Cead faighte ag cainteoir óg Gáidhlig fanacht i nGàidhealtachd na hAlban

Bhí Lachlan Brain (7) i mbaol a dhíbeartha, in éineacht lena mhuintir, ó Inbhir Pheofharain i nGàidhealtachd na hAlban níos túisce i mbliana

Lachlan Brain

Tá cead faighte ag muintir Brain, a bhí i mbaol a ndíbeartha ó Ghàidhealtachd na hAlban, fanacht in Albain ar feadh bliana eile. Tá an teaghlach, arb as an Astráil iad ó dhúchas, ag cur fúthu le cúig bliana in Inbhir Pheofharain.

Is cainteoir Gáidhlig é Lachlan Brain (7), mac Kathryn agus Gregg. Tháinig muintir Brain go hAlbain den chéad uair sa bhliain 2001 ar saoire. D’fhill siad ar feadh cúpla seachtain ceithre bliana ina dhiaidh sin agus chaith siad na blianta idir 2005 agus 2011 ag socrú víosaí agus i mbun iarrachta iad féin a lonnú ansin.

Ar deireadh thiar, ba ar víosa mic léinn a tháinig siad – rinne Kathryn staidéar ar stair na hAlban agus ar an tseandálaíocht – mar chuid den chlár The Highland Homecoming Programme.

Bhí súil ag Kathryn a víosa mic léinn a aistriú go víosa oibre i ndiaidh a céime. Chaith rialtas na Ríochta Aontaithe an scéim i dtraipisí, áfach, i ndiaidh do mhuintir Brain teacht go hAlbain.

Fuair Gregg agus Kathryn Brain ríomhphost trí leathanach ó Oifig Gnóthaí Baile na Ríochta Aontaithe an mhí seo caite ina ndúradh nach mbeadh cead ag an lánúin agus a mac óg fanacht sa tír níos mó agus go raibh súil ag an oifig go bhfágfaidís an tír dá ndeoin féin.

Fógraíodh inniu, áfach, gur bronnadh víosa ‘Céim 2’ ar Kathryn Brain mar gheall ar an bpost a tairgeadh di leis an gcomhlacht Macdonald Hotels and Resorts.

Dúirt an lánúin leis an nuachtán The National gur “bua” a bhí san fhógra sin, ach go bhfuil na céadta eile sa chás céanna leo i láthair na huaire.

“Is fíor go raibh fíormhí-ádh orainn, agus gur fágadh ar an trá fholamh muid mar gheall ar athrú aisghníomhach ar na rialacha a d’fhág i ladhar lucht maorlathais muid.

“Bhí an t-ádh orainn go raibh cairde maithe againn agus pobal maith timpeall orainn a thug tacaíocht dúinn, agus cúnamh na bhFeisirí Parlaiminte a d’fhan linn i gcaitheamh an ama, agus fostóir a bhfuil a leithéid d’ionracas agus muinín ag baint leis agus atá le Mr Macdonald,” a dúirt sí.

Dúirt an Feisire Parlaiminte Iain Blackford, a labhair go minic faoin gcás i Westminster, i ngiolc a sheol sé gur “bua” do mhuintir Brain a bhí ann agus go bhfuil sé “fíorshásta” a rá go “raibh ciall tagtha don Oifig Gnóthaí Baile”.

Dúirt urlabhraí de chuid na hOifige Gnóthaí Baile go raibh an oifig “thar a bheith soiléir” faoin scéal ó thús agus go ndúradh riamh go ndéanfaí athmhachnamh faoi chás mhuintir Brain sa chás go dtairgfí “obair oiriúnach” do Kathryn Brain.

Fág freagra ar 'Cead faighte ag cainteoir óg Gáidhlig fanacht i nGàidhealtachd na hAlban'