Cead faighte post Stiúrthóir na Gaeilge a líonadh

Beidh an té a cheapfar mar Stiúrthóir na Gaeilge ar an státseirbhíseach is sinsearaí sa Stát atá ag plé go buan le cúrsaí teanga

Cead faighte post Stiúrthóir na Gaeilge a líonadh

Rionn6

Tá cead faighte ag Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, post Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta a líonadh.

Ba í mí Dheireadh Fómhair a chéadtuairiscíodh go raibh Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Máire Killoran, ag éirí as a cúram chun tabhairt faoi phost i Lucsamburg mar Stiúrthóir ar an Ionad Aistriúcháin do Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh.

I mí na Bealtaine, dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur comhartha ‘drochmheasa’ ar an nGaeilge é go raibh post nua mar cheannasaí ar ghnóthaí tuaithe fógartha cheana féin ag an Roinn chéanna ina raibh folúntas do Stiúrthóir na Gaeilge inti le nach mór sé mhí.

Bhí amhras ann ó d’éirigh Killoran as cé acu an líonfaí nó nach líonfaí an folúntas, ach d’fhógair Aire na Gaeltachta Seán Kyne tráthnóna go raibh cead faighte ar deireadh ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an post a líonadh. Beidh an té a cheapfar mar  Stiúrthóir na Gaeilge ar an státseirbhíseach is sinsearaí sa Stát atá ag plé go buan le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

“Is post sinsearach sa Státseirbhís é post Stiúrthóir na Gaeilge. Le poist ag an leibhéal sinsearach sin a líonadh is gá cead a fháil ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe – cead atá faighte agam anois agus tá mo Roinn ag déanamh socruithe láithreach leis an bpost a líonadh chomh luath agus is féidir,” a dúirt Kyne.

Beidh Stiúrthóir na Gaeilge freagrach as Rannán Gaeltachta na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus beidh an Stiúrthóir nua ina bhall de Bhord Bainistíochta na Roinne. Dúradh go mbeadh an Stiúrthóir ag obair “go dlúth” chomh maith le Foras na Gaeilge.