Cead pleanála faighte do dhrioglann ar Oileán Chléire ach ‘dúshlán mór millteach’ roimh lucht a bunaithe

Tugadh cead pleanála le déanaí do Chomharchumann an oileáin Ghaeltachta in Iarthar Chorcaí drioglann agus ionad fáilte €7 milliún a thógáil san oileán

Cead pleanála faighte do dhrioglann ar Oileán Chléire ach ‘dúshlán mór millteach’ roimh lucht a bunaithe

Tá “dúshlán mór millteach” roimh Chomharchumann Chléire Teo agus iad ag iarraidh togra atá ar bun le níos mó ná dhá bhliain go leith a thabhairt chun críche sna míonna amach romhainn.

Tugadh cead pleanála le déanaí do Chomharchumann an oileáin Ghaeltachta in Iarthar Chorcaí drioglann agus ionad fáilte €7 milliún a thógáil san oileán agus tá súil ag bainisteoir an Chomharchumainn, Séamus Ó Drisceoil, go gcruthófar 12 post sa ghnó nua.

Ach dúirt Ó Drisceoil le Tuairisc.ie go raibh “an-chuid mítharlúintí” a chuir moill ar an togra agus a chruthaigh fadhbanna don Chomharchumann ó tosaíodh air beagnach trí bliana ó shin.

“Táimid níos mó ná dhá bhliain go leith ar an mbóthar leis seo. Is próiseas fíordheacair ar fad é, bhí an-chuid mítharlúintí agus míthuiscintí ann a chuir moill air agus a chruthaigh fadhbanna dúinn. Mar gheall air sin, d’fhág an t-infheisteoir níos mó ná bliain ó shin.

“Tháinig pobal an oileáin le chéile, seandaoine atá ar scor den chuid ba mhó, agus thug siad roinnt dá gcuid airgid féin atá i dtaisce acu chun an próiseas a choinneáil ar siúl. Tá airgead caite agus fiacha ar an gComharchumann agus caithfimid an rud ar fad a chur le chéile agus infheisteoirí nua a aimsiú, is sliabh mór millteach atá romhainn, ach tá an-mhuinín againn go gcuirfear an togra i gcrích sna míonna amach romhainn,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil na dúshláin chéanna roimh Oileán Chléire agus atá roimh gach oileán eile in Éirinn agus go bhfuil an pobal ag meath de réir a chéile.

“Níl sé chomh tapa is atá in áiteanna eile, ach tá sé soiléir ó thaobh próifíl aoise an phobail go bhfuil fadhb ann agus gur gá fostaíocht a chruthú agus cúrsaí eacnamaíochta a fhorbairt.

“Chuireamar togra réasúnta suntasach romhainn, is margadh nua atá ag fás agus ag forbairt ar fud na tíre é an fuisce Éireannach, ach níl sé in aon oileán eile go fóill. Táimid an-sásta gur branda iontach é Oileán Chléire agus go mbeadh an-éileamh ar a leithéid,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur céim chun cinn a bhí sa chead pleanála a fuarthas le deireanas ach go bhfuil “go leor rudaí le déanamh leis an togra a thabhairt ó chead pleanála go dtí an pointe a mbeadh infheisteoir sásta airgead a chur isteach ann”.

“Is gá na hacmhainní ar fad atá curtha le chéile ag an gComharchumann, na ceadúnais agus an suíomh agus araile, a bheith i gceart agus faoina smacht ag an gcomhlacht. Ní mór plean gnó a bheith curtha le chéile, foireann cheannais a bheith ainmnithe agus gach rud a bheith ullamh chun infheisteoir straitéiseach a aimsiú.

“Tá an-mhuinín againn go mbeidh an próiseas críochnaithe taobh istigh de chúpla mí. Tá plean leagtha amach againn, tuigimid cúrsaí go cruinn agus tá daoine maithe faighte ann. An phríomhcheist ná go bhfuil gá le €100,000 eile agus caithfimid féachaint conas a thiocfaimid ar an airgead sin. Tá obair nach beag le déanamh,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Drisceoil gur “gnó suntasach, inmharthana” a bheadh sa drioglann agus go bhfuil géarghá leis an 12 post a chruthófaí ann. Dúirt sé gur ionann an méid sin post in oileán chomh beag le hOileán Chléire agus cúpla míle post i gcathair mhór agus nach bhféadfaí togra mar é a chur ar fáil “gan fostaíocht eile a chruthú in earnálacha eile timpeall an oileáin” – an turasóireacht go háirithe.