CEAD CAINTE: Cad a bhí le rá ag léitheoirí Tuairisc.ie an tseachtain seo?

Sa cholún nua seo tugtar blaiseadh de thráchtaireacht léitheoirí Tuairisc.ie ar an suíomh féin agus ar na meáin shóisialta

CEAD CAINTE: Cad a bhí le rá ag léitheoirí Tuairisc.ie an tseachtain seo?

Ba é an scéal is mó a léadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo ná an scéal faoi ráiteas Sheosaimh Mhic Dhonnacha faoi bheith ag tógáil gasúr le Gaeilge sa Ghaeltacht.

Dúirt an sochtheangeolaí go mbeadh “drogall” air a mholadh d’aon duine “clann a thógáil le Gaeilge” agus go mb’fhéidir go mbeadh sé níos “simplí” agus níos “fearr” Béarla a labhairt le gasúir na Gaeltachta. Dar le Mac Donnacha go bhfuil sé mímhacánta agus mímhorálta ag an Stát a bheith ag iarraidh ar thuismitheoirí Gaeltachta páistí a thógáil le Gaeilge gan an tacaíocht chuí a chur ar fáil dóibh.

Spreag a chuid tuairimí go leor cainte i measc léitheoirí Tuairisc.ie.

“Cad is fiú lagmhisneach a scaipeadh?” a d’fhiafraigh Dáithí Mac Cárthaigh.

‘Cad is fiú a bheith réalaíoch?’ arsa an Rógaire mar fhreagra ar an méid sin.

“An féidir do shaol a chaitheamh gan dul i muinín an Bhéarla gach lá? Munar féidir nach teanga shóisialta amháin í an Ghaeilge?”

Ba mhaith ann an díospóireacht, dar le Una Bxl.

“Is fiú an cheist a phlé agus iarracht a dhéanamh dul i ngleic leis na deacrachtaí atá ann. Níl sé éasca clann a thógáil le Gaeilge. Tá sé ag dul dian orm féin agus níl a fhios agam an bhfuil ag éirí liom ach ní hin le rá nach fiú é a thriail. Beidh Béarla acu ar chaoi ar bith. C’mon, a Josie!”

Caithfidh cur chuige nua a bheith ann agus ‘Waterloo na Gaeltachta’ ag bagairt orainn, dar le TG-Lurgan.

“Ní bhíonn an fhírinne i gcónaí searbh – ach faraor, tá sí thar a bheith searbh sa gcás seo… Seo’d anois í am an ghátair – an Alamo, Thermopylae, Waterloo na Gaeltachta. An féidir borradh a chur aríst fúithi mar theanga chaidrimh na n-óg? Cinnte is féidir, ach ní trí bheith ag leanacht go dall agus go humhal na gcur chuigí is cúis leis an staid ina bhfuil muid.”

Spreag an díospóireacht ceist agus freagra ó Sheán Mag Leannáin.

“Fiú más fíor é go bhfuil a rás rite ag an teanga sa Ghaeltacht an gciallaíonn sin go bhfuil an Ghaeilge marbh? Tá a fhios agam gurb í an ghnáth-thuiscint nach féidir le teanga maireachtáil gan ‘comhthionól fuinniúil fuinte’ (nó local organic community) mar thobar chun tarraingt as ach n’fheadar an fíor sin i gcónaí i ré seo an idirlín agus an phictiúir bheo.

“B’fhéidir go bhfuil nádúr na cumarsáide féin ag athrú agus an focal scríofa in éindigh leis an íomhá bheo ag fáil an lámh in uachtar ar an bhfocal labhartha. Is cinnte go bhfuil an ceart ag na saineolaithe seo bheith amhrasach ‘an raibh sé “indéanta” sa lá atá inniu gasúr a thógáil sa Ghaeltacht sa chaoi go mbeadh “caighdeán [Gaeilge] an chainteora dúchais” aige”. Is ródhócha go bhfuil an ‘chaint thíriúil, chréúil, chraicneach’ a ndearna an Cadhnach tagairt di curtha i gcré na cille leis anois ach fós féin b’fhéidir go maireann an teanga i gcónaí agus go mairfidh sí i gcruth nua do ré nua.”

Bhí Bí Réalaíoch in amhras faoin méid sin.

“Ach, a Sheáin, ab í an Ghaeilge í nuair atá daoine ag rá abairtí mar ‘tá mé ag déanamh é’ nó, ‘tá mé fear’?”

