreithniú breithiúnach.

Dúirt Niall Comer, Tánaiste le Conradh na Gaeilge go raibh teachtaireacht ag an eagraíocht don Fheidhmeannas:

“Tá teachtaireacht shoiléir againn don Fheidhmeannas: ‘B’fhearr linn gan an cás seo a thabhairt ar aghaidh; cuirigí an Straitéis i bhfeidhm,” a dúirt Comer.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta an Chonartha, nach bhféadfadh lucht Stormont bheith caoch a thuilleadh ar phobal na Gaeilge.

“Cuireann muid fáilte roimh chinneadh na Cúirte agus roimh an deis dúshlán an Fheidhmeannais a thabhairt ar cheist a theipe, gan ghlacadh le Straitéis na Gaeilge. Ní féidir le Stormont beag a dhéanamh den bhundualgas dhlíthiúil atá orthu de bharr chomhaontaithe idirnáisiúnta atá mar chuid den phróiseas síochána, dlúthchuid de Chlár Rialtais an Fheidhmeannais féin 2011-15.

“Tá sé ríthábhachtach go bhfuil straitéis ann chun forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint de réir mar a thagann méadú ar phobal na Gaeilge agus á mbunchearta teanga á n-éileamh acu. Ní féidir le Stormont bheith caoch choíche ar phobal na Gaeilge – tá an t-am ann don reachtaíocht,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Tá Conradh na Gaeilge ag súil go gcuirfear tús leis an athbhreithniú breithiúnach sa bhfómhar, sin mura mbíonn athrú poirt ag an bhFeidhmeannas faoin scéal idir an dá linn.