Cead pleanála tugtha do pháirc spraoi nua sa Daingean tar éis dúshlán go leor

Ba i mí Iúil a chuir Am Spraoi iarratas isteach an pháirc spraoi a thógáil san Imleach Thiar

Cead pleanála tugtha do pháirc spraoi nua sa Daingean tar éis dúshlán go leor

Tá cead pleanála tugtha do pháirc spraoi nua sa Daingean i gCorca Dhuibhne, tar éis feachtas fada bailithe airgid agus dúshláin go leor.

Tuairiscíodh ar Radio Kerry inniu go bhfuil seacht gcoinníoll ag baint leis an gcead pleanála atá tugtha do Am Spraoi, an grúpa sa Daingean atá i mbun an fheachtais.

Tá €30,000 bailithe ag Am Spraoi don pháirc spraoi le cúig bliana anuas agus €20,000 geallta dóibh.

Cuireadh ó mhaith an plean a bhí ag an ngrúpa tuismitheoirí do pháirc spraoi in 2014 nuair a chinn an Bord Pleanála go raibh an suíomh a bhí roghnaithe róghar do ché an Daingin.

Dhiúltaigh Am Spraoi féin anuraidh do phlean Chomhairle Chontae Chiarraí páirc spraoi a thógáil gar d’uisceadán Mara Beo ar an údar go raibh sé rófhada ó lár an bhaile agus é ró-oscailte don doineann.

Ba i mí Iúil a chuir Am Spraoi iarratas isteach an pháirc spraoi a thógáil san Imleach Thiar agus deir lucht na Comhairle go bhfuil dóthain airgid bailithe cheana acu le cur isteach ar mhaoiniú ó Choiste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa.

Fág freagra ar 'Cead pleanála tugtha do pháirc spraoi nua sa Daingean tar éis dúshlán go leor'