Chaithfí deireadh a chur leis an gcur i gcéill maidir le teorainneacha na Gaeltachta agus díriú ar na ceantair ina bhfuil an Ghaeilge fós in uachtar mar theanga phobail, a dúirt Donncha Ó hÉallaithe.

“Sna ceantair sin (thart ar an gceathrú cuid den Ghaeltacht oifigiúil, tá mé ag déanamh amach) níl a rás rite fós ag an nGaeilge, in ainneoin gach rud,” a dúirt sé.

Bhí file in amhras faoi chuid áirithe d’argóint Mhic Dhonnacha.

“Tá aithne agam ar Bhéarlóirí nach bhfuil a gcuid Béarla thar mholadh beirte, ach is cainteoirí dúchais go fóill iad.”

Níor aontaigh Mananabhair leo siúd a mhaígh gur ‘lagmhisneach’ an toradh a bheadh ar chaint Mhic Dhonnacha.

“Lagmhisneach ar Josie agus ar Chonchúr? Nach iadsan a rinne na moltaí is mó agus is praicticiúla go nuige seo chun leigheas a fháil ar an scéal? Gan dabht, tá i bhfad níos mó le rá acu ná ‘ b’fhéidir go mairfidh an teanga i gcónaí agus go mairfidh sí i gcruth nua do ré nua’.”

Bhí Liam Ó Mainnín “tinn tuirseach den lagmhisneach a chloistear go minic faoin nGaeilge”. Chuaigh an sochtheangeolaí “thar fóir ar fad”, dar leis.

“Dúinne atá dílis don teanga agus í ar ár dtoil againne nach gcaithfimid ar a laghad ár misneach a choimeád agus cloí go daingean lenár gcreidimh agus ár n-iarrachtaí? Níl mise i mo chónaí sa Ghaeltacht ach táim ag tógáil beirt ghasúr le Gaeilge agus táim muiníneach nach gcaillfidh mé ná iad ár misneach go luath, in ainneoin lagmhisneach na saineolaithe.”

Ba é an port céanna é ag Osgar Ó Ciardha ar Twitter, agus ceann is fearr faighte aige ar an lagmhisneach sa deireadh.

Ar deireadh thiar, ba é an moladh a bhí ag Cathal Peelo sa díospóireacht ar facebook faoin scéal, ná gur mhaith ab fhiú cluas éisteachta a thabhairt don saineolaí.

Fear eile ar spreag a chuid cainte go leor tráchtanna an tseachtain seo ná Aodhán Ó Ríordáin, an Seanadóir a luaigh an Taliban le lucht “ardnósach” na Gaeilge. Níor ghlac Dennis King leis an ‘ardnósach’ sin mar mhasla.

“Murab ionann agus an Seanadóir Ó Ríordáin bhí údarás de shaghas éigin ag an Taliban, go ndéana Dia trócaire orthu,” arsa Feardorcha.

Ar Aifreann Polannach an Domhnaigh a bhí Pól Ó Muirí an tseachtain seo agus cuireadh go leor spéise ina thuairisc ón séipéal.

“Alt fíorshuimiúil. Táid ann a deir go gcloíonn na Polannaigh lena dteanga toisc go bhfuil ar intinn acu filleadh ar an bPolainn nuair is acmhainn dóibh. N’fheadar.

“Bhíos ag caint le beirt as an bPolainn uair agus níor thuig siad an leatrom atá á dhéanamh ar an nGaeilge anseo. Shíl siad go mba chóir dúinn bheith bródúil as ár dteanga agus as an gcultúr.

Easpa féinmhuiníne a thugann orainn sodar i ndiaidh na n-uasal i gcónaí,” a dúirt Seán Ó Riain.

Chuir ár léitheoirí suim chomh maith sa tseift a mhol Alex Hijmans dóibh siúd atá ag iarraidh go seasfaí an fód i gcoinne Donald Trump.

“Maith thú, Alex. Chuir tú díospóireacht ar siúl sa mheán/timpeallacht ina bhfuil tú (rud nach raibh ann) – sin buille suntasach i gcoinne an T. Cé gur fadhb é an T féin, is comhartha d’fhadhb níos measa é, rud atá le nochtadh trí dhíospóireacht,” a dúirt Derry.

Dá mbeadh Gaeilge ag Donald Trump, cén leabhar a bhronnfá air? ba theideal d’alt eile a foilsíodh an tseachtain seo, agus bhí a mholadh féin ag Shane Hennessy ar Twitter.

Bhí lucht an Pop Up Gaeltacht i mBaile Átha Cliath faoi chaibidil ar Ar Son na Cúise an tseachtain seo, agus thug siad freagra pras ar an scéal ar Twitter.