Cead Pleanála á lorg d’óstán nua ceithre réalta ar an Spidéal

Tá an comhlacht Baile Éamoinn Teoranta ag lorg cead pleanála chun Óstán an Chuain, óstán 80 seomra a thógáil ar an mbaile i gConamara

Cead Pleanála á lorg d’óstán nua ceithre réalta ar an Spidéal

Tá cead pleanála a lorg chun óstán nua 80 seomra a thógáil ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara.

Is é an comhlacht Baile Éamoinn Teoranta atá ag lorg an chead pleanála chun óstán ceithre réalta, darbh ainm Óstán an Chuain, a thógáil ar shuíomh soir ó bhaile an Spidéil, in aice leis an gCeardlann agus díreach trasna ó Thrá na mBan.

Mar aon leis na seomraí codlata, tá sé i gceist go mbeadh seomra ócáidí mar chuid den ionad, chomh maith le háiseanna aclaíochta, folláine agus caitheamh aimsire.

Tá tacaíocht faighte ag an bhforbairt ó Údarás na Gaeltachta agus dúradh go gcuirfidh sé le tionscal turasóireachta an Spidéil. Táthar ag súil go bhfostófar suas le 80-100 sa bhforbairt agus tá sé ráite go dtabharfar tús áite do dhaoine le Gaeilge.

Tá súil ag Rónán Bairéad, atá i mbun na forbartha, gur áis thar a bheith tairbheach a bheidh sa bhforbairt do mhuintir an Spidéil agus do phobal Gaeltachta Chonamara, agus gur deis a bheidh ann imeachtaí móra a mhealladh chun na háite – leithéid Chomórtas Peile na Gaeltachta, chomh maith le ceolchoirmeacha agus féilte ar leith.

Tá sé deimhnithe ag Bairéad go raibh sé i mbun plé le hUisce Éireann, agus le tacaíocht mhuintir na háite, tá chuile shúil aige go mbeifear in ann an t-óstán nua a thógáil ag an am céanna leis an obair uasghrádaithe atá beartaithe ar an mbonneagar áitiúil.

Mar chuid den fhorbairt freisin beidh Mol Nuálaíochta Bia Ceardaí le tionscal sainiúil bia agus dí Chonamara a chothú. Cuirfear deiseanna agus acmhainní ar fáil chun na táirgí a chur chun cinn ar bhonn comhoibritheach chomh maith le hionad chun earraí na gceardaithe as an áit a chur os comhair an phobail. Ar chleachtais bhia, ghrúdaireachta agus driogtha a bheidh an bhéim agus táthar ag súil go dtacóidh an fhorbairt seo le branda Bia na Gaeltachta a fhorbairt agus an Spidéal a bhunú mar cheann scríbe turasóireachta bia.

Fág freagra ar 'Cead Pleanála á lorg d’óstán nua ceithre réalta ar an Spidéal'