Cead pleanála á lorg ag Uisce Éireann do chóras nua do Ghaeltacht na Rinne

Tá muintir na Gaeltachta faoi láthair ag brath ar Scéim Uisce na Rinne/Heilbhic agus tá fógra fiuchta uisce i bhfeidhm sa cheantar

Cead pleanála á lorg ag Uisce Éireann do chóras nua do Ghaeltacht na Rinne

Tá cead pleanála á lorg ag Uisce Éireann i gContae Phort Láirge le córas uisce nua a thógáil, ar chostas €7m, chun uisce a sholáthar ó Dhún Garbhán go dtí Rinn Ó gCuanach agus Heilbhic i nGaeltacht na nDéise.

Tá cead á lorg ag an gcomhlacht stáisiún pumpála, dhá thaiscumar uisce agus foirgneamh rialaithe, chomh maith leis an infreastruchtúr a theastódh ón ionad, a thógáil i nGort na Daibhce Uachtarach.

Sa chás go n-éireodh leis an iarratas, leagfaí tuairim is 16km de phíopaí le huisce a sholáthar do bhreis is 1,500 duine sa cheantar. Tá muintir na Gaeltachta faoi láthair ag brath ar Scéim Uisce na Rinne/Heilbhic, a tharraingíonn uisce ó shruthán ag Radharc na Mara.

Tá fógra fiuchta uisce i bhfeidhm sa cheantar agus tugadh rabhadh do na daoine i 350 teach an t-uisce a fhiuchadh ar dtús sula n-ólfaidís é. Tugadh an rabhadh sin i mí Iúil agus meastar go mbeidh sé i bhfeidhm as seo go ceann ceithre seachtaine eile.

Tugadh an fógra fiuchta uisce i ndiaidh próiseas comhairliúcháin le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte mar go raibh baol ann gur chuir an próiseas díghalraithe isteach ar an soláthar uisce.

Dúirt Uisce Éireann go gcuirfidh an córas nua uisce feabhas ar chaighdeán an uisce agus ar shábháilteacht na foinse, agus go mbainfear an córas de liosta an EPA de thoradh na hoibre.

Táthar ag súil go dtosófar ar an obair go luath an bhliain seo chugainn agus go gcuirfear an obair i gcrích an bhliain ina dhiaidh sin.

Táthar ag súil le cinneadh faoin iarratas pleanála an 13 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Cead pleanála á lorg ag Uisce Éireann do chóras nua do Ghaeltacht na Rinne'