Cead pleanála á lorg do bhusta Eoin Mhic Néill in Ó Méith

Ceadaíodh maoiniú do chraobh Ó Méith Chonradh na Gaeilge chun busta de bhunaitheoir na heagraíochta a choimisiúnú do chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca

Cead pleanála á lorg do bhusta Eoin Mhic Néill in Ó Méith

Tá cead pleanála á lorg le busta Eoin Mhic Néill, duine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge, a shocrú in Ó Méith, áit a raibh an Niallach ina Ard-Ollamh i gColáiste Bhríde.

Cheadaigh Comhairle Contae Lú maoiniú do Chraobh Ó Méith Chonradh na Gaeilge, faoin gclár comórtha Céad Bliain 1916, leis an mbusta a choimisiúnú agus ba í an t-ealaíontóir Ursula Klinger, arb as an nGearmáin ó dhúchas í, a rinne an saothar.

Taispeánadh an busta go poiblí den chéad uair an tseachtain seo caite i Leabharlann Chontae Lú agus táthar anois ag lorg cead pleanála lena chur “in áit oiriúnach” i sráidbhaile Ó Méith.

Ba cheantar Gaeltachta é Ó Méith, atá i bhfíorthuaisceart Lú, sa bhliain 1912 nuair a bunaíodh an coláiste. Ceapadh Ó Néill ina Ard-Ollamh ann an bhliain chéanna agus ba é a scríobh amhrán an choláiste ‘Is i nDroim Mhullach thall tá dream de ghlanchine Gael’.  Dúnadh an coláiste ansin sna 1920dí agus bogadh go Gaeltacht Rann na Feirste i dTír Chonaill é, áit a bhfuil sé fós.

Mhair an Ghaeilge mar theanga phobail níos faide in Ó Méith ná mar a mhair sí in aon cheantar eile i gCúige Laighean agus ba mhinic le scoláirí móra na teanga cuairt a thabhairt ar an gceantar le linn ré na hAthbheochana.

Rugadh Eoin Mac Néill i gContae Aontroma i 1867. Fostaíodh ina chléireach sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath é in 1887. Bhunaigh sé Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893 agus Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1913.

Cé nár ghlac sé aon pháirt in Éirí Amach na Cásca 1916, gearradh pianbhreith saoil air agus chaith sé tréimhsí in Dartmoor agus Lewes sular scaoileadh saor é i Meitheamh 1917.

Toghadh ina Aire Airgeadais sa Chéad Dáil é agus bhí sé ina Cheann Comhairle sa Dara Dáil. Bhí sé ina Theachta Dála arís ó 1923 go 1927 agus ba é a bhí ina ionadaí thar ceann na Dála ar Choimisiún na Teorann i 1924.

Bhí sé ina chathaoirleach ar Choimisiún na Lámhscríbhninní ó 1928 go 1945. Fuair sé bás ar an 15 Deireadh Fómhair an bhliain sin